Plean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024
Molta beartaithe ar éifeachtacht (4 Lúnasa, 2023)
Ag cruinniú iomlánach na Comhairle Iomlánaí den 24 Iúil 2023, bheartaigh Baill Chomhairle Contae Dhún na nGall seoladh fógra faoi Alt 20(3)(a)(i) a chur siar agus fógra a fhoilsiú faoi Alt 20(3)(a)(ii) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) go ceann tréimhse breise 2 bhliain tar éis don tréimhse cúig bliana a bheith caite ó dhéanamh an Phlean reatha. Is iad éifeachtaí praiticiúla an Rúin seo ná na nósanna imeachta foirmiúla a bhaineann le foilsiú Dréachtphlean nua a chur siar go dtí tráth nach déanaí ná mí Iúil, 2025, agus an Plean reatha fós i bhfeidhm go dtí go nglacfar leis an bPlean ionaid. Is féidir teacht ar fhógra reachtúil an Rúin seo a d'fhoilsigh an tÚdarás Pleanála i nuachtáin áitiúla ag an nasc seo a leanas: Fógra Poiblí
Tá tús curtha le déanaí le hathbhreithniú ar Phlean Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha, cuirfear na scéalta is déanaí anseo le linn don tionscadal seo bheith ag dul ar aghaidh.
Tugtar don aire go bhfuil sárú déanta ar ábhar Bhaile Féich/Shrath an Urláir i bPlean Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha, ag Caibidil 9 de
Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2024-2030.
Tá Pleananna Ceantair réitithe do bhailte Bhun Cranncha, Bhaile Féich/Shrath an Urláir agus Bhun Dobhráin mar chuid de Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030 agus iad ar fáil ar
www.donegaldevplan.ie
Plean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024 (NB Tugtar don aire go bhfuil LAP Bhaile Féich/Shrath an Urláir taobh istigh de CDP 2024-2030)
Léarscáileanna i dtaca le Criosú Úsáide Talún
An Clochan Liath
Béal Átha Seanaidh
Ceann an Droichid
Carn Domhnach
Baile Dhún na nGall
Na Cealla Beaga