Ag cruinnithe de chuid Chomhairle Baile Bhun Dobhráin ar an 18 Meitheamh 2013 agus Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 24 Meitheamh 2013, shocraigh Comhairle Baile Bhun Dobhráin agus Comhairle Contae Dhún na nGall ar Athrú Uimh. 1 (Meitheamh 2013) a dhéanamh ar Phlean Forbartha Bhun Dobhráin agus na gCeantar Máguaird 2009-2015 le mionathruithe nach meastar a bheith ábhartha. Is é is cúis leis an Athrú ná Croí-Straitéis fianaise-bhunaithe a thabhairt isteach sa Phlean, de réir mar is riachtanach faoin Acht Pleanála agus Forbartha (Leasú) 2010, lena léiriú go bhfuil na cuspóirí forbartha sa phlean forbartha, a oiread is praiticiúil, i gcomhréir le cuspóirí forbartha náisiúnta agus réigiúnacha atá leagtha amach sa Straitéis Spáis Náisiúnta agus sna Treoracha um Phleanáil Réigiúnach. Lena chois sin, forálann an tAthrú do roinnt leasuithe eile i dtaca le baol tuilte, athchriosuithe teoranta (lasmuigh de chomhthéacs na Croí-Straitéise), caighdeáin theicniúla agus leasuithe lena chinntiú go bhfuil an Plean ag comhlíonadh na bhforálacha i dTreoir an AE i dtaca le Gnáthóga.
Cliceáil ar na naisc thíos leis an athrú a fheiceáil, a thagann i bhfeidhm ón 24 Meitheamh 2013.