Page 26 - Donegal CC An Rpt 19
P. 26

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Seirbhísí Tithíochta
Seirbhísí agus tacaíochtaí inrochtana, éifeachtúla agus dea-luacha
Is é an aidhm fhoriomlán atá lenár mbeartas tithíochta gach teaghlach a chumasú chun áit chónaithe inacmhainne ar ardchaighdeán a bheith acu, atá oiriúnach dá riachtanais, i dtimpeallacht dheas agus, a mhéid agus is féidir, le tionacht dá rogha.
Áiríodh i measc na gcineálacha cúnaimh tithíochta a cuireadh ar fáil i rith na bliana meascán de thionóntachtaí a leithdháileadh faoin gClár Tithíochta Sóisialta (Foirgneamh Nua, Lándéanta, agus Éadálacha), an Clár Léasaithe Tithíocht Shóisialta, agus an Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC) agus aistrithe agus faomhadh tacaíochtaí tríd an Scéim um Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP). Chomh maith leis sin, cuireadh cúnamh ar fáil i gcomhar le Comhlachtaí Tithíochta Faofa.
Lean an Chomhairle le tionóntachtaí agus áiteanna cónaithe a bhainistiú agus a chothabháil agus le tacaíocht a sholáthar dá tionóntaí lena n-áirítear athchóiriú agus uasghrádú áiteanna cónaithe agus eastát trí raon tionscnamh agus clár.
Cuireadh cúnamh deontais ar fáil do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas faoi Scéim Deontais um Oiriúnú Tithe, Scéim Deontais na nÁiseanna Soghluaisteachta agus an Scéim Deontais um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta. Leanadh le roghanna Iasachta Tithíochta a sholáthar do cheannaitheoirí céaduaire faoi Scéim Deontais Atógáil Éireann.
Riachtanas tithíochta
Sainaithníodh sa Mheasúnú ar Riachtanas Tithíochta a rinneadh ar an 24 Meitheamh, 2019 go raibh 2,488 teaghlach faofa chun Tacaíocht Tithíochta Sóisialta a fháil i gCo. Dhún na nGall. Bhí tacaíocht tithíochta sóisialta á fáil ag 1,561 acu seo cheana féin, agus bhí aistrithe á lorg acu ó thithe reatha de chuid na Comhairle nó ó thionóntachtaí HAP. Dá réir sin, ba é an glanriachtanas a bhí sa Chontae 927.
Tá an Chomhairle ag leanúint le hiarrachtaí a dhéanamh freastal ar riachtanais iarratasóirí trí úsáid a bhaint as meascán de stoc reatha nó nua tithíochta sóisialta a leithdháileadh, áitribh léasaithe, cóiríocht sealbhaithe faoi SCC agus HAP, mar aon le cóiríocht curtha ar fáil i gcomhar le Comhlachtaí Tithíochta Faofa.
Stoc Tithíochta/Tionóntachtaí
Ag deireadh 2019, bhí an Chomhairle freagrach as breis is 5,000 teach. Caitheadh breis is €6.7 milliún ar an stoc agus eastáit a chothabháil agus a fheabhsú i rith na bliana. Sa bhreis ar an ghnáthchothabháil agus deisiú, áiríodh sa chaiteachas seo cabhrú chun úsáid tháirgiúil a bhaint as áitribh fholmha arís, mar aon le cláir chothabhála pleanáilte éagsúla cosúil leis an gclár péinteála, an clár éifeachtúlachta fuinnimh, agus oibreacha sonracha feabhsúcháin agus athchóirithe eile.
Briseadh síos ar an stoc tithíochta
Thug an Chomhairle faoi obair feabhsúcháin ar an stoc Tithíochta Sóisialta faoi roinnt clár in 2019 mar atá sonraithe thíos:
Clár uasghrádaithe creatlaí
Tá obair feabhsúcháin déanta ar bhreis is 2,519 aonad anois faoin gclár seo, a bhfuil
sé mar aidhm leis éifeachtúlacht fuinnimh áiteanna cónaithe a fheabhsú. Táthar ag leanúint leis an obair seo, agus bhí 462 aonad críochnaithe in 2019. Tá sé beartaithe Céim 1 (Oibreacha inslithe) a chríochnú i rith 2020. Go dtí seo, tá breis is €4.3 milliún caite faoin gClár seo.
 Aonaid faoi úinéireacht Údaráis Áitiúil
 4,856
 Aonaid atá Léasaithe go Fadtéarmach (Príobháideach)
170
 Iomlán
  5,026
  











































































   24   25   26   27   28