Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

27-06-2023 – Oibrithe de chuid na Comhairle ó Cheann Mhálanna go Carn Uí Néid

Winners of the Staff Walking Challenge

Ina suí ó chlé: Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G McLaughlin, Príomhbhuaiteoirí – Maigh Eo fá choinne SAM - Sean Reid, Eileen McLaughlin, Tony Browne agus Comhordaitheoir Éire Shláintiúil, Margaret Fitzgerald. Ar chúl ó chlé: Foireann Sláinte agus Folláine, Marie Murphy, John McCandless, Mary Frances Doherty, Bernadette Glenn, Dominic Morris, Kathy Gallagher, Foireann Sláinte agus Folláine, Declan McKernan, Marie Kerr, Tanya Kee agus Sinead McGlynn. Grianghraf Clive Wasson.

 

Ag leanúint le Plean Sláinte agus Folláine Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus ag leanúint ón rath a bhí ar an dúshlán siúlóireachta píolótach sa láthair oibre anuraidh, sheol Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin an Dúshlán ‘Siúl agus Comhrá’ do Bhaill Foirne i mí Aibreáin i mbliana. Bhí an feachtas ar siúl ar feadh tréimhse ceithre seachtaine, trí Oifig Sláinte agus Folláine na Foirne, i gcomhpháirt le Dún na nGall Sláintiúil, le baill foirne a spreagadh chun bheith níos gníomhaí go fisiciúil agus chun dea-nósanna sláinte a chothú.

 

Dúirt John McLaughlin: “Tá suim agus spéis ag Comhairle Contae Dhún na nGall i sláinte agus folláine ár mball foirne. Tá fianaise shuntasach ann go gcuireann an aclaíocht éadrom le folláine, le sláinte colainne agus intinne, go gcuireann sí bac ar thinneas, go bhfeabhsaíonn sí an caighdeán saoil, agus go bhfuil buntáistí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha ag baint léi, agus go gcuireann an ghníomhaíocht foirne/ghrúpa deiseanna ar fáil le haghaidh comhluadar sóisialta a dhéanamh agus go gcuireann sí feabhas ar mheanma na mball foirne agus ar an chóngaracht eatarthu.’ 

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, tríd an Fhoireann Sláinte agus Folláine s’againn, tiomanta chun an réimse seirbhísí agus tacaíochtaí sláinte agus folláine atá ar fáil do bhaill foirne a mhéadú trí thacaíochtaí eagraíochtúla fadbhunaithe agus trí dhóigheanna úra.  

 

Le linn an dúshláin ceithre seachtaine, shiúil na foirne breis agus 11,000km – arb ionann é agus siúl ó Cheann Mhálann go Carn Uí Néid deich n-uaire agus ar ais aris. Agus dúirt na baill foirne san aiseolas uathu gur chruthaigh an comórtas spraíúil an comhthéacs ceart chun baill foirne a mhealladh le dul amach agus a bheith ag bogadaigh! 

 

Fógraíodh na buaiteoirí ag ócáid bhronnta a reáchtáladh Dé Luain 26 Meitheamh. Is ó ghnólachtaí áitiúla as Dún na nGall a tháinig na duaiseanna, a raibh téama sláinte agus folláine bainte leo uilig, agus ba é Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John G. McLaughlin a rinne an bronnadh.