Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

23-06-23 Réaltaí an tSamhraidh pillte ar Leabharlanna Dhún na nGall do 2023

 

Summer Stars Launch

An Clr. Kevin Bradley, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach, Francie Friel, Brídín Ní Fhearraigh, Joe Ó Ceallaigh, An Clr. Donal Mandy Kelly, Donna Cavanagh agus Fiona Truelove in éineacht le daltaí ó Scoil an tSratha Mhóir sa Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, mar a seoladh clár léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh de chuid Leabharlann Chontae Dhún na nGall.

 

 

Clár spreagúil léitheoireacht-bhunaithe é Réaltaí an tSamhraidh atá ar fáil saor in aisce do gach páiste. Tá muid ag moladh do gach páiste a bheith linn agus páirt a ghlacadh sa scéalaíocht agus sna gníomhaíochtaí spraíúla eile  bheas againn le linn an tsamhraidh.

 

Tugtar cuireadh do gach páiste clárú don eachtra léitheoireachta seo ag an leabharlann áitiúil s’acu féin agus sult a bhaint as neart leabharthaí a léamh le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Tabharfar Cárta Léitheoireachta Réalta an tSamhraidh do gach rannpháirtí ar a dtig leo an dul chun cinn a dhéanfaidh siad a bhreacadh síos, agus cuirfear stampa éachta na leabharlainne ar a gcárta léitheoireachta sa leabharlann le haghaidh gach leabhar a léifidh siad. Spreagfar páistí le leanúint orthu ag léamh i rith thréimhse an chláir agus beidh duaiseanna beaga agus spriocanna beaga i rith an ama dóibh.  

 

Is clár náisiúnta é Réaltaí an tSamhraidh agus dá bhrí sin, fiú nuair a bhíonn tú ar saoire thig leis na páistí an deis a thapú chun bualadh isteach in aon leabharlann in Éirinn agus stampa agus nuashonrú a fháil ar a gcárta. Thig leat sonraí a fháil faoi na leabharlanna ar fad ar shuíomh gréasáin oifigiúil Leabharlann Dhún na nGall.   

 

Summer Stars Image 2

 

Beidh imeachtaí i nGaeilge agus i mBéarla i gcraobhacha áitiúla leabharlainne ar fud Dhún na nGall le linn an tsamhraidh. Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Chathal Ó Fearraigh i mbliana, a chuirfidh ceardlanna bithéagsúlachta ar fáil le linn mhí an Mheithimh faoin tábhacht atá le beacha. Beidh seisiúin bheo scéalaíochta againn laistigh agus lasmuigh, chomh maith le tóraíochtaí taisce, seisiúin théamaithe Lego, ceardlanna ealaíon agus ceardaíochta, clubanna leabhar, rang cartúin le Jarla agus, ar ndóidh, leabharthaí fá choinne páistí de gach aois. Beidh oibrithe leabharlainne ag óstáil réimse imeachtaí chomh maith, mar sin de, beidh neart le déanamh do gach duine le linn sos an tsamhraidh ón scolaíocht.

 

Ag caint dó ag seoladh na féile dúirt Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn an Clr. Kevin Bradley: “Tá lúcháir orm an clár liteartha iontach seo a sheoladh. De bharr an réimse iontach d’imeachtaí saor in aisce i leabharlanna ar fud an chontae, chomh maith le féiríní beaga daofa siúd a bheas páirteach, tá mé cinnte go mbainfidh na páistí sult mór as páirt a ghlacadh i Réaltaí an tSamhraidh. Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil sceideal lán imeachtaí ar siúl inár leabharlanna agus, mar is gnách, go soláthraíonn an tseirbhís réimse leathan seirbhísí den chéad scoth do gach duine sa phobal.”

 

Fá choinne tuilleadh eolais faoin fhéile, chomh maith le heolas faoi áirithintí agus faoin chlár imeachtaí tabhairt cuairt ar www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter agus Instagram.