Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

26-06-2023 – Seoladh Fhéile Ealaíne an Earagail 2023

 

Tá clár cuimsitheach imeachtaí le haghaidh gach aoisghrúpa á sholáthar do phríomh-imeacht an tsamhraidh i nDún na nGall, Féile Ealaíne an Earagail (8 – 23 Iúil).

 

Sheol Féile Ealaíne an Earagail go hoifigiúil a chlár imeachtaí don bhliain 2023 ag Grúdlann Choinéacair, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall Dé hAoine 23 Meitheamh.

 

Agus clár iomlán imeachtaí beartaithe ar feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin ón 8 go dtí an 23 Iúil, ba é Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Bhaile na nGallóglach, An Clr Kvein Bradley, a rinne na siamsóirí a fhógairt agus an bhileog imeachtaí a sheoladh go hoifigiúil.

 

Bhí seoladh oifigiúil na bliana foscailte don phobal agus chuir na ceoltóirí as Dún na nGall George Houston agus Shauna McDaid ceol ar fáil do na haíonna ag an ócáid, agus is iadsan a chuirfidh clabhsúr leis an fhéile chomh maith.  

 

Agus clár rannpháirteach gníomhach agus teaghlach-bhunaithe ó na hoileáin Ghaeltachta amach ó chósta Iarthar Dhún na nGall go dtí Oirthear Dhún na nGall agus go leithinis Inis Eoghain, tá rud éigin ar fáil do dhaoine ó gach cúlra agus ó gach aoisghrúpa i bhFéile Ealaíne an Earagail.  

 

Agus é ag fógairt na hoscailte oifigiúla, dúirt an Clr. Bradley go gcuireann an fhéile borradh faoin chontae gach bliain.

 

 “Tá stair fhada bhródúil ag Féile Ealaíne an Earagail mar phríomh-fhéile shamhraidh an chontae, ag mealladh cuairteoirí ó ar fud oileán na hÉireann agus ó áiteanna níos faide i gcéin, ag soláthar borradh tábhachtach eacnamaíochta agus cultúrtha.

 

“Sa chomhthéacs eacnamaíochta reatha, tá sé go hiontach an oiread sin imeachtaí saor in aisce a fheiceáil á reáchtáil ag an fhéile, ó sheónna ag Deirí Seachtaine an Atlantaigh Fhiáin i nGaoth Dobhair agus i Ráth Bhoth, paráidí iontacha oíche i mBun Cranncha agus in Árainn Mhór; go dtí an grúpa Neipealach Kanta Dab Dab a bheas ag siamsaíocht ar Oileán Thoraí, Leitir Ceanainn agus Cúil Dabhcha.  

 

“Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil lenár n-óstaigh Coinéacar inniu – tá sé go hiontach gnólachtaí rathúla, a bhfuil meas mór orthu, a fheiceáil ag tabhairt rud éigin ar ais don phobal trí bheith ag tacú le himeachtaí ar nós na féile seo agus mholfainn do bhaill eile den phobal gnó amhlaidh a dhéanamh.”

 

Dúirt Ciara Sugrue, Ceannasaí Féilte le Fáilte Éireann: “Tá féilte agus imeachtaí ina ngné thábhachtach dá bhfuil le tairiscint ag Éirinn do thurasóirí, agus tá áthas ar Fáilte Éireann tacú le Féile Ealaíne an Earagail na bliana seo, féile a chuirfidh ar taispeáint an chuid is fearr d’ealaíona, d’oidhreacht agus de chultúr na hÉireann do chuairteoirí as an tír seo agus as tíortha eile. 

 

“Nuair a fhorbraítear eispéiris ar leith tumthacha amhail Féile Ealaíne an Earagail, cuidíonn sé go mór le teacht aniar agus téarnamh na hearnála turasóireachta don chontae agus do réigiún níos leithne Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Cruthaíonn féile ar nós Fhéile Ealaíne an Earagail cúiseanna úra láidre do chuairteoirí teacht go hÉirinn agus na healaíona agus cultúr anseo, a bhfuil clú orthu ar fud an domhain, a fheiceáil agus a bhlaiseadh iad féin. Cuidíonn siad le siúl mór daoine a mhealladh isteach chuig gnólachtaí áitiúla, rud a chruthaíonn ioncam agus a thacaíonn le fostaíocht amuigh sa phobal”.   

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir le Féile Ealaíne an Earagail Paul Brown: “Ba mhaith linn go mbeidh teacht ag gach saoránach i nDún na nGall ar na healaíona, le réimse leathan imeachtaí d’achan duine chun deis a bheith acu tograí cruthaitheacha rannpháirteacha a chruthú agus sult a bhaint astu, leithéidí Fadó Fadó agus na campaí sorcais, gigeanna d’achan aoisghrúpa le coimeádaithe úra, ceardlanna ar ghluaiseacht colainne agus ar na healaíona amhairc, agus taispeántas speisialta tátúnna leis an éagsúlacht chultúrtha agus an féinléiriú a cheiliúradh trí ealaín colainne. Agus ar a bharr seo uilig, thig le Dún na nGall a bheith ag tnúth le sceideal de cheolchoirmeacha agus de sheónna den chéad scoth ó Inis Eoghain go Gaoth Dobhair, ar a n-áirítear dhá imeacht lasmuigh le linn na hoíche i mBun Cranncha agus in Árainn Mhór leis an ghrúpa clúiteach ardtaispeántais tírdhreacha, Luxe.”

 

Beidh imeachtaí sorcais, léirithe ealaíona sráide agus campaí i sceideal méadaithe na féile mar chuid den imeacht bliantúil Deireadh Seachtaine an Atlantaigh Fhiáin, a thagann chuig dhá áit úr i mbliana, Ráth Bhoth agus Gaoth Dobhair.  

 

Tá Aniar TV ag pilleadh fosta le ceithre cheolchoirm a thaifeadadh don dara séasúr den tsraith de chuid TG4, Féile Ealaíne an Earagail, ag Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn le linn na féile. Is iad a bheas ag glacadh páirte sna ceolchoirmeacha ná an teaghlach clúiteach fidléireachta as Dún na nGall Na Campbells, agus siamsóirí den chéad scoth ar nós Flook, Fidil, Na Casaidigh, Usher’s Island agus Lisa Ó Néill.  

 

I measc na mbuaicphointí eile ceoil beidh mionchamchuairt thart ar Dhún na nGall ag an ghrúpa Neipealach Kanta Dab Dab, The Frank and Walters, Ger O’Donnell agus Trevos Sexton, Anna Mieke, The Henry Girls, Pretty Happy, George Houston agus go leor eile.

 

Tá lúcháir ar Fhéile Ealaíne an Earagail a bheith ag obair i gcomhpháirt le roinnt féilte eile, RAMP – Tionscadal Ceoil Ráth Maoláin, Féile Aerdhamhsa na hÉireann, agus Bród na Gaeltachta, a chuirfidh clár spleodrach imeachtaí ar fáil le linn mhí Iúil.  

 

Mar chuid den fhéile beidh réimse imeachtaí amharclannaíochta, imeachtaí damhsa agus imeachtaí san fhocal labhartha, chomh maith le ceardlanna, ar a n-áirítear Jimmy’s Winnin’ Matches, Yes and Yes, Na Mic Ua gCorra, An Earagail – Sliabh Naofa, Cosán Thoraí, Telling the Whole Story: Taking Our Place, Ceardlanna Gluaiseachtaí Colainne i stíl Afra-Bhrasaíleach agus go leor leor eile.  

 

Chomh maith le himeachtaí iontacha beo beidh ar taispeáint san fhéile fosta clár cuimsitheach d’ealaíona súl, ag obair le Teach agus Gailearaí na Gléibe, Artlink an Dúin Riabhaigh, Músaem Contae Dhún na nGall agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach.  

 

Léireoidh an clár súl-ealaíona an obair atá á dhéanamh ag ealaíontóirí seanbhunaithe agus ealaíontóirí úra araon, as Éirinn agus as tíortha eile.  

 

Tá Féile Ealaíne an Earagail buíoch as an tacaíocht a fhaigheann sí ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Chomhairle Ealaíon agus Slí an Atlantaigh Fhiáin. Tabhair cuairt ar eaf.ie le haghaidh tuilleadh eolais agus áirithintí.