Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall tús a chur le próiseas comhairliúcháin maidir leis an fhorbairt atá beartaithe a dhéanamh ar Chonair Chultúrtha Leitir Ceanainn, ar togra spreagúil é chun feabhas a chur ar an chosán agus na spásanna poiblí atá ann cheana féin idir Amharclann an Ghrianáin, an tIonad Cultúrtha Réigiúnach agus Músaem Chontae Dhún na nGall chun Ceathrú Cultúrtha bríomhar a chruthú ar an bhaile. Tá na pleananna don togra ar fáil anois le haghaidh comhairliúcháin phoiblí tríd an phróiseas toilithe pleanála faoi Chuid 8 agus iarrtar ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl.
Díríonn an togra ar eispéireas amharclainne ó dhoras go doras a chruthú chun feabhas a chur ar an ‘bhraistint teachta’ (sense of arrival) idir gach ionad cultúrtha agus chuig Club Leadóige Leitir Ceanainn agus Club Dornálaíochta Leitir Ceanainn. Áirítear leis:
Agus é ag cur fáilte roimh an chomhairliúchán poiblí faoin togra, dúirt Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach, an Comhairleoir Kevin Bradley, 'Is togra spreagúil é seo chun feabhas a chur ar an cheantar thart ar na trí ionad cultúrtha iontacha atá againn agus an Club Leadóige agus Dornálaíochta chomh maith. Cuirfidh sé feabhas ar inrochtaineacht coisithe, déanfaidh sé uasghrádú ar spásanna poiblí atá in úsáid go maith cheana féin agus tabharfaidh sé go leor deiseanna d'ealaín phoiblí, d'fhéilte agus do chruinnithe'. Dúirt sé fosta: 'Tá lúcháir orm an chlochmhíle seo a bhaint amach chun an scéim pleanála atá beartaithe a chur os comhair an phobail agus mholfainn don phobal ar fad breathnú ar na pleananna agus ar na tuairimí aiseolais le linn an phróisis chomhairliúcháin'.
Ullmhaíodh an scéim pleanála i gcomhpháirtíocht idir Músaem Chontae Dhún na nGall, an tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Amharclann an Ghrianáin agus Foireann Athnuachana agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall in éineacht le Pasparakis Friel Architects a ceapadh in 2020 chun an coincheap bunaidh a chruthú faoi chlár 'Reimagine' Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann. Ag labhairt dó faoin tionscadal, dúirt Sosie Pasparakis ó Pasparakis Friel Architects, 'Díghlasálann an tionscadal acmhainneacht folaigh trí spásanna atá ann cheana féin a fhuáil le chéile chun sócmhainn luachmhar chultúrtha a chruthú. Táimid ar bís faoi na buntáistí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a chuireann sé ar fáil don cheantar in aice láimhe agus don bhaile mór.'
Dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhíse um Fhorbairt Pobail agus Seirbhísí Pleanála, 'Tá Conair Chultúrtha Leitir Ceanainn ar cheann de roinnt tograí athnuachana faoi chlár Leitir Ceanainn 2040. Tá sé mar chuid de scéim níos leithne d'infreastruchtúr siúil, rothaíochta agus réimse poiblí i lár bhaile Leitir Ceanainn ar a dtugtar LK Green Connect, ar osclaíodh an chéad chéim di go hoifigiúil i mí an Mheithimh i mbliana.' Lean sé ar aghaidh, 'is tionscadal an-tábhachtach é an Chonair Chultúrtha i bhfís na Comhairle chun dromlach lárnach bonneagair inrochtaineachta a chruthú chun cinn scríbe reatha agus pleanáilte lár an bhaile a nascadh agus lár an bhaile a dhéanamh níos insiúlta'.
Tá an tionscadal á chur chun cinn le cur faoi bhráid an Chiste um Athnuachan agus Forbairt Uirbeach le haghaidh na tacaíochta maoinithe a theastaíonn le haghaidh seachadadh caipitil.
Tá na pleananna agus na líníochtaí don fhorbairt bheartaithe ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí go dtí Déardaoin 9 Samhain 2023 agus ba mhaith linn do chuid smaointe a chloisteáil.
Is féidir leat féachaint ar na pleananna agus aighneacht a dhéanamh ag bit.ly/46mrq8U nó an cód QR a scanadh
nó
Buail isteach chun na pleananna a fheiceáil in Oifigí na Comhairle in Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn nó i dTeach an Chontae, Leifear.
Tabhair do thuairim roimh 4.30pm Déardaoin 9 Samhain 2023