Page 27 - Donegal CC An Rpt 19
P. 27

                                Úsáid tháirgiúil a bhaint as áitribh fholmha arís
Chaith an Chomhairle breis is €2.6 milliún ar oibreacha lena chinntiú go raibh úsáid tháirgiúil á baint as 149 áitreabh folamh arís. Áiríodh anseo cúnamh maoinithe
de €0.581 milliún ón Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil faoi Chlár na dTithe Folmha agus Clár na dTithe Folmha Tréigthe Fadtéarmacha.
Oibreacha agus síntí oiriúnaithe aonuaire
Chaith an Chomhairle breis is €0.6m ar oibreacha oiriúnaithe beaga i 74 aonad agus síntí a chur le 5 aonad dá stoc tithíochta sóisialta. I bhformhór na gcásanna, rinneadh na hoibreacha do thionóntaí ag
a raibh riachtanais soghluaisteachta agus míchumais.
Oibreacha sonracha athchóirithe/feabhais
Chomh maith leis sin, caitheadh breis is €0.6m ar oibreacha sonracha feabhais / athchóirithe, in eastáit ar fud an chontae.
Cruthaíodh 259 tionóntacht nua údaráis áitiúil i rith na bliana. Lena chois sin, bhí 1,805 tionóntacht bunaithe faoin Scéim um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta ag deireadh na bliana agus freastalaíodh ar 236 teaghlach eile faoin Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC.
Bainistíocht Eastáit
Tá cúigear Oifigeach Measúnaithe Tithíochta / Idirchaidrimh Tionóntaí ceaptha ag
an gComhairle le díriú ar Bhainistíocht Eastáit agus cuireadh €52,750 ar fáil do thionscnaimh bainistíochta eastáit.
Scéim Cúnaimh Caipitil
Lean an Chomhairle lena rannpháirtíocht
le hEarnáil na gComhlachtaí Tithíochta Faofa agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun cóiríocht a sholáthar faoin gclár seo chun freastal ar riachtanais daoine scothaosta agus daoine ag a bhfuil riachtanais speisialta agus tá an clár spriocdhírithe go sonrach chun freastal
ar chóiríocht do riachtanais speisialta áit nach bhfuil na foirmeacha traidisiúnta de
thacaíochtaí tithíochta sóisialta atá ar fáil oiriúnach.
Clár Léasaithe Shóisialta
Faoin gClár Léasaithe Shóisialta, is féidir áitribh oiriúnacha a léasú don údarás áitiúil le haghaidh tréimhse deich mbliana. Tá 170 aonad léasaithe faoin gclár seo go dtí seo.
Chomh maith leis sin, tá an Chomhairle ag obair le hEarnáil na gComhlachtaí Tithíochta Faofa chun aonaid léasaithe a sholáthar faoin tSaoráid Réamhléasaithe Chaipitil (CALF)/Scéim Comhaontaithe Íocaíochta & Infhaighteachta agus soláthraíodh 25 aonad faoi na scéimeanna seo, rud a chiallaíonn
go bhfuil an líon iomlán aonad léasaithe ag Earnáil na gComhlachtaí Tithíochta Faofa cothrom le 155 aonad.
Cóiríocht don Lucht Siúil
Ghlac comhaltaí Chomhairle Contae Dhún na nGall le Clár Cóiríochta don Lucht Siúil 2019 - 2024 ar an 30 Meán Fómhair 2019 agus
i rith na chéad bliana den Chlár, cuireadh cuspóirí suntasacha cóiríochta i gcrích agus sáraíodh spriocanna a bhaineann le soláthar beart tithíochta sóisialta do phobal an Lucht Siúil i nDún na nGall. Táthar ag leanúint le cláir athchóirithe agus le réitigh mhalartacha cóiríochta ar láithreáin stad in An tOileán Mór, Mainéar Uí Chuinneagáin & Baile an tSratha. Tá sé beartaithe tabhairt faoi
roinnt tionscadal beag cóiríochta i mbliana sa chás go bhfuil riachtanas éigeandála sainaitheanta. Freastalaíodh ar riachtanais chóiríochta 22 teaghlach den Lucht Siúil in 2019.
Tacaíochtaí do Dhaoine gan Dídean
Buaileann Foireann Gníomhaíochta Daoine gan Dídean, foireann idirghníomhaireachta, le chéile go rialta lena chinntiú go bhfuil na pleananna tacaíochta oiriúnacha bunaithe do dhaoine atá gan dídean nó i mbaol easpa dídine.
Leathanach 25







































































   25   26   27   28   29