Ag tiontú an chéad fhóid ar an obair thógála ar Ghlasbhealach Leifir-Chaisleán na Finne: sa ghrianghraf ó chlé: An Clr. Martin Harley, An Clr Patrick McGowan Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir, an Clr. Gerry Crawford agus an Clr. Gary Doherty
Tá an Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir, an Comhairleoir Patrick McGowan, i gcomhluadar an Chomhairleora Gary Doherty, an Chomhairleora Martin Harley agus an Chomhairleora Gerry Crawford, i ndiaidh an chéad fhód a thiontú ar an obair thógála ar Ghlasbhealach Leifir – Chaisleán na Finne. Tá an glasbhealach seo 7.5 ar fhad agus tá sé á mhaoiniú trí Chlár Interreg VA, ata á riaradh ag Foras Chláir Speisialta an AE agus ag an Roinn Iompair. Cheap Comhairle Contae Dhún na nGall ACS Civils Ltd mar Chonraitheoir don tionscadal, agus tá obair le toiseacht ar an suíomh an mhí seo.
Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall ár mbuíochas a ghabháil le cónaitheoirí áitiúla agus le húinéirí talún ar feadh an bhealaigh as a bheith rannpháirteach go dearfach leis an tionscadal i rith an ama, rud a bhí ina chuidiú mór leis an tionscadal a thabhairt go dtí an staid seo.