Date: 17 Meith 2024
An Rás a Choinneáil ina Áit
Tá teachtaireacht ríthábhachtach maidir le sábháilteacht ar bhóithre eisithe ag Grúpa Oibre Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ag an Gharda Síochána chuig gach duine a fhreastalaíonn ar Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall chun "An Rás a Choinneáil ina Áit". Cuirfear tús leis an imeacht trí lá, a mheallann na mílte lucht féachana, Dé hAoine, 21 Meitheamh agus tugann sé deis iontach do Dhún na nGall na nithe is díol spéise a chur i lar an aonaigh.
Mar cheann de na himeachtaí railí is mó sa tír, tarraingíonn Railí Dhún na nGall na mílte cuairteoir a bhfuil fonn orthu sult a bhaint as an imeacht. Taobh amuigh den rás, beidh deis ag cuairteoirí fáil amach faoi dhraíocht agus áilleacht Dhún na nGall agus blaiseadh a fháil den fhlaithiúlacht ghnaíúil agus den atmaisféar bríomhar.
Iarrtar ar an lucht freastail timpeallacht chairdiúil, thaitneamhach agus shábháilte a chinntiú do gach duine agus meas a bheith acu ar chónaitheoirí áitiúla agus iompar frithshóisialta a sheachaint. Beidh líon mór Gardaí amuigh ag an deireadh seachtaine seo, agus tacaíonn Grúpa Oibre Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóithre go hiomlán lena gcur chuige maidir le haon duine a dhéanann neamhaird ar rialacha an bhóthair. Leagann an meabhrúchán seo béim ar an tábhacht a bhaineann le sábháilteacht do gach úsáideoir bóithre le linn dheireadh seachtaine an railí.
Dúirt an Cigire Seamus McGonigle An Garda Síochána, “Is é Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall an ócáid mhótair is mó in Éirinn, a mheallann na sluaite lucht féachana chuig gach staid den railí. Tá plean mhór i bhfeidhm ag an nGarda Síochána chun an slua a choinneáil faoi smacht. Iarrtar ar gach duine a fhreastalaíonn ar an railí agus a thugann cuairt ar Dhún na nGall thar an deireadh seachtaine cloí le treoracha an Gharda Síochána agus iad féin a iompar le meas agus cúram d’úsáideoirí bóithre eile.
Ar an drochuair, bhí iompar do-ghlactha agus contúirteach ar siúl ag mionlach beag ar na bóithre roimhe seo. Ní ghlacfar leis seo amach anseo, agus cuirfear plean cuimsitheach na nGardaí i bhfeidhm chun déileáil ar an toirt le ciontóirí ar bith”.