Page 28 - Donegal CC An Rpt 19
P. 28

                                 Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Tugadh cabhair do 61 teaghlach trí chóiríocht nó cúnamh sealadach nó éigeandála a sholáthar i dteannta le gníomhaireachtaí áitiúla reachtúla nó deonacha eile lena n-áirítear Brú Naomh Colm Cille i Leitir Ceanainn.
Tá Comhaontú Leibhéal Seirbhíse do Thacaíocht Tionóntachta & Seirbhísí Cothabhála bunaithe le Clann Shíomóin na Gaillimhe. Is é an cuspóir foriomlán seirbhís athlonnaithe a sholáthar do dhaoine a bhfuil cóiríocht éigeandála nó ghearrthéarmach á bhfágáil acu, agus tacú le teaghlaigh atá i mbaol easpa dídine, agus cabhrú leo cóiríocht a shealbhú (nó leanúint le cóiríocht a shealbhú) agus dul ó a bheith gan dídean nó a d’fhéadfadh
a bheith gan dídean go dtí tairbhe
a bhaint as modh maireachtála inbhuanaithe neamhspleách. Ní bheidh dúbailt, ionadú nó forluí seirbhísí ábhartha eile mar thoradh ar an tSeirbhís seo, ach cabhrófar le seirbhísí den chineál seo a rochtain.
De réir mar a d’iarr an Roinn Dlí
agus Cirt agus Comhionannais, ghníomhaigh an Chomhairle mar phríomhghníomhaireacht chun
tacú le hathlonnú Dhídeanaithe an Chláir i nDún na nGall. Oibríonn
Clár Cosanta Dídeanaithe Éireann (IRPP) na Roinne trí Údaráis Áitiúla agus gníomhaireachtaí áitiúla chun imeascadh agus athlonnú dídeanaithe a éascú. Tá an Clár Athlonnaithe dírithe ar agus á mhonatóiriú ag Grúpa Oibre Athlonnaithe Idirghníomhaireachta Dhún na nGall ar a bhfuil ionadaithe ó ghníomhaireachtaí reachtúla, pobail agus deonacha. Tá fáilte curtha roimh 223 duine agus tá áit chónaithe curtha ar fáil dóibh i nDún na nGall faoin gClár.
Deontais Tithíochta
Tá trí scéim deontais á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall
atá á maoiniú i bpáirt ag an Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil (80%) agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall (20%). Is é an aidhm atá leis na scéimeanna seo cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas agus le daoine scothaosta maireachtáil ar bhealach níos compordaí nó go neamhspleách ina dtithe féin. Íocadh €1,568,015
i bhfoirm deontas i ndáil le 297 áit chónaithe.
Cigireacht ar áiteanna cónaithe príobháideacha ar cíos
Leanadh le clár cigireachta na n-áiteanna cónaithe príobháideacha ar cíos i mbliana chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na ceanglais reachtúla do chóiríocht ar cíos de réir mar atá sonraithe i Rialacháin na dTithe (Caighdeáin
le haghaidh Tithe ar Cíos), 2019. Sonraítear sna rialacháin seo na híoschaighdeáin nach mór d’aonaid tithíochta ar cíos a chomhlíonadh. Rinneadh 1,409 cigireacht i rith na bliana ar 924 áitreabh, agus tá obair leantach ar bun ag an gComhairle
le tiarnaí talún agus é mar aidhm obair feabhsúcháin a chur i gcrích in áiteanna cónaithe príobháideacha
ar cíos de réir mar a cheanglaítear faoi na rialacháin. Eisíodh litreacha comhlíontachta d’úinéirí áitribh i ndáil le 320 áitreabh a chomhlíon an caighdeán riachtanach.

















































































   26   27   28   29   30