Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Deireadh Fómhair

04-10-2023 - Wainfest 2023 – Bí réidh le haghaidh turas lán iontais agus cruthaitheachta

 

Pilleann Wainfest, an Fhéile bhliantúil Ealaíona agus Léitheoireachta do pháistí i mbliana idir an 7 agus an 15 Deireadh Fómhair le raon leathan d’imeachtaí iontacha atá abálta spéiseanna agus cúlraí éagsúla na n-intinní óga ar fud an chontae a shásamh. Geallann sé iad a thabhairt ar thuras follasaithe, cruthaitheachta agus iontais a gcuimhneoidh siad air go ceann na mblianta le theacht. Comhcheanglaíonn téama fhéile na bliana seo ‘Ár bPláinéad, Ár mBaile” grá don léitheoireacht, dár gcultúr agus dár n-ealaíona le tiomantas dár bhfreagracht chomhshaoil agus táthar ag súil go spreagfaidh sé páistí Dhún na nGall chun bealaí úra a fhiosrú le cur le gníomhú aeráide.

 

Agus níos mó na 100 imeachtaí saor in aisce do theaghlaigh agus do scoileanna, tá rud éigin ann le achan duine a shásamh i mí Dheireadh Fómhair. I measc na n-imeachtaí suntasacha i bhféile na bliana seo, gheobhaidh tú achan rud ó sheisiúin scéalaíochta idirghníomhacha agus ceardlanna fíorspéisiúla – Is ceiliúradh bríomhar iontach é seo ar litríocht, léann, cruthaitheacht agus cultúr.

 

Tosaíonn na himeachtaí ar an Satharn seo an 7ú le raon leathan imeachtaí teaghlaigh ar siúl fud fad an chontae. Tuige nach dtiocfá thusa chuig an lárleabharlann i Leitir Ceanainn agus do chuid scileanna lámhchleasaíochta a chleachtadh. Fá choinne iad siúd a bhfuil a gcuid croíthe amuigh sa nadúr, tá Glantachán Trá le Teiripe Leachtach i Ros Neamhlach agus maidin de thaiscéalaíocht coillte ag Páirc Coille  na hArda. Fá choinne na bpáistí níos óige atá a lorg dóigh níos suaimhní chun a lá a thoiseacht, tuige nach mbainfeadh sibh triail as an cheardlann Lego ag Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin, nó cuairt a thabhairt ar Leabharlann Phobail Bhun Cranncha le cluinstean ó Isla McGuckin, údar de “Aprils Garden”.

 

Tá clár na scoileanna, mar is gnách, lán d'ealaíontóirí, údair agus taibheoirí clúiteacha. Tá líon teoranta áiteann ann go fóill don scéalaí a bhfuil an-tóir air, Niall De Búrca, in Óstán an Ghrianáin ar an 12 Deireadh Fómhair, agus tá spás ann go fóill fá choinne imeachtaí ar líne le Oein DeBhairduin agus Alan Dunne agus chun iad a cheannacht gabh chuig www.wainfest.ie  chun spás a chur in áirithe don scoil.

 

Thig le teaghlaigh crúsáil fríd an spraoi ar feadh na seachtaine le himeachtaí ar siúl achan lá ar fud an chontae,  ó Cheardlanna Ceardaíochta le Colleen Kearney i Leabharlanna Pobail Bhun Cranncha agus Charn Domhnach, go Seó Pláinéadlainne ag Músaem Muirí Inis Eoghain. Thig leat ligean leat féin agus cúpla coiscéim a dhéanamh ag an dioscó ciúin i Leabharlann Phobail Bhun Cranncha agus Leabharlann Phobail na Rosann. Cibé a shíleann tú fhéin, tá neart deiseanna ann do pháistí de achan aoisghrúpa a gcuid cruthaitheachta a chur in iúl, scileanna úra a fhoghlaim agus rud atá tábhachtach thar aon rud eile, sult a bhaint as!

 

Beidh imeachtaí go leor ag dul ar aghaidh ag Spóirt agus Spraoi i gCarn Domhnach i rith na Féile do pháistí ó achan aois. Gheobhaidh siad deis a gcuid bréagán suaimhneach féin a thógail chuig an Cheardlann “Tóg Béar” agus b'fhéidir fiú, iad a thabhairt leofa go dtí Picnic na mBéiríní an lá dár gcionn.

Ná caill an t-eispéireas Harry Potter a bheas ag pilleadh ar Pháirc Ghort na Darach ar an 7ú, 8ú, 14ú agus 15ú Deireadh Fómhair,  áit a mbeidh achan chineál spraoi draíochtúil fá choinne na gcailleach, na ndraoithe agus na muglaí uilig i nDún na nGall.

 

Beidh Lá Spraoi Teaghlaigh á reáchtáil ag Ionad Oidhreachta Iarnróid Dhún na nGall, áit a bhfuil clú agus cáil air ó thaobh na hoidhreachta de, Déardaoin 12 Deireadh Fómhair. Is féidir le teaghlaigh triail a bhaint as an chéad Chabán Traenach Gaile Idirghníomhach in Éirinn agus a bheith ag spraoi le puzail, múnlaí iarnróid, cluichí agus go leor eile.

 

Tá Wainfest bródúil as a bheith ina féile uile-chuimsitheach agus tá roinnt imeachtaí a oireann do ASD i gclár na bliana seo lena n-áirítear Maia Sensory Play ar an 14 Deireadh Fómhair i Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin. Tiocfaidh deireadh leis an fhéile ar an 15 Deireadh Fómhair agus beidh taispeántas i dteanga na hÚcráine de Mavka: The Forest Song / українська версія ag Pictiúrlanna Eclipse i Leifear/An Srath Bán agus i mBun Dobhráin.

 

Leis an méid sin d’imeachtaí spraíúla teaghlaigh ar siúl ar fud Dhún na nGall agus áirithintí ag líonadh go gasta, ná déan moill agus cuir d’áit in áirithe inniu. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin fhéile, lena n-áirítear eolas faoi áirithintí agus amanna imeachtaí, tabhair cuairt ar www.wainfest.ie.