Beidh seirbhís chomórtha agus chuimhneacháin ar siúl, cothrom bliana ó tharla an pléascadh ar an Chraoslach inar cailleadh deichniúr go tragóideach, ar 3pm Dé Sathairn 7 Deireadh Fómhair, ag láthair na tragóide.
Tá mionsonraí seolta chuig na meáin go háitiúil faoin searmanas seo agus faoin aifreann bigile ar 7:30pm oíche Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair 2023, in Eaglais Naomh Mícheál, An Craoslach, chun comóradh agus cuimhneamh a dhéanamh orthu siúd a fuair bás sa tragóid, agus dóibh siúd a gortaíodh, agus mar bhuíochas dóibh siúd uilig a tháinig chun freagairt don tragóid.
Beidh Bóthar an N56 trí shráidbhaile an Chraoslaigh druidte Dé Sathairn 7 Deireadh Fómhair ó 2:30pm go dtí 4pm; beidh plean bainistiú tráchta agus malairtí slí áitiúla i bhfeidhm.
Is féidir sonraí faoin phlean bainistiú tráchta fá choinne Trácht Neamh-HGB agus Trácht HGV araon (thíos) a fháil ar ardáin mheáin shóisialta An Gharda Síochána agus Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Plean Bainistiú Tráchta do HGVanna
Plean Bainistiú Tráchta d’Fheithiclí nach HGVanna iad
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, na Gardaí go háitiúil, agus oibrithe deonacha áitiúla ag tacú leis an ócáid phobail seo ar an lá.
Cuimhnímid ag an am seo ar an deichniúr a fuair bás go tragóideach:
James O Flaherty
Jessica Gallagher
Martin McGill
Catherine O Donnell
James Monaghan
Hugh Kelly
Martina Martin
Robert Garwe
Shauna Flanagan Garwe
Leona Harper
Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha dílse go léir