Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

12-06-2023 – Comhairle Contae Dhún na nGall agus BOO Dhún na nGall i ndiaidh Meabhrán Tuisceana a shíniú

Chief Executive of DCC John G McLaughlin and Chief Executive of Donegal ETB Anne McHugh signing a five year Memorandum of Understanding (MoU)

Príomhfheidhmeannach CCDnaG John G McLaughlin agus Príomhfheidhmeannach BOO Dhún na nGall Anne McHugh agus iad ag síniú Meabhrán Tuisceana cúig bliana.

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall i ndiaidh meabhrán tuisceana cúig bliana a shíniú chun cur lena gcumas chun a gcuid misean a bhaint amach trí chomhoibriú feabhsaithe.

 

Tá sé seo tábhachtach d’fhorbairt Dhún na nGall agus do réigiún níos leithne an Iarthuaiscirt mar go dtarraingíonn sé ar an dlúthchaidreamh oibre atá ann cheana féin idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Is ceannairí iad an dá eagraíocht maidir le cuspóirí beartais náisiúnta a chur i bhfeidhm ó thaobh comhoibriú trasteorann de agus beidh na forbairtí is déanaí i dtaca le Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt ina bhfócas tábhachtach don chomhoibriú feabhsaithe seo.   

 

Clúdaítear sa doiciméad an comhoibriu idir an dá eagraíocht chun cur le cumas an dá eagraíochta agus cuidiú leo chun príomhchuspóirí straitéiseacha a bhaint amach trí roinnt aidhmeanna a leagan amach don chomhpháirtíocht seo mar thús.  

 

Ina measc seo tá cur chun cinn na forbartha eacnamaíochta inbhuanaithe agus cruthú fostaíochta trí bheith ag obair le páirtithe leasmhara chun dul i ngleic le riachtanais oideachais agus oiliúna agus trí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bhonneagar áitiúil oideachais chun cur le dea-chlú an réigiúin mar áit cheannasach ó thaobh soláthar oideachais de.  Gné thábhachtach de seo ná a bheith ag comhoibriú go dlúth le Tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte agus le cuspóirí Éire 2040 i dtreo fás agus forbairt an réigiúin iomláin san am atá romhainn.

 

Aidhm eile atá ann ná a bheith ag fiosrú deiseanna le hacmhainní a chomhroinnt chun feabhas a chur ar an soláthar seirbhísí.  Oibreoidh Comhairle Contae Dhún na nGall agus BOO Dhún na nGall le pobail agus daoine aonaracha a spreagadh agus a chumasú, agus an t-eolas agus na scileanna a sholáthar dóibh chun leas a bhaint as acmhainní nádúrtha an chontae, ar nós na ngeilleagar glas, gorm agus digiteach.  

 

Réimsí eile le haghaidh comhoibriú leanúnach ná a bheith ag leanúint le comhpháirtíochtaí straitéiseacha idirnáisiúnta a fhorbairt, go háirithe trí thionscnamh Dhiaspóra Dhún na nGall agus trí bheith ag cur chun cinn agus ag tacú le fiontraíocht, infheistíocht agus gnó.  

 

Lena chois sin, tá sé d’aidhm ag an chomhpháirtíocht a bheith ag comhoibriú go dlúth chun tacú le, agus chun bheith ag úsáid, acmhainní atá ar fáil leis na healaíona a chothú san oideachas agus ar thograí a bhfuil spéis ag an dá eagraíocht iontu agus a rachaidh chun sochair don phobal i nDún na nGall, go háirithe tograí a chuirfidh úsáid na Gaeilge chun cinn.

 

Tá an doiciméad ag teacht le pleananna straitéiseacha agus ráitis straitéiseacha an dá eagraíochta.

 

Sheol BOO Dhún na nGall a Ráiteas Straitéise 2022-2026 An Fhoghlaim a Athrú ó Bhonn – Saol na nDaoine a Athrú anuraidh, agus i measc trí théama bhí an comhoibriú le páirtnéirí, chomh maith le teagasc, foghlaim agus measúnacht agus eagraíocht fhorásach fhreagrach.

 

Tá lúcháir ar Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach le BOO Dhún na nGall, an Meabhrán Tuisceana le Comhairle Contae Dhún na nGall a shíniú, agus dúirt sí: “Cuireann BOO Dhún na nGall luach mór ar a chuid oibre le Comhairle Contae Dhún na nGall, mar go dtig leis an dá eagraíocht na buntáistí a bhaineann le cur chuige comhoibritheach dár gcontae. D’oibrigh an dá eagraíocht go maith le chéile ar roinnt réimsí san am atá thart agus tá muid ag tnúth le tógáil ar an mhéid atá bainte amach go dtí seo agus leis na naisc eadrainn a neartú níos mó sna blianta atá romhainn.” 

 

Tá roinnt cuspóirí straitéiseacha istigh i bPlean Corparáideach Chomhairle Contae Dhún na nGall 2020-2024, a bhfuil ina measc an fás a thiomáint, seirbhísí a sholáthar, pobail a chumasú, bogadh i dtreo athléimneacht aeráide ísealcharbóin agus cumas eagraíochtúil a thógáil.  

 

D’fháiltigh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G McLaughlin, roimh shíniú an Mheabhráin Tuisceana le BOO Dhún na nGall, agus dúirt: ‘Is é atá sa Mheabhrán seo aitheantas foirmeálta don chaidreamh oibre den chéad scoith atá ann idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus BOO Dhún na nGall, agus treisíonn sé an luach agus an tábhacht a chuireann an dá eagraíocht ar an chomhoibriú le chéile chun tarraingteacht agus dea-chlú réigiún an Iarthuaiscirt a fheabhsú mar áit le haghaidh soláthar oideachais. Trí bheith ag comhoibriú le chéile,  cuirfidh muid feabhas ar an todhchaí eacnamúil atá i ndán do réigiún iomlán an Iarthuaiscirt, agus cuideoidh muid le poist a mhealladh, a fhorbairt agus a bhuanú do na glúnta atá le teacht’.

 

Bunófar Grúpa Pleanála Straitéiseach chun bualadh le chéile go rialta le plé a dhéanamh ar an chomhpháirtíocht a oibriú agus a fhorbairt go straitéiseach.