Page 29 - Donegal CC An Rpt 19
P. 29

                                 Caipiteal Tithíochta |Infreastruchtúr fisiciúil, sóisialta, geilleagrach, timpeallachta, pobail agus cultúrtha a bhainistiú, a chothabháil agus a fhorbairt
I rith 2019, lean Comhairle Contae Dhún na nGall le dlús a chur le dearadh agus soláthar tithíochta sóisialta ar fud an chontae. Agus obair á déanamh chun cuspóirí agus spriocanna Atógáil Éireann
a chomhlíonadh, rinne an Chomhairle dul chun cinn suntasach
trí úsáid a bhaint as roinnt cur chuige difriúil chun tithíocht ar ardchaighdeán agus inbhuanaithe a chur ar fáil do dhaoine aonair agus dá dteaghlaigh.
In 2019 bhí an figiúr foriomlán le haghaidh aonad críochnaithe cothrom le 122 aonad tithíochta sóisialta curtha ar fáil sa chúig Cheantar Bhardasacha. Ina theannta sin, bhí 114 aonad eile
tugtha chomh fada leis an gcéim tógála ag an gComhairle agus
bhí tús curtha le sealbhú 20 teach aonair eile. Lean an fhoireann Ailtireachta leis an obair a bhain le dearadh scéimeanna tithíochta sóisialta i mBealach Féich, Leifear, Ráth Bhoth, Dún Fionnachaidh, Bun Cranncha, Baile Dhún na nGall, Bun Dobhráin, Leitir Ceanainn agus Carraig Airt. Ag croílár dhearadh na mbailte seo tá na tionóntaí a bheidh ina gcónaí iontu. Tá gach aonad deartha ar bhealach a chinntíonn go bhfuil siad an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de le costais ísle reatha, agus tá riachtanais agus ceanglais shonracha tionóntaí á gcomhlíonadh áit ar gá agus tá sonraíochtaí agus caighdeáin na n-aonad ard de réir na rialachán tógála reatha.
As an 122 aonad a cuireadh ar fáil in 2019, sealbhaíodh 63 aonad faoin gClár Sealbhaithe Tithe. Cumasaíonn an Clár Sealbhaithe Tithe tithíocht shóisialta a sholáthar ar bhealach éifeachtach agus tráthúil chun freastal ar riachtanais iarrthóirí tithíochta agus a dteaghlaigh ar fud an chontae. Rinneadh infheistíocht de thart ar €8.5m sa stoc tithíochta sóisialta faoin gClár seo in 2019.
In 2019 chomh maith cuireadh roinnt aonad tithíochta sóisialta eile i gcrích faoin bpróiseas reatha sealbhaithe tithe lándéanta. Cuireadh 42 aonad ar fad i gcrích in 2019, obair a sholáthair áiteanna cónaithe ‘A-rátáilte’ sna bailte seo a leanas - Leitir Ceanainn, An Fál Carrach, Dún Fionnachaidh agus An Baile Nua. Táthar fós ag leanúint leis
an bpróiseas seo agus tá fianaise á soláthar ar thiomantas na Comhairle a cuid oibleagáidí agus spriocanna tithíochta sóisialta a chomhlíonadh fad is atá forbairt gheilleagrach á spreagadh ag leibhéal áitiúil. Tá an fhoireann Caipiteal Tithíochta ag obair i ndlúthpháirt leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil chun dlús a chur le sealbhuithe tithe lándéanta.
Faoi Chlár Tógála Tithíochta na Comhairle, cuireadh 17 dteach shóisialta eile i gcrích in Na Cealla Beaga agus Málainn.
Leathanach 27























































































   27   28   29   30   31