Ag caint dó faoi thábhacht an tionscadail seo, leag an Clr Ó Bléine béim ar an dóigh a gcuideoidh sé le cothrom na féinne a thabhairt do gach duine chun a bheith in ann sult a bhaint as tránna áille an cheantair.
“Tá ár gcuid tránna áille i measc na n-acmhainní pobail is fearr atá le fáil i nDún na nGall,” a dúirt an Clr. Ó Bléine. Soláthraíonn forbairt an chlárchosáin seo i Machaire Bhardáin, Port an tSalainn, rochtain níos fearr do gach cuairteoir, ag cruthú acmhainn phobail a rachaidh go mór chun sochair d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí, teaghlaigh a bhfuil daoine níos sine agus páistí beaga iontu, agus daoine aonaracha a bhfuil deacrachtaí gluaiseachta acu.”
Léirigh na baill áitiúla d’Ionad Dhún na nGall don Mhaireachtáil Neamhspleách agus de Chumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Danny Boyce agus Michael Cassidy, a bhí i láthair ag an seoladh á sástacht leis na háiseanna úra agus dúirt siad go raibh siad ag tnúth le iad a úsáid go minic sna míonna amach romhainn.
Ghlac an Clr Ó Bléine an deis le comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach i bhforbairt an tionscadail seo. Ina measc seo, tá baill foirne dhúthrachtacha ó rannóga éagsúla de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, an coiste pobail áitiúil, na Baill Tofa ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn/Bhaile na nGallóglach as a dtacaíocht i bhfoirm maoinithe faoin Mhiondeontas Turasóireachta, agus an conraitheoir McFadden Ltd as a gcuid oibre éifeachtúil leis an chlárchosán a chur isteach.
Tharla rath ar an tionscadal seo mar gheall ar an mhéid tacaíochta a fuarthas ó Chlár Pobail Shláintiúla an Iarthuaiscirt agus na Gaeltachta de chuid Sláintecare. Tríd an chlár seo, cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) ar chumas daoine aonaracha agus pobail a bheith gníomhach ó thaobh aclaíocht fhisiciúil agus gníomhaíochtaí faoin aer de, rud a chothaíonn feabhas i sláinte agus folláine na ndaoine.
Labhair Mícheál Mac Gairbheith, Stiúrthóir Seirbhíse Uisce agus Timpeallachta faoi chomh tábhachtach agus atá an trealamh gluaiseachta agus leag sé béim ar an dóigh a dtacóidh sé leis an chlárchosán chun cur le fiúntas agus le hinúsáideacht an bhonneagair úir inrochtana seo.
Dúirt sé fosta, an samhradh seo, go gcuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall 14 chathaoir rothaí Hippocampe ar fáil ar fud an chontae, ag ligint do dhaoine sult agus saoirse a bhaint as bheith ag dul thart ar thalamh amach ó bhóthar.
Bhí an tUas. Mac Gairbheith iontach tógtha go háirithe go bhfuil Dún na nGall ar an chéad Chomhairle Contae le ‘Siúladán Rothaí Inrochtana’ a thabhairt isteach. Is gléas ‘Aoisbháúil’ é seo a sholáthraíonn tacaíocht dóibh siúd a bhíonn ag streachailt le cothromaíocht agus seasamh ar na cosa. Agus suíochán laistigh ann mar chuid de, tugann sé deis do dhuine scíste a dhéanamh ar an bhealach, rud a ligeann do dhaoine sult a bhaint as a lá amuigh faoin aer.
Dúirt Catherine McGuigan, Príomhfheidhmeannach le hAoisbhá na hÉireann go bhfuil lúcháir uirthi “go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag Dún na nGall chun tionscnaimh Aoisbháúla a chur chun cinn ar na tránna le tabhairt isteach na chéad Siúladán Inrochtana agus tríd an obair leanúnach atá ag siúl i dtreo an chéad Trá Aoisbháúil in Éirinn a bheith ann ag an Fhearthainn, Port Nua”.
Thug an tUas. Mac Gairbheith ardmholadh fosta don obair a rinneadh faoi Chlár Phobail Shláintiúla Sláintecare, inar éascaíodh Comhairle Contae Dhún na nGall le sraith de Iniúchtaí Inrochtana a dhéanamh ar thránna Brait Ghoirm. D’aithin na hiniúchtaí seo réimse inar gá feabhas a dhéanamh a thig a úsáid mar theimpléad le gach trá i nDún na nGall a thabhairt suas go dtí an leibhéal is fearr ó thaobh na hinrochtaineachta de.
Tá Comhairle Contae Dhun na nGall tiomanta chun gréasán de thránna inrochtana a thógáil ina mbeidh cathaoireacha rothaí do thránna agus do gach cineál talún ar fáil ag Port an tSalainn, Na Dúnaibh, Cnoc an Mharmair, Carraig Fhinn, Fionntrá, Ros Neamhlach, Bun Dobhráin, Ráth Maoláin, An Fhearthainn, Sliabh Sneachta, agus sna seachtainí amach romhainn a bheas ag teacht go Trá na Cille (Dún Fionnachaidh), Cúil Dabhcha, Ráth Maoláin (2) agus Inis Eoghain.
Tá an trealamh gluaiseachta ag trá Mhachaire Bhardáin ar fáil ó na Gardaí Tarrthála Trá ar 087 2581160