Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

13-06-2023 – Tionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh ar ghearrliosta le haghaidh Ghradam Rogha Poiblí an IRAÉ

 

Tá Tionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh curtha ar ghearrliosta le haghaidh Ghradam Rogha Poiblí Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann 2023. Is é a bhí i dTionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh comhpháirtíocht idir Comhairle Contae Dhún na nGall, Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh, Ailtireacht Dedalus, úinéirí áitiúla réadmhaoine, An Chomhairle Oidhreachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Thar dhá thréimhse in 2021 agus 2022, bhain sé cinn déag d’fhoirgnimh stairiúla ar an Mheal, ar an Phríomhshráid agus sa Chearnóg, leas agus tairbhe as Tionscnamh na mBailte Stairiúla. Tá go dtí meán oíche Dé Máirt 20 Meitheamh ag baill den phobal vóta a chaitheamh ar son Thionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh ag:  

www.riai.ie/public-choice-award-poll

 

Ba chomhpháirtíocht tras-stiúrthóireachta é Tionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh idir an Stiúrthóireacht Tithíochta, Chorparáide agus Chultúir agus an Stiúrthóireacht Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála i gComhairle Contae Dhún na nGall, agus ba iad an tOifigeach Oidhreachta agus an tOifigeach Caomhantais a rinne é a chomhbhainistiú. ‘Ba Struchtúir faoi Chosaint iad, nó curtha san áireamh ar Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta, an chuid ba mhó de na 16 fhoirgneamh i dTionscnamh Bailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh agus cuireann siad le sráid-dreach stairiúil Bhéal Átha Seanaidh,’ a dúirt Collette Beattie, an tOifigeach Caomhantais. ‘I measc na n-oibreacha caomhnaithe a rinneadh bhí deisiúcháin dín agus simléara, dul i ngleic le fadhbanna struchtúrtha, earraí uisce fearthainne déanta as iarann teilgthe a chur isteach, saisfhuinneoga adhmaid agus doirse a athnuachan, aghaidheanna stairiúla siopaí a dheisiú agus a athnuachan, agus ráillí iarann teilgthe agus ráillí iarann buailte a dheisiú. Úsáideadh ábhair thraidisiúnta sna deisiúcháin ar fad, úsáideadh scileanna tógála traidisiúnta, agus baineadh úsáid as an dea-chleachtas caomhnaithe is fearr agus fianaise stairiúil.’

 

‘Ta sé go hiontach a fheiceáil go bhfuil aitheantas tugtha ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann, tríd an ainmniúchán seo do Ghradam Rogha Poiblí, don obair chaomhnaithe ar fhoirgnimh stairiúla i mBéal Átha Seanaidh’ arsa Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. ‘Mar chuid den tionscnamh, d’oibrigh Comhairle Contae Dhún na nGall, Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh, úinéirí áitiúla réadmhaoine agus an pobal áitiúil i gcomhpháirt le Duncan McLaren, ailtire caomhantais Grád 1, agus lena fhoireann ag Ailtireacht Dedalus atá bunaithe i mBun an Phobail, lena thaispeáint gur féidir le caomhnú foirgnimh stairiúla cur le dearadh maith uirbeach ach, san am céanna, tréithe oidhreachta an bhaile, a shráid-dreach agus a fhoirgnimh a choinneáil, ar bhuiséad teoranta.  

Oibríonn Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann chun barr feabhais a bhaint amach i gcúrsaí ailtireachta. Ardaítear feasacht i leith luach na hailtireachta don tsochaí trí Ghradaim bhliantúla Ailtireachta an IRAÉ, agus cuireann sé ailtireacht d’ardchaighdeán chun cinn, ailtireacht atá ionchuimsitheach agus inbhuanaithe agus a chuireann leis an ghníomhaíocht ar son athrú aeráide. Bhí sé d’ádh orainn a bheith ag obair as lámh a chéile lenár bpáirtnéirí iontacha sa phobal, Grúpa Athnuachana Bhéal Átha Seanaidh – go háirithe An Clr. Barry Sweeny agus Terry McIntyre – agus le húinéirí áitiúla réadmhaoine, ar an tionscnamh seo iontach seo.’

 

Fógrófar buaiteoirí Ghradaim Ailtireachta an IRAÉ níos moille an mhí seo, mar sin de, bígí ag vótáil!