Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

21-06-23 Tús le hobair ar an Tonnchosc ag Cuan an Chaisleáin Nua

 

Photomontage of Completed Breakwater at Greencastle Harbour

An Tionscadal Tonnchoisc ag Cuan an Chaisleáin Nua

 

Rinne an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Liam Blaney ‘talamh a bhriseadh’ go hoifigiúil ar an tionscadal tonnchoisc ag Cuan an Chaisleáin Nua Dé Luain, 19 Meitheamh 2023.

 

Reáchtáladh an ócáid tráthnóna Dé Luain ar an Chaisleán Nua mar thús oifigiúil le Tonnchosc Chuan an Chaisleáin Nua, chomh maith le plaic chuimhneacháin leis an ócáid a chomóradh. Is é atá sa tionscadal infheistíocht thart fá €18M sa chuan, agus 95% den mhaoiniú ag teacht ón stát. Tá sé de rún ag Comhairle Contae Dhún na nGall tonnchosc cuartha armúrtha as carraigeacha a thógáil ar an taobh thiar theas de bhéal an chuain, le go mbeidh sé níos sábháilte do gach soitheach teacht isteach ann, bád farantóireachta an Chaisleáin Nua go hAird Mhic Giollagáin san áireamh. Laghdóidh sé seo leochaileacht na soitheach laistigh den chuan ó thaobh tonnta de, cuirfidh sé feabhas ar shábháilteacht agus ar éifeachtacht an chuain do gach úsáideoir, a bhfuil ina measc lucht turasóireachta agus fóillíochta a úsáideann áiseanna pontúin. Laghdóidh sé fosta, an oiread agus is féidir, an tionchar a bhíonn ag an sruth nádúrtha taoide trí bhéal Loch Feabhail.   

 

Greencastle Harbour plaque

 

Plaic chuimhneacháin don Tionscadal Tonnchoisc ag Cuan an Chaisleáin Nua

 

Tá pobal an Chaisleáin Nua ag brath ar thionscal na hiascaireachta agus ar thionscal na mara go ginearálta, agus beagnach 200 duine fostaithe go díreach nó go hindíreach. Tá An Caisleán Nua ar an dara port is mó le haghaidh éisc bhána in Éirinn, agus tá cabhlach mór cois cladaigh lonnaithe ansin fosta agus iad i mbun iascaireacht sliogéisc agus portán den chuid is mór, rud a chiallaíonn gur baile mór tábhachtach é d’earnáil an bhia mara in Éirinn. Tá seirbhísí suntasacha iascaireachta ar fáil ar an Chaisleán Nua, ar a n-áirítear próiseáil éisc, innealtóireacht mhara, tógáil bádaí agus déanamh eangach.

 

Tá an infheistíocht atá déanta ag an Aire McConalogue in An Caisleán Nua ar cheann amháin de roinnt infheistíochtaí atá á ndéanamh ag an Aire agus ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcéanna agus i gcuain thart ar an 100km de líne chósta i nDún na nGall. San iomlán, tugadh maoiniú de bhreis agus €27M le haghaidh bonneagar mara sa chontae tríd an Scéim um Bonneagar Muirí na nÚdarás Áitiúil um Choigeartú Breatimeachta. Le cois cómhaoiniú €3M ón Chomhairle, tacóidh sé seo le pobail chósta agus iascaireachta agus cuirfidh sé ar a gcumas leas a bhaint as deiseanna úra de réir mar a tharlóidh siad.   

 

Tá an comhlacht Foyle and Marine Dredging ceaptha mar Phríomhchonraitheoir ar an tionscadal agus tá siad ag obair i gcomhpháirt le comhairleoirí an tionscadail Doran Consulting, le Foireann Céanna agus Cuanta Chomhairle Contae Dhún na nGall, chomh maith le comhghleacaithe sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus le páirtithe leasmhara eile.  

 

Ag caint faoin ócáid is é a dúirt an tAire McConalogue: “Lá tábhachtach atá ann inniu do phobal an Chaisleáin Nua agus Inis Eoghain. Bhí Tionscadal Tonnchoisc an Chaisleáin Nua ar bharr mo chlár oibre féin agus bhí lúcháir orm an phlaic chuimhneacháin a nochtadh mar aitheantas ar an tús atá curtha leis na hoibreacha ar an tionscadal. Déanfaidh sé difear mór do shaol an Chaisleáin Nua agus don phobal mara anseo. Gabhaim buíochas leo siúd uilig atá páirteach sa tionscadal, a bhfuil ina measc An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Comhairle Contae Dhún na nGall, Foyle and Marine Dredging agus Doran Consulting.”  

 

Dúirt an Comhaileoir Liam Blaney: “Gabhaim buíochas leis an Aire McConalogue agus leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara as an infheistíocht atá déanta sa bhonneagar mara anseo ar an Chaisleán Nua agus sa chontae i gcoitinne. Feabhsóidh an infheistíocht seo inbhuanaitheacht agus inmharthanacht na bpobal cósta don am atá romhainn. Gabhaim buíochas le gach duine atá páirteach leis an tionscadal seo a thabhairt chun críche.”  

 

An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall Liam Blaney, in éineacht le hionadaithe ó Foyle and Marine Dredging, Doran Consulting agus Comhairle Contae Dhún na nGall.