Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

12-06-23 Bíodh meas ar gach úsáideoir bóthair agus gach pobal áitiúil le linn an Railí

Members of An Garda Siochána and Donegal Road Safety Working Group along with Cllr. Gerry McMonagle, Chairperson of Joint Policing Committee, Inspector Seamus McGonigle, Roads Policing and Brian O’Donnell, Road Safety Officer at the launch of the road safety campaign for the upcoming Donegal Rally – Keep the Race in it’s Place.

 

Tá Meitheal Sábháilteachta Bóithre Dhún na nGall ag déanamh achainí i dtaca le sábháilteacht bóithre ar gach duine a bheas ag Railí Dhún na nGall. Tá gach duine freagrach as sábháilteacht bóithre agus tá rud amháin de dhíth go mór le gach duine a choinneáil slán sábháilte agus is í sin an fhreagracht phearsanta.   

 

An fíor-lucht leanúna a bhíonn ag mótarspóirt, tagann siad agus téann siad abhaile agus ní bheadh a fhios ag éinne go raibh siad i láthair, ach ar an drochuair, meallann na himeachtaí seo dream daoine chomh maith a fhágann tionchar diúltach go ceann i bhfad ar an phobal áitiúil mar gheall ar a gcuid iompair agus tiomána. Cé go bhféadfadh na daoine a dhéanann a leithéid a shílstean nach bhfuil ann ach giota spraoi, ní mar sin a fheictear an scéal i measc na bpobal a chaithfidh an droch-iompar seo a fhulaingt.

 

Dúirt an Cigire Séamus McGonigle, An Garda Síochána: “Meastar go mbíonn tiománaithe óga, ar an drochuair, níos toilteanaí seansanna a ghlacadh agus tá muid ag achainí ar thuismitheoirí a chinntiú go bhfaigheann a gcuid mac agus iníonacha go leor taithí tiomána agus go bhfuil bail mhaith ar na feithiclí atá á dtiomáint acu. Is minic a bhítear ag tiomáint róghasta, ag taisteal sa dorchadas, agus paisinéirí ar bord, gan criosanna sábhála á gcaitheamh, ag tiomáint i ndiaidh drugaí nó alcól a ghlacadh, meascán marfach go minic, agus bíonn an t-aos óg de shíor ag glacadh seansanna ar chúl an rotha stiúrtha. Is gá dúinn a bhéimniú arís cé chomh tábhachtach agus atá na teachtaireachtaí sábháilteachta bóithre. Bíonn rialacha agus smacht i bhfeidhm le linn spórt ardluais, agus gach cosaint i bhfeidhm.  Ar an drochuair, tá mionlach beag ann a bhíonn ag tiomáint go contúirteach agus nach bhfuil suim acu sa railí, agus cuireann siad a mbeatha féin, agus beatha daoine eile, i gcontúirt ar na bóithre.”

 

Dúirt Brian O’Donnell, An tOifigeach Sábháilteachta Bóithre, Comhairle Contae Dhún na nGall: “Beidh na sluaite ag teacht go Dún na nGall chun freastal ar an railí agus chun sult a bhaint as gach rud eile atá le tairiscint ag an chontae iontach seo, agus ba mhaith linn aird mhór a dhíriú ar an tsábháilteacht, ar chúrsa an railí agus ar na bealtaí móra poiblí. Is gá a chur i gcuimhne do lucht leanúna an railí a bheith ag amharc ar na rásanna ó áiteanna sábháilte, fanacht laistigh de na teorainneacha luais i gcónaí, agus an luas a laghdú tuilleadh i ndrochaimsir, agus go leor ama a chur ar leataobh le tiomáint chuig do cheann scríbe go sábháilte. Iarraimid ar gach duine a bhfuil dúil acu sa railí seo a bheith cúramach, an bóthar a úsáid ar dhóigh fhreagrach, agus a bheith dea-mhúinte le gach úsáideoir bóthair. Beidh neart ball den Gharda Síochána amuigh ar dualgas ag an deireadh seachtaine agus tá muid ag tacú leo gan glacadh beag nó mór le haon bhriseadh rialacha ar na bóithre. Titeann sé ar gach duine againn lena chinntiú go bhfuil na bóithre sábháilte do gach úsáideoir bóthair. Fág an rásaíocht ag lucht an spóirt.”

 

Maraíodh 78 duine go dtí seo in 2023, méadú de sheisear é seo i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2022, agus méadú de 29 nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an tréimhse chéanna in 2021. Ar bhóithre Dhún na nGall, maraíodh beirt go dtí seo in 2023, i gcomparáid le 5 don tréimhse chéanna in 2022, i gcomparáid le duine amháin don tréimhse chéana in 2021.