Beidh Imeacht Rannpháirtíochta Poiblí maidir le Scéim Faoisimh Tuilte Ráth Mealtain ar siúl ar an 21 Meitheamh 2023 i Halla Baile Ráth Mealtain. Beifear in ann bualadh isteach chuig an imeacht seo ó 4pm go dtí 8pm, gan aon ghá le coinne a dhéanamh.
Is iad baill d’fhoireann an tionscadail (ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus na comhairleoirí Byrne Looby) atá ag reáchtáil an imeachta seo. Is é is cuspóir leis:
Tá sé mar phríomhchuspóir ag an tionscadal seo Scéim Faoisimh Tuilte, atá inghlactha go teicniúil, go sóisialta, go heacnamúil agus ar bhonn timpeallachta, a fhorbairt agus a dhearadh. Agus é seo a dhéanamh, cuirfidh an fhoireann béim mhór ar eolas áitiúil, oidhreacht shaibhir an cheantair, tionscadail in aice láimhe, agus leochaileachtaí na timpeallachta áitiúla, agus iad ag dul i dtreo An Rogha is Fearr a shocrú. Mholfaimis d’aon duine a bhfuil spéis agus suim acu i dtodhchaí cheantar Ráth Mealtain bualadh isteach, labhairt leis an fhoireann agus plé a dhéanamh faoi na féidearthachtaí éagsúla don Scéim. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh an pobal, go háirithe cónaitheoirí áitiúla, páirtithe leasmhara, cumainn, clubanna agus tionscadail eile, páirteach go gníomhach sa tionscadal ag an phointe tábhachtach ama seo i bhforbairt na scéime faoisimh tuilte seo.
Nuair a bheas an rogha is fearr aitheanta, reáchtálfaidh foireann an tionscadail imeacht poiblí eolais leis an phobal agus le páirtithe leasmhara a chur ar an eolas faoin dóigh ar cuireadh a gcuid moltaí agus tuairimí san áireamh, sula rachfar ar aghaidh go dtí an próiseas pleanála reachtúil.
Tabhair cuairt ar www.countydonegalfrs.ie fá choinne tuilleadh eolais.