Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2022 > Lúnasa 2022

10-08-2022 – Éadaí úra brandála – Dún na nGall – DNA na hÉireann

Introducing the Donegal - Ireland’s DNA, clothing range image

 

I ndiaidh an rath ar bhí ar sheoladh bhranda Dhún na nGall i mí Aibreáin 2021, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag dul anois i gcomhpháirt leis an soláthraí spóirt Ó’Néills chun réimse spreagúil d’éadáí úra brandála a sheoladh.

 

Tugadh isteach an branda áite leis an réigiún a chur chun cinn mar áit den scoth le cónaí ann, le hobair ann, le hinfheistíocht a dhéanamh ann, le taisteal ann agus staidéar an. Beidh na héadaí seo mar mheabhrú feiceálach ar gach rud atá maith fá dtaobh de Dhún na nGall.

 

Ag caint dó ag seoladh an réimse éadaí dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Liam Ó Bléine: “Tá lúcháir orainn a bheith ar an chéad chontae in Éirinn lenár réimse éadaí féin a sheoladh go hoifigiúil. Tá muidne i nDún na nGall iontach bródúil as cé muid agus cárb as muid. Tugann an réimse éadaí seo deis d’achan duine, bíodh siad ina chónaitheoir, ina chuairteoir nó ina bhall den diaspóra a gcuid DNA Conallach a thaispeáint don saol mór!

 

Déanann dearadh an bhranda, ar a bhfuil lorg méire mar shiombail fhísiúil de DNA an chontae, roinnt acmhainní éagsúla ar leith de chuid Dhún na nGall a chur in iúl, óna oidhreacht shaibhir agus ceangail láidre Dhiaspóra go dtí an saol comhaimseartha digiteach agus nuálaíoch. Lena chois sin, béimníonn an sluán ‘DNA na hÉireann’ gur féidir na rudaí ar fad is fearr faoi Éirinn, ón tírdhreach spreagúil go dtí fáilte chroíúil na ndaoine, a fháil anseo i nDún na nGall.

 

Tá réimse leathan éadaí ar fáil i méideanna do dhaoine fásta agus do pháistí araon. I measc na nithe atá ar fáil le ceannach tá t-léinte, léinte póló, casóga, cabhaileoga agus hataí, agus thig iad a fháil ó All Sports i mBaile Dhún na nGall, Siopa McElhinney i mBealach Féich agus Siopa Spóirt Mhícheáil Uí Mhurchú i Leitir Ceanainn.

 

Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John McLaughlin: “tá obair mhór i ndiaidh a bheith curtha isteach le branda áite Dhún na nGall a fhorbairt agus a úsáid go forleathan. Tá lúcháir mhór orainn leis an fháilte agus an tacaíocht atá faighte aige go dtí seo. Is deis úr anois é an réimse éadaí seo le tuilleadh airde agus tuilleadh dáimhe a mhealladh chuig an bhranda.”

 

Beidh feachtas margaíochta ar bun chun tacú leis an seoladh úr seo, agus beidh cuid de na daoine is clúití agus is inaitheanta i nDún na nGall páirteach ann, chomh maith le roinnt comórtaisí le duaiseanna agus postálacha ar na meáin shóisialta.

 

Chun aon rud a cheannach ón réimse éadaí brandála úr de chuid Dhún na nGall, DNA na hÉireann, buail isteach chuig ceann ar bith de na siopaí atá páirteach nó féach https://donegal.ie/clothing fá choinne tuilleadh eolais ar an réimse éadaí seo.