Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

28-06-2023 – Taispeántas Ar Thóir Cholm Cille, Músaem Contae Dhún na nGall

“Glencolmcille” by artist Ina Olohan

‘Gleann Cholm Cille’ leis an ealaíontóir Ina Olohan

Mar chuid d’Fhéile Ealaíne an Earagail 2023, tá an taispeántas “Ar Thóir Cholm Cille” á chur i láthair ag Músaem Contae Dhún na nGall, ar taispeántas den chnuasach saothar é a rinne an t-ealaíontóir Ina Olohan mar cheiliúradh ar Cholm Cille 1500. Tá an saothar bunaithe ar thaighde a rinne an t-ealaíontóir ar shaol agus ar mhiotas Cholm Cille. Trí na híomhánna agus téacs scríofa insítear scéalta faoi Cholm Cille agus tarraingítear aird ar an oidhreacht shaibhir chultúrtha atá fágtha ina dhiaidh aige. Meáin éagsúla atá sa taispeántas seo ar a n-áirítear colláis, teicstíleanna, blocphrionta agus fuáil, agus scrúdaíonn sé an dóigh a ndéanadh manaigh Cholm Cille na ruaimeanna agus na dúigh a d’úsáideadh siad sna lámhscríbhinní maisithe.   

 

Is ealaíontóir Ina Olohan a úsáideann meáin éagsúla, ag obair ar pháipéar agus ar éadach. Lonnaithe i gCeanannas, Contae na Mí, d’fhás sí aníos agus stair agus oidhreacht mhanaigh Cholm Cille mórthimpeall uirthi. “Is maith liom a shamhlú go mbím ag siúl anseo ar lorg cos na manach gach lá. Nuair is féidir é, thig leat mé a aimsiú i mo stiúideo, báite agus caillte in éadach agus i bpáipéar, snátha, péinteanna, agus ruaimeanna.”

 

Seolfar an taispeántas Déardaoin 6 Iúil ar 7pm agus beidh fáilte roimh achan duine. Leanfaidh sé ar aghaidh go dtí tús mhí Mheán Fómhair 2023.

 

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le: Músaem Contae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, 074 9124613; [email protected]