Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meitheamh 2023

16-06-23 Comhpháirtíocht Fáis Straitéisigh an Iarthuaiscirt ag athdhíriú ar iarrachtaí comhoibrithe

 NWSGP Meeting June

Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Liam Ó Bléine, ag déanamh comhchathaoirleachta ar chruinniú de chuid Chomhpháirtíocht Fáis Straitéisigh an Iarthuaiscirt i gcomhar le Méara úrcheaptha Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, An Clr Patricia Logue

Tháinig baill de Chomhpháirtíocht Fáis Straitéisigh an Iarthuaiscirt le chéile in Óstán an Everglades i nDoire inniu (16 Meitheamh, 2023) le cluinstin faoin obair atá ar siúl le deiseanna straitéiseacha i dtaca le fás agus rath eacnamaíochta a thabhairt chun cinn i Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt.

 

Reáchtaladh an cruinniú Comhpháirtíochta idir oifigigh shinsearacha Rialtais ó Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann agus ó Rialtas na hÉireann araon, chomh maith le ceannairí pobail agus oifigigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin.  

 

Fuair na baill a bhí i láthair ag an chruinniú na tuairiscí is déanaí ar réimse de dhíospóireachtaí téamaithe a bhí á n-óstáil ag rúnaíocht na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas maidir le Geilleagar agus Infheistíocht, Oideachas agus Scileanna Breise agus Tríú Leibhéal, agus Turasóireacht agus Sláinte. Rinne an grúpa plé cuimsitheach fosta maidir leis an Fhís Straitéiseach agus Tosaíochtaí Réigiúnacha/Meabhrán Tuisceana Athbhreithnithe don Earnáil Oideachais Tríú Leibhéal i Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt. Tugadh cur i láthair do na baill fosta faoin Ghníomhaireacht nuálach le haghaidh Fuinneamh Réigiúnach atá ag cur chun cinn an chláir chlaochlaithe ghlais i Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt.   

 

Is struchtúr ar leith í Comhpháirtíocht Fáis Straitéisigh an Iarthuaiscirt a bunaíodh den chéad uair in 2016 tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas, chun tacaíocht agus plé a sholáthar maidir le Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt.  

 

Thacaigh an Lárionad Idirnáisiúnta le haghaidh Forbairt Áitiúil agus Réigiúnach (ICLRD) leis an chruinniú, a bhí faoi chomhcheannas ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, agus cathaoirleacht á déanamh ag an dá Mhéara. Tá an Chomhpháirtíocht bunaithe i gcomhar le, agus tacaithe ag, Oifig na Feidhmeannachta agus Rialtas na hÉireann.  

 

Mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, d’fháiltigh an Clr Liam Ó Bléine roimh na rannpháirtithe ar fad agus leag sé béim ar an tábhacht atá leis an chomhpháirtíocht ar leith seo. Dúirt sé: ‘Le chéile, tá muid freagrach as tionscnaimh chomhtháite trasteorann a chur i bhfeidhm ar mhaithe le Réigiún Cathrach Iarthuaisceart na hÉireann a fheabhsú. Ón bhliain 2016, tá muid ag comhoibriú le chéile mar chomhpháirtíocht ar leith chun tacú le tiomantas an réigiúin don fhás agus don fhorbairt. Tá mé bródúil as a bhfuil bainte amach againn ón am sin. Tá Doire, Dún na nGall agus An Srath Bán fite fuaite go dlúth lena chéile. Déanann ár gcuid saoránach cónaí, obair agus caitheamh aimsire trasna an cheantair teorann seo. Tá seirbhísí, bia, bonneagair agus cultúir á gcomhroinnt againn lena chéile.”  

Ag caint dó i ndiaidh an chruinnithe, dheimhnigh an Cathaoirleach, An Clr. Liam Ó Bléine, gur cruinniú eolasach léargasach a bhí ann do gach duine a bhí i láthair, agus gur tharraing an cruinniú aird ar an chomhoibriú suntasach trasteorann atá ar siúl sa réigiún agus an toilteanas atá ann ar an dá thaobh ar son athnuachan shóisialta, eacnamaíochta agus timpeallachta – agus ar son fhorbairt chothrom réigiúnach an Iarthuaiscirt.  

 

Bhí Méara úrthofa Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr. Patricia Logue, i mbun comhchathaoirleachta ar an chruinniú agus dúirt sí gur cruinniú thar a bheith suimiúil agus faisnéiseach a bhí i gcruinniú seo na Comhpháirtíochta. “Cruinniú iontach tábhachtach é seo ar fhreastail oifigigh iontach sinsearach air ó na rialtais ar fud oileán na hÉireann agus bhí mé iontach tógtha faoin leibhéal oibre atá ar siúl ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann le scileanna agus oideachas tríú leibhéal, turasóireacht agus sláinte chomh maith leis an gheilleagar agus infheistíocht. Is údar mór misnigh é go bhfuil oifigigh shinsearacha Rialtais ina suí thart ar an tábla ag obair i gcompháirt lena chéile chun pleananna ardaidhmeannacha a thiomáint chun tosaigh dár réigiún.

 

“Bhí cruinniú an lae inniue iontach spéisiúil agus faisnéiseach agus thug sé dóchas dúinn cluinstin faoin obair ar fad atá ar siúl ar an leibhéal comhoibritheach chun tosaíochtaí a fhorbairt, agus tabhairt fúthu, le Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt a fhás agus a fhorbairt. Bhí sé dearfach fosta cluinstin go pearsanta faoin chur chuige comhtháite straitéiseach maidir le cruthú fostaíochta agus cur chun cinn FDI, ár bhfís chomhroinnte ar son oideachas breise agus ardoideachais, agus gealltanas chun dul i ngleic le bacanna trasteorann agus dúshláin trasteorann atá ag an earnáil turasóireachta s’againn, amhail Acht Theorainn Náisiúnta na Ríochta Aontaithe 2022 má thagann sé i bhfeidhm. Bhí áthas orm fosta a chluinstin go bhfuil gealltanas ann chun athbhreithniú a dhéanamh ar an chomharthaíocht turasóireachta agus go n-aithnítear go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh ó thaobh an chomhoibrithe de chun seirbhísí meabhairshláinte níos fearr a sholáthar agus ar an dóigh a dtig linn comhoibriú le chéile chun féachaint le struchtúir Thuaidh Theas atá ann cheana féin a úsáid ar mhaithe le comhroinnt sonraí agus deiseanna forbartha.

 

NWSGP Group

Iad siúd a bhí i láthair ag cruinniú de chuid Chomhpháirtíocht  Fáis Straitéisigh an Iarthuaiscirt a bhí ar siúl in Óstán an Everglades i nDoire inniu (16 Meitheamh, 2023)

 

Gné thábhachtach eile den chruinniú ná an tuairisc is déanaí ón Ghníomhaireacht um Fhuinneamh Réigiúnach maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar an chlár oibre i dtreo an chlaochlaithe ghlais i Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt. Chuala na toscairí ag an chruinniú faoin dóigh a bhfuil an dá Chomhairle ag bogadh ar aghaidh le Claochlú Glas an Ráitis i dTaobh Intinne ag Réigiún Cathrach Iarthuaisceart na hÉireann, a bhfuil sé mar chuspóir aige an deis claochlaithe le haghaidh ‘fás glas’, inbhuanaitheacht fheabhsaithe agus cosaint ár n-acmhainní, a thapú, agus cuireann sé an réigiún in áit inar féidir leis a bheith ag cuidiú le spriocanna tábhachtacha aeráide atá leagtha síos ag an dá Rialtas a bhaint amach sna blianta amach romhainn, trí mhais chriticiúil de spriocanna a bhaint amach maidir le laghdú astaíochtaí carbóin, fuinneamh glan a tháirgeadh, nuálacht ghlas, agus cosaint agus caomhnú feabhsaithe a bhaint amach trí chur chuige comhoibritheach trasteorann.

 

Insan tuairisc, chuala na toscairí faoin dóigh a bhfuil an dá Chomhairle ag obair i dtreo sprioc ghinearálta le bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoin bhliain 2045 tríd an oidhreacht nádúrtha agus an bhithéagsúlacht a athnuachan, a chosaint agus a fheabhsú agus trí bheith ag comhoibriú le chéile chun fás láidir eacnamaíochta a bhaint amach trí gheilleagar ciorclach, dramhaíl nialais agus tionscaimh acmhainn-éifeachtacha a gheobhaidh tacaíocht ó réimse straitéisí agus tionscadal faoi bhonneagar glas, amhail fuinneamh réigiúnach, gníomhú aeráide agus geilleagar inbhuanaithe.

 

Ag croílár an tiomantais réigiúnaigh seo ar son Claochlú Glas, leanfar le bheith ag tiomáint ar aghaidh le nuálachtaí ceannasacha le haghaidh forbairt réigiúnach agus fás eacnamaíochta, taobh le taobh le caighdeán saoil níos fearr, agus san am céanna, acmhainní nádúrtha, gnáthóga agus timpeallacht an réigiúin a chothabháil. Is ó mheitheal ildisciplíneach de ranna ábhartha agus d’aonaid ábhartha, laistigh de Chomhairle Contae Dhún na nGall agus de Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, a forbraíodh Ráiteas i dTaobh Intinne an Chlaochlaithe Ghlais, agus rinne an Lárionad Idirnáisiúnta le haghaidh Forbraíocht Áitiúil agus Réigiúnach é a éascú.   

 

Ghabh John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas le gach rannpháirtí agus dúirt sé go raibh cruinniú an lae inniu iontach tairbhiúil agus cuidiúil i dtreo naisc níos láidre a chothú idir an dá Chomhairle, a bpáirtnéirí agus an dá rialtas, agus luaigh sé arís go bhfuil an comhoibriú fíorthábhachtach chun go mbeidh rath ar na hiarrachtaí le Réigiún Cathrach a fhorbairt atá bisiúil, inbhuanaitheach agus rathúil. 

 

Ag gabháil buíochas ó chroi le gach duine a ghlac páirt sa chruinniú, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Bain, John Kelpie, go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh anois na naisc láidre seo le hoifigigh shinsearacha rialtais a choinneáil agus leag sé béim arís ar a thábhachtaí agus atá an comhoibriú seo’.