Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar Mheitheal Oibre an Chraoslaigh agus ar Chumann Pobail an Chraoslaigh, le tacaíocht ó Arup, an Dréachtphlean Sráidbhaile agus an Dréacht-Tionscadal Athnuachana Pobail, a chur i láthair le haghaidh comhairliúchán poiblí.
Tá an próiseas leis an Dréachtphlean Sráidbhaile a ullmhú faoi cheannas ag an tseirbhís chomhairleoireachta ildisciplíneach agus idirnáisiúnta Arup, atá ag soláthar a gcuid seirbhísí pro bono chun cuidiú le Pobal an Chraoslaigh. Tá Meitheal Oibre na Comhairle agus Cumann Pobail an Chraoslaigh buíoch as an tairiscint fhlaithiúil seo a fháil ó thaobh seirbhísí agus tacaíochta. Tá an Tionscadal Athnuachana Pobail, faoi cheannas Chomhairle Contae Dhún na nGall, lonnaithe ar thailte Iontaobhaithe ar chúl Eaglais Pharóiste Naomh Mícheál agus tá sé á fhorbairt i dtreo toiliú pleanála agus maoiniú caipitil ag Foireann Athnuachana agus Forbartha na Comhairle i gcomhar leis an phróiseas chun an Plean Sráidbhaile a ullmhú.
Tá na tionscadail seo forbartha anois go dti céim an dréachtdhearaidh, i ndiaidh na chéad chéim de chomhairliúchán poiblí a tharla idir 4 agus 25 Bealtaine 2023.
Beidh an comhairliúchán poibli maidir leis an Dréachtphlean Sráidbhaile agus An Dréacht-Tionscadal Athnuachana Pobail ar siúl idir an Déardaoin 22 Meitheamh agus Déardaoin 13 Iúil, 2023, agus seo a leanas na príomh-imeachtaí a bheas i gceist:
Beidh fógraí poiblí agus teachtaireachtaí maidir leis na himeachtaí seo á n-eisiúint ar dhóigheanna eile fosta.
Aon duine nach bhfuil in ann freastal ar an imeacht eolais poiblí, is féidir leo amharc ar ábhar cuí an chomhairliúcháin phoiblí ar líne ón Déardaoin 22 Meitheamh 2023 ar:
https://creesloughvillageplan.commonplace.is/
Nó trí chóip a iarraidh ó:
An Fhoireann Athnuachana agus Forbartha (The Regeneration and Development Team), Comhairle Contae Dhún na nGall, Ionad na dTrí Abhainn, Leifear, Co. Dhún na nGall
Guthán: 0749153900;
Rphost: [email protected]
Is féidir aighneachtaí nó breathnúcháin maidir leis an dréacht-ábhar comhairliúcháin phoiblí roimh 4.30pm Déardaoin 13 Iúil, 2023 ar na dóigheanna seo a leanas:
Agus muid ag leanúint orainn leis an obair seo, ba mhaith leis na heagraíochtaí agus comhlachtaí thuasluaite an tragóid a tharla ar an tsráidbhaile ar an 7 Deireadh Fómhair a aithint agus a thabhairt chun cuimhne, agus gabhaimid ár gcomhbhrón ó chroí leis an phobal ar fad agus le gach duine a d’fhulaing de bharr na tragóide seo. Tá muid i dteagmháil go príobháideach leis na teaghlaigh a d’fhulaing go díreach de bharr na tragóide le meas a thabhairt dá gcuid mianta agus mothúchán, dá bpríobháideachas, dá ndúbhrón, agus dá ndínit, i gcónaí agus i dtólamh. Tá súil againn go ndéanfaidh gach duine a bheas páirteach sa phróiseas seo amhlaidh, agus go léireofar, os cionn gach rud eile, meas ar na teaghlaigh agus ar phobal an tsráidbhaile.