Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

15-06-2023 – Is fiú go mór Saoire Oibre a dhéanamh i nDún na nGall!

‌‌#WorkHolDL Launch image

Íomhá ó sheoladh #WorkHolDL – Ó chlé: Elaine Whoriskey (Oifigeach Forbartha Eanamaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall) Garry Martin (Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Seirbhísí Éigeandála agus Córais Faisnéise, Comhairle Contae Dhún na nGall), Niamh Walsh, An Clr. Donal Kelly, Seamus Mc Hugh, Anne Marie Conlon (Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall), Dean Gillespie (Bainisteoir Ionad Fiontraíochta an BASE, Srath an Urláir), Mary Doherty (Bainisteoir Ionad Pobail an Chraoibhín, An Tearmann), Mícheál ó Duibhir (Bainisteoir gteic@ Gaoth Dobhair, Údarás na Gaeltachta). 

 

Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le líonra leathan de mhoil dhigiteacha chianoibre d’ardchaighdeán ar fud an chontae agus le hÉire Shláintiúil, feachtas Saoire Oibre 2023 in gteic@ CarraigAirt Dé Máirt, 13 Meitheamh.

 

Leanfaidh an feachtas seo ar aghaidh go deireadh mhí Dheireadh Fómhair agus é mar aidhm aige deiseanna a sholáthar do dhaoine sult a bhaint as gach rud atá ar fáil i nDún na nGall, níos mó ama a chaitheamh le cairde agus clann, agus san am céanna, an deis a thapú triail a bhaint as na háiseanna i measc na bpobal bríomhar ionchuimsitheach laistigh de na moil dhigiteacha i nDún na nGall,  gan aon am ná obair dá gcuid féin a chailliúint.

 

Chomh maith le pas lae SAOR IN AISCE a fháil chun bheith ag obair i mol rannpháirteach, beidh deis ag na rannpháirtithe fosta a bheith ag plé le tionscnamh ‘Dollair Chathartha’ Éire Shláintiúil, ar cuspóir leis sláinte intinne agus colainne na rannpháirtithe a fheabhsú, cuidiú leo chun comhtháthú lena bpobail, agus tacú le gnólachtaí áitiúla.

 

San iomlán, ta 12 mhol digiteach ar fud an chontae atá ag glacadh páirte san fheachtas, ag clúdach gach cearn den chontae, ó Charn Domhnach agus Bun Cranncha san Oirthuaisceart, go Bun Dobhráin san Iardheisceart agus ach réigiún idir eatarthu.  

 

Ag caint dó ag seoladh an fheachtais ag gteic @ CarraigAirt, mhínigh Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Bhaile na nGallóglach an Clr. Dónal Kelly an tábhacht a bhaineann leis obair chianda do Dhún na nGall. “De réir mar a tháinig borradh ar an obair chianda, tháinig Dún na nGall chun tosaigh sa réimse seo. Tá an tírdhreach athraithe ó bhonn againn chun freastal ar riachtanais na n-oibrithe cianda agus fostóirí.’  

 

“Tá gréasán de mhoil chomhoibrithe dhigiteacha agus nuálaíochta ag fás ar fud an chontae i nDún na nGall. Tá Dún na nGall i measc an bheagán contaetha in Éirinn a mbíonn a ghréasán cuimsitheach mol ag comhoibriú agus ag comhroinnt eolais lena chinntiú go mbíonn rath ar Dhún na nGall mar réigiún. Ciallaíonn an cultúr comhoibritheach seo, i gcomhar leis an ardchaighdeán saoil atá ar tairiscint anseo, go bhfuil Dún na nGall in áit mhaith le tallann a mhealladh chuig an réigiún agus í a choinneáil.”

 

Chuir Garry Martin, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall síos ar an rath a bhí ar an fheachtas deireanach agus an tionchar a bhí aige ar na moil agus ar na pobail ar fud an chontae ó thaobh tallann a mhealladh: “Bhí an feachtas Saoire Oibre iontach tábhachtach leis an ardchaighdeán domhanda de ‘thairiscintí’ atá ag Dún na nGall a chur chun cinn mar áit iontach le haghaidh oibrithe cianda. Léirigh an rath a bhí ar an fheachtas in 2022 é seo go láidir, chomh maith leis an obair mhór a rinne páirtnéirí forbartha ar fud an chontae leis an bhonneagar a éascú a chuireann ar ár gcumas nascacht ardluais a thabhairt isteach chuig gach pobal sa chontae”.  

 

Thug Anne Marie Conlon, Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall, eolas faoi na gnéithe a gcuirfí béim orthu san fheachtas ó thaobh oibrithe cianda de: ‘i gcomhar lenár nDiaspóra, tá sé d’aidhm ag an fheachtas seo fánaithe digiteacha a mhealladh agus a spreagadh chun tabhairt faoi mheascán den obair agus den tsaoire i nDún na nGall. This le turasóir an lae inniu a bheith ina oibrí agus infheisteoir an lá arna mhárach”.   

 

Thug Margaret Fitzgerald, Comhordaitheoir Éire Shláintiúil le Comhairle Contae Dhún na nGall, cuntas ar ar “Thionscnamh na nDollar Cathartha’ a seoladh i mí na Bealtaine, 2023 agus a bheas ar siúl go dtí Samhain 2023. “Má tá aon phobal chun an leas agus an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an saol is gá dóibh a bheith sláintiúil. Is gá é sin fosta leis an timpeallacht cheart a chruthú chun postanna a chothabháil agus chun cúram a thabhairt do na daoine is leochailí sa tsochaí. Tá sé d’aidhm ag Tionscnamh na nDollar Cathartha spreagadh agus tacaíocht a tabhairt do dhaoine lena meabhairshláinte a fheabhsú, lena leibhéil aclaíochta fisiciúla a mhéadú, agus le go spreagfaí rannpháirteachas le grúpaí áitiúla pobail chomh maith le tacaíocht do ghnólachtaí áitiúla.

 

Tá Feachtas Saoire Oibre Dhún na nGall ag fáil tacaíochta chomh maith trí na hionadaithe ar son na hoibre cianda, mar atá Dún na nGall Digiteach, Údarás na Gaeltachta, Moil Nasctha, Coimisiún Forbartha an Iarthair agus Fás go Cianda. Lean an feachtas ar na meáin shóisialta trí na haischlibeanna seo a úsáid: SaoireOibreDNG agus #WorkHolDL.

 

Má tá aon duine ar lorg dearbhán Saoire Oibre SAOR IN AISCE a fháil, logáil isteach chuig Donegal.ie/workholdl agus líon isteach do chuid sonraí inniu!