Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

Pas Páirc Súgartha seolta do Chontae Dhún na nGall

L-R: Paddy Doherty, Divisional Manager, Donegal County Council; Cllr. Liam Blaney, Cathaoirleach of Donegal County Council; Seamus Canning, Area Manager, Donegal County Council; Cllr. Donal Mandy Kelly, Mayor of Letterkenny-Milford Municipal District; Margaret Fitzgerald, Healthy Ireland Coordinator, Donegal County Council and Mr. John G. McLaughlin, Chief Executive, Donegal County Council.

Ó chlé: Pádaí Ó Dochartaigh, Bainisteoir Rannáin, Comhairle Contae Dhún na nGall; An Clr. Liam Ó Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall; Seamus Canning, Bainisteoir Ceantair, Comhairle Contae Dhún na nGall; An Clr. Donal Mandy Kelly, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach; Margaret Fitzgerald, Comhordaitheoir le hÉire Shláintiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall agus John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Dhún na nGall. 

 

Tá treoir phóca áisiúil, saor in aisce, faoi pháirceanna súgartha ar fud Dhún na nGall, seolta ag Comhairle Contae Dhún na nGall trí Dhún na nGall Sláintiúil, agus í á maoiniú faoi Bhabhta 4 de Chlár Éire Shláintiúil.

 

Is é atá i bPas Páirceanna Súgartha Dhún na nGall ná léarscáil de Dhún na nGall ar a bhfuil 40 páirc súgartha liostaithe agus uimhrithe do gach Ceantar Bardais. Tá cód QR agus comhordnáidí GPS le gach páirc súgartha fosta le sibh a thabhairt go díreach chuig na luascáin agus na sleamhnáin! Tá sonraí sa treoir fosta maidir le roinnt gníomhaíochtaí, atá saor in aisce nó ar chostas íseal, sa cheantar máguaird dóibh siúd atá ag iarraidh fad a chur lena lá amuigh.  

 

Bhí lúcháir ar Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Liam Ó Bléine, a fhógairt go scaipfear na Pasanna Páirc Súgartha chuig gach bunscoil ar fud an Chontae sna seachtainí amach romhainn, agus go mbeidh siad ar fáil fosta ó leabharlanna áitiúla, oifigí turasóireachta agus ionaid acmhainní teaghlaigh. Ghabh an Clr Ó Bléine buíochas, agus thug sé aitheantas fosta, do na tuismitheoirí, na hoibrithe deonacha agus na coistí pobail a oibríonn go crua agus go dlúth le Comhairle Contae Dhún na nGall leis na clóis súgartha ar fud an chontae a bhainistiú agus a chothabháil lena chinntiú go bhfuil timpeallacht shábhailte ann ina dtig le páistí súgradh.  

 

Agus é ag leagan amach an tábhacht a bhaineann le Clár Éire Shláintiúil, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G McLaughlin: ‘Bunaíodh Dún na nGall Sláintiúil in 2018 agus tá sé ar a cheathrú babhta maoinithe anois faoi Chlár Éire Shláintiúil. Soláthraíonn Creat Éire Shláintiúil fócas tras-rialtasach chun fís i dtaca le hÉire Shláintiúil a chur i bhfeidhm. Agus í ag cur chun cinn timpeallachtaí a mheallann daoine i dtreo na haclaíochta agus na gníomhaíochta, amhail páirceanna súgartha, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag cumasú daoine aonaracha agus pobail áitiúla chun páistí a spreagadh le bheith níos gníomhaí go fisiciúil, rud a chuideoidh go mór lena sláinte agus lena bhfolláine.’

 

Thapaigh Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Bhaile na nGallóglach, An Clr. Dónal Mandy Kelly, an deis chun teaghlaigh a spreagadh leis an Phas Páirc Súgartha a úsáid le tabhairt faoin saol lasmuigh faoin spéir a bhlaiseadh agus a fhiosrú agus leag sé béim ar an ról tábhachtach a bhí ag an súgradh i bhforbairt scileanna cruthaitheacha, sóisialta agus mothúchánach i bpáistí. Dúirt an Clr. Kelly leis go ligeann an súgradh saor neamhstruchtúrtha do pháistí athléimneacht, neamhspleáchas agus cinnteoireacht a fhoghlaim ina n-aonar, chun torthaí a bhaint amach.

 

Le cóip den Phas Páirc Súgartha a íoslódail, cliceáil ANSEO nó déan teagmháil le Margaret Fitzgerald, Comhordaitheoir Dhún na nGall Sláintiúil ar 074 9153900 nó trí rphost chuig [email protected]

 

Playground Passport Partner Logos