Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Pleananna Forbartha (Contae agus Bailte)

Athrú Uimh. 1 Meitheamh 2013 ar Phlean Forbartha Bhun Cranncha agus na gCeantar Máguaird 2008-2014

Ag cruinnithe de chuid Chomhairle Baile Bhun Cranncha ar an 12 Meitheamh 2013 agus Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 24 Meitheamh 2013, shocraigh Comhairle Baile Bhun Cranncha agus Comhairle Contae Dhún na nGall ar Athrú Uimh. 1 (Meitheamh 2013) a dhéanamh ar Phlean Forbartha Bhun Cranncha agus na gCeantar Máguaird 2008-2014 le mionathruithe nach meastar a bheith ábhartha. Is é is cúis leis an Athrú ná Croí-Straitéis fianaise-bhunaithe a thabhairt isteach sa Phlean, de réir mar is riachtanach faoin Acht Pleanála agus Forbartha (Leasú) 2010, lena léiriú go bhfuil na cuspóirí forbartha sa phlean forbartha, a oiread is praiticiúil, i gcomhréir le cuspóirí forbartha náisiúnta agus réigiúnacha atá leagtha amach sa Straitéis Spáis Náisiúnta agus sna Treoracha um Phleanáil Réigiúnach. Lena chois sin, forálann an tAthrú do roinnt leasuithe eile i dtaca le baol tuilte agus caighdeáin theicniúla.

Cliceáil ar na naisc thíos leis an athrú a fheiceáil, a thagann i bhfeidhm ón 24 Meitheamh 2013.

  • Athrú Uimh. 1 (Meitheamh 2013) ar Phlean Forbartha Bhun Cranncha agus na gCeantar Máguaird 2008 - 2014
  • Plean Forbartha Bhun Cranncha agus na gCeantar Maguaird - Léarscáil Chriosaithe (3.1MB)
  • Cinneadh i dtaca leis an Ghá le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta
  • Cinneadh i dtaca leis an Ghá le Measúnú Iomchuí‌‌

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO