Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas - Sean agus Úr > Eanáir 2022

26-09-2022 - Inneall dóiteáin úr á choiscreacan agus á thabhairt ar láimh go hoifigiúil do Bhriogáid dóiteáin Leitir Ceanainn

Bhí cúis cheiliúrtha i Stáisiún Dóiteáin Leitir Ceanainn inniu, áit ar tháinig ionadaithe tofa, oifigigh na Comhairle agus baill de Sheirbhís Dóiteáin Dhún na nGall le chéile ag ócáid ina ndearna an Cathaoirleach An Clr Liam Bléine an t-inneall dóiteáin úrnua d’Aicme B agus de dhéantús Scania a thabhairt ar láimh go hoifigiúil do Bhriogáid Dóiteáin Leitir Ceanainn.

 

Tá an t-inneall dóiteáin úr d’Aicme B a chosnaíonn thart ar €450k, á mhaoiniú go hiomlán ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta (An Roinn). Tá an t-inneall bunaithe ar an fhonnadh de dhéantús Scania P320 a bhfuil criúchábán comhtháite chomh maith le suíocháin do sheisear comhraiceoirí dóiteáin ann.  Ina theannta sin, tá umar uisce comhtháite ann a bhfuil príomhphíobán uisce Godiva Prima ceangailte leis. Is féidir leis an phíobán seo 3,000l uisce a chur amach sa bhomaite ag meánbhrú de 10 mbar. Chomh maith leis sin, tá córas cúir aer comhbhrúite (CAFS), caidéal iniompartha 1,200l/bom, roinnt dréimirí ilchéimneach, roinnt píobáin, buinní agus unlas leictreach tulsuite le fáil san inneall.

 

Tá an t-inneall dóiteáin ag teacht in ionad inneall dóiteáin de dhéantús Scania 2006 agus beidh sé lonnaithe i Stáisiún Dóiteáin Leitir Ceanainn. Deir Joseph McTaggart, an Príomh-oifigeach dóiteáin, go rachaidh an t-inneall úr go mór chun leasa don tseirbhís dóiteáin a chuireann Briogáid Dóiteáin Leitir Ceanainn ar fáil don phobal.”

 

Ba iad Sídheán Teoranta, An Spidéal, Co. na Gaillimhe a chuir an t-inneall ar fáil. Tá an soilsiú éigeandála is úire chomh maith le marcanna sofheicthe ar an inneall agus go leor gnéithe eile a thugann le fios go bhfuil an teicneolaíocht dóiteáin is úire le fáil ann. Thóg Sídheán roinnt inneall úr do Chomhairle Contae Dhún na nGall thar na blianta agus léirigh siad arís agus arís eile go gcuireann siad innill d’ardchaighdeán ar fáil d’earnáil na n-údarás áitiúil.

 

Thréaslaigh an Clr Liam Bléine leis an Bhriogáid Dóiteáin i Leitir Ceanainn as an díograis agus an dúthracht a thaispeánann siad i leith na seirbhíse “tá muid ríbhródúil as ár Seirbhís Dóiteáin agus as bhur n-iarrachtaí barr feabhais a bhaint amach. Is cúis mhór áthais dom ceann na hinnill dóiteáin is fearr agus is úire a thabhairt ar láimh daoibh, inneall a chinnteoidh go mbeidh sibh feistithe d’aon ghlaoch amach”.


Ba é Eddy Moore, an tOifigeach Staisiúin a bhí ina fhear an tí ag ócáid an lae inniu. I measc na gcainteoirí, bhí Garry Martin, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Seirbhísí Éigeandála agus Córais Eolais le Comhairle Contae Dhún na nGall agus rinne an Dr. Urr. David Houlton, Eaglais na hÉireann agus an Mgr Caoimhín Mac Giolla Easpuig, CR an t-inneall dóiteáin úr a choiscreacan.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO