Aighneachtaí chuig an Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail ar fáil anois.
Soláthróidh an plean seo, atá á fhorbairt faoi choimirce an Choiste úrbhunaithe um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ), creat straitéiseach 6 bliana i dtaca le gníomhaíochtaí san am atá romhainn agus i dtaca le sruthanna ábhartha maonithe ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasteorann agus Eorpach.
Seo a leanas cuid de na tosaíochtaí atá aontaithe le bheith mar chuid de scóip an phlean, cé nach bhfuil gach gné luaite anseo:
Dún na nGall a fhorbairt mar phríomh-réigiún don Gheilleagar GhlasForbairt Fiontraíochta agus Scileanna a chur chun cinn sa réigiúnBranda Dhún na nGall a fhorbairt sna hearnálacha uiligAn Rochtain is fearr ar Sheirbhísí a chinntiú don phobal i nDún na nGallAcmhainní Nádúrtha agus Turasóireachta an réigiúin a fhorbairtAcmhainní Cultúrtha agus Geilleagar Cruthaitheach an chontae a fhorbairt go hiomlánTacú le Forbairt Phobail i nDún na nGall agus é a chur chun cinn.
Agus an plean seo á ullmhú, iarradh aighneachtaí ó dhaoine aonair, ó ghnólachtaí agus ó choistí pobail sa chontae agus tá tuairisc chomhtháite ar na haighneachtaí a fuarthas i dtaca leis an Phlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail fá choinne Chontae Dhún na nGall ar fáil anois. Tá Aguisín leis an Tuairisc ar fáil fosta, ina leagtar amach na sonraí a fuarthas leis na haighneachtaí éagsúla.