Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Meán Fómhair 2023

29-09-2023 - Bomaití Sonais ag do Leabharlann Áitiúil, togra de chuid Éire Shláintiúil, seolta

Cathaoirleach of Donegal County Council, Cllr. Martin Harley pictured launching the Moments of Happiness at your Library Initiative.

Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Martin Harley, agus é ag seoladh an togra Bomaití Sonais ag do Leabharlann Áitiúil. Sa phictiúr ina seasamh ó chlé: Ciara Cunanne, Comhordaitheoir an tionscadail Éire Shláintiúil ag do Leabharlann; Belinda Glackin, Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall; Sinead Noonan, Leabharlannaí an Dá Bhaile; Paddy Doherty, Bainisteoir Rannáin, Forbairt Pobail; Ciarán Martin, Forbairt Pobail; Hugh Carlin, Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall; Richard Ryan, Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall; Christina O'Donnell, Cuimsiú Sóisialta, Forbairt Pobail; Kirsty Browne, Comhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall. Ina suí ó chlé: Deirdre Laverty, Seirbhísí Tacaíochta um Measúnú Cuimhne, FSS; Margaret Fitzgerald, Comhordaitheoir Éire Shláintiúil; Dara McDaid, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; Donna Kavanagh, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin, Seirbhísí Leabharlainne Dhún na nGall.

 

Sheol Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Martin Harley, an tionscnamh Bomaití Sonais ag do Leabharlann Áitiúil, de chuid Éire Shláintiúil, a bhaineann úsáid as an chóras nuálach cluichí Tovertafel, a bhfuil gradaim buaite aige, chun tionchar dearfach a imirt ar chaighdeán saoil leanaí a bhfuil uathachas orthu, seanóirí atá ina gcónaí le néaltrú agus daoine fásta faoi mhíchumas intleachta, ag baint úsáide as cluichí idirghníomhacha solais a spreagann gníomhaíocht choirp,  idirghníomhaíocht shóisialta, cognaíocht, agus bomaití beaga sonais.

 

Cathaoirleach of Donegal County Council, Cllr. Martin Harley with Catherine McGeehan at the launch of the Healthy Ireland Moments of Happiness at your Library Initiative.

Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Martin Harley in éineacht le Catherine McGeehan ag seoladh an tionscadail Bomaití Sonais ag do Leabharlann Áitiúil, de chuid Éire Shláintiúil.

 

Ag an seoladh, a bhí ar siúl i Leabharlann an Dá Bhaile in Ionad Fiontar an BASE i Srath an Urláir, thug an Clr. Harley ómós do Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus dúirt sé: 'Is acmhainn spraíúil, saor in aisce, chuimsitheach iad ár leabharlanna i gcroílár ár bpobal – áit ar féidir le duine ar bith foghlaim, eolas a fháil agus forbairt a dhéanamh, beag beann ar aois, cumas, oideachas nó ioncam agus tugann an tionscnamh Bomaití Sonais, atá á mhaoiniú ag Éire Shláintiúil, deis ar leith dúinn tacú lenár bpobal áitiúil agus an cúram cuimsitheach a chur chun cinn laistigh de’.

 

Mhínigh Ciara Cunnane, Comhordaitheoir le Éire Shláintiúil i do Leabharlann, gurb é an chiall atá le 'Tovertafel' san Ollainnis ná 'Tábla Draíochta' agus go soilsíonn sé íomhánna bríomhara, cruthanta ar dhromchla bán i bhfoirm cluichí a imoibríonn fiú leis na lámha is lú agus na gluaiseachtaí is lú, ag cruthú éifeacht "draíochtúil" a ghabhann agus a spreagann aird na n-úsáideoirí. Rinne Ciara cur síos ar na buntáistí duinelárnach a bhaineann leis an chineál seo súgartha sainchuspóireach agus thug sí le fios cé gur áis úr é an Tovertafel i Leabharlann an Dá Bhaile, go bhfuil Tovertafel-anna agus Faighneoga Céadfacha ar fáil don phobal ar fad mar chuid de Sheirbhísí Céadfacha Leabharlann Dhún na nGall i Leabharlann Bhun Cranncha, Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair agus Leabharlann Bhun Dobhráin faoi seach.

 

Agus í ag cur síos ar thábhacht Chlár Éire Shláintiúil, dúirt Comhordaitheoir Éire Shláintiúil do Dhún na nGall, Margaret Fitzgerald: "Cuireann Clár Éire Shláintiúil fócas trasearnála ar fáil chun sláinte agus folláine gach duine atá ina gcónaí in Éirinn a fheabhsú agus tacú leis agus tá sé lárnach in obair Chomhairle Contae Dhún na nGall agus in obair Choiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall."

 

Students from Robertson National School, Stranorlar and Bluestacks Training and Progression Programme creating Moments of Happiness using the Tovertafel!

Daltaí ó Scoil Náisiúnta Mhic Roibeaird, Clár Oiliúna agus Dul Chun Cinn Shrath an Urláir agus na gCruach Gorm ag cruthú Bomaití Sonais ag baint úsáid as an Tovertafel!

Maoinítear an tionscnamh Bomaití Sonais ag do Leabharlann Áitiúil faoi Chlár Éire Shláintiúil, a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Sláinte.

 

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi aon cheann de na seirbhísí céadfacha a úsáid, lena n-áirítear an Tovertafel, buail isteach nó déan teagmháil leis na leabharlanna mar seo a leanas