Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas - Sean agus Úr > Eanáir 2022

23-09-2022 - Gradaim Óige Gharda Dhún na nGall á reáchtáil ag Comhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall ar an Aoine, 23ú Meán Fómhair.

Déanann na Gradaim seo ceiliúradh ar dhaoine óga iontacha idir 13 agus 21 bliain d’aois agus tugtar aitheantas don obair mhór mhaith a dhéanann na daoine óga seo i ngach pobal ar fud Dhún na nGall. Ba i mí Feabhra a cuireadh tús leis an phróiseas iarratais ina raibh ainmniúcháin á lorg faoi cheithre rannóg éagsúla.

 

Dúirt an tArd-Cheannfort Terry Mc Ginn: “Tá an-áthas ar an Gharda Síochána i nDún na nGall a bheith ábalta Gradaim Óige an Gharda do 2022 a reáchtáil i gcomhar le Comhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall. Bhí ardchaighdeán i measc na n-ainmniúchán arís i mbliana. Tá mé buíoch dóibh sin a ghlac am agus a chuir ainmniúchán ar aghaidh. Ní éireodh leis an chomórtas murab iad. Molaim go mór achan duine a ainmníodh. Is léir go bhfuil an obair atá ar bun acu ag dul chun sochair dá bpobal féin agus níl dabht ach go leanfaidh siad leis an obair mhaith amach anseo. Ar deireadh, tréaslaím leis na buaiteoirí uilig agus guím achan rath agus ádh orthu sa todhchaí.”

 

Fógraíodh Buaiteoirí na nGradam ag Searmanas Bronnta a bhí ar siúl i dTeach an Chontae, Leifear. Rinne an Breitheamh Éiteáin Cunningham, Cathaoirleach ar Choiste Moltóireachta Ghradaim Óige Gharda Dhún na nGall, na duaiseanna a bhronnadh.

 

Thréaslaigh an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall leo siúd ar éirigh leo ainmniúchán a fháil agus dúirt sé “Tá lúcháir mhór ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall a bheith bainteach leis an Scéim Ghradaim seo i mbliana. Is sampla iad na daoine óga seo den díograis agus den fheasacht shóisialta atá ag mórchuid na ndaoine óga sa tír seo agus creidim go bhfuil todhchaí gheal romhainn dá bharr. Cuireann an méid a bhíonn ar siúl acu go mór lena bpobal áitiúil agus tá sé ríthábhachtach go dtugtar moladh agus aitheantas ní hamháin do na buaiteoirí, ach dóibh sin a fuair ainmniúchán fosta.”

 

Seo a leanas Buaiteoirí na nGradam:-

 

Gradam Aonair

Josh Marley

 

Gradam Gaisce

Manus Doherty

 

Gradam Grúpa

An Idirbhliain- Scoil Mhuire Bhun Cranncha & Coláiste Cranncha, Bun Cranncha.

 

Gradam Sábháilteachta Pobail

Allan McCarron & Cormac Brady

 

Rachaidh na buaiteoirí ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh do Dhún na nGall ag na Gradaim Óige Náisiúnta a bheas ar siúl i mí na Samhna 2022.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO