Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

27-06-2023 – Oscailt Oifigiúil déanta ar Pháirc Líneach agus Nasc Glas LC

Attendees at the opening of the LK Green Connect - Linear Park

An Clr. Liam Ó Bléine Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall ag gearradh an ribín ag Oscailt Oifigiúil Pháirc Líneach agus Nasc Glas LC, i gcuideachta Charlie McConalogue TD, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, An Clr. Kevin Bradly, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Baile na nGallóglach, John McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairleoirí as Ceantar Bardais Leitir Ceanainn – Baile na nGallóglach, Conraitheoirí agus oibrithe de chuid na Comhairle. Grianghraf le Clive Wasson.

 

Rinne an Clr. Liam Ó Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Pháirc Líneach i Leitir Ceanainn a oscailt go hoifigiúil Dé hAoine 23 Meitheamh 2023, agus an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD agus an Clr Kevin Bradley, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Baile na nGallóglach, i láthair chomh maith.

 

Is é atá sa Pháirc Líneach an chéad chéim de scéim níos mó Nasc Glas LC, atá suite idir Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn, Bóthar Neil T Uí Bhléine go dtí Sruthán na hInse[1], Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Soláthraíonn an scéim seo 230 de chosáin úra de bhonneagar úr rothaíochta i dtimpeallacht a bhfuil tírdhreachú déanta air, agus é cómhaoinithe ag An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta faoin Chiste le haghaidh Athbheochan agus Forbairt Uirbeach agus Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá Scéim na Páirce Líní mar chuid de thionscadal níos leithne, Tionscadal Leitir Ceanainn 2040, a bhfuil maoiniú breis agus €20 milliún faighte aige, faoi chúig réimse;

  • Ceathrú na hArdeaglaise – Ceantar Cruthaitheach a Dhéanamh
  • An Athnuachan a Éascú ag an Phríomhshráid Íochtarach
  • An Athnuachan ag Teach na Cúirte
  • Mol Iompair Réigiúnach a Éascú
  • Nasc Glas LC
 

 

 Attendess at the opening of the LK Green Connect - Linear Park

An Clr. Liam Ó Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall ag Oscailt Oifigiúil Pháirc Líneach agus Nasc Glas LC, i láthair Charlie McConalogue TD, An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, An Clr. Kevin Bradley, Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Baile na nGallóglach, John McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairleoirí as Ceantar Bardais Leitir Ceanainn – Baile na nGallóglach, Conraitheoirí agus oibrithe de chuid na Comhairle. Grianghraf le Clive Wasson.

 

Ag an oscailt oifigiúil, dúirt an Clr. Liam Ó Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall:  

 

“Is eiseamláir í An Pháirc Líneach d’áiseanna d’ardchaighdeán do rothaithe agus do choisithe araon, áiseanna ar chóir dúinn fáiltiú rompu sa ré seo nuair atá níos mó béime ar an aistriú sa mhodh taistil go dtí an siúl agus an rothaíocht, agus i dtreo sochaí ísealcharbóin le haeráid sheasmhach.”  

 

D’fháiltigh an Clr. Ó Bléine roimh sheoladh Straitéis Athnuachana Leitir Ceanainn 2040 ar na mallaibh, agus dúirt: “taispeánann sé an deis mhór agus iontach atá ann le Lár Baile Leitir Ceanainn a athrú ó bhonn agus é a neartú mar Láthair Réigiúnach iomaíoch.”

 

Dúirt Méara CB Leitir Ceanainn-Baile na nGallóglach, An Clr. Kevin Bradley: 

“Beidh An Pháirc Líneach ina nasc tábhachtach straitéiseach i gCeantar Leitir Ceanainn, agus an chuid atá á hoscailt go hoifigiúil inniu, cuirfidh sé lenár dtuiscint faoin chaighdeán bonneagair a dtig linn a bheith ag dréim leis ón scéim nuair a bheas sí curtha i gcrích ina hiomláine, agus na buntáistí a thabharfaidh sé chuig na daoine i Leitir Ceanainn agus sna ceantracha máguaird.”

 

Is é ACS Civils Ltd a thóg an chuid seo den Scéim, comhlacht atá díreach i ndiaidh Tionscadal Aon-Bhealaigh ArdEaglais Leitir Ceanainn a chur i gcrích ar na mallaibh. 

 

 


[1] Aistriúchán díreach ar ‘Isle Burn’ sa Bhéarla.