Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Deireadh Fómhair

13-10-2023 – Plean Gníomhaíochta Síocháin IV – Áis Ilúsáide Cluichí 4G a fhorbairt i Srath an Urláir

Faoi Théama na Spásanna agus Seirbhísí Comhroinnte de Phlean Gníomhaíochta Síocháin IV, chuir Comhairle Contae Dhún na nGall moladh isteach chun áis ilúsáide cluichí 4G a fhorbairt i Srath an Urláir. Sholáthraíodh an fhorbairt seo áis den chéad scoth i Srath an Urláir do chlubanna/eagraíochtaí ar fud an Chontae, rud a bheadh ag teacht le ceapadh an Dá Bhaile mar Ionad Barr Feabhais Spóirt.  Cheadaigh Foras Chláir Speisialta an Aontais Eorpaigh (FCSAE) an tionscadal seo, mar aon le 9 dtionscadal eile, le Litir Thairisceana ina raibh coinníoll go gcuirfí i gcrích é faoin 30 Meán Fómhair 2023. Ba chóir a lua go bhfuil na 9 dtionscadal eile, cé go raibh siad níos lú mar thionscadail, curtha i gcrích go rathúil in áiteanna éagsúla ar fud an Chontae.

 

Maidir le ceapadh agus úinéireacht láthair an Tionscadail i Srath an Urláir, cuireadh iarratais isteach chuig an Bhord Pleanála i mí Mhárta agus i mí Aibreáin 2022 agus bhíothas ag dréim go nglacfadh sé idir 6-9 mí leis sin a thabhairt chun críche, chomh maith le tréimhse tógála 7 mí ina dhiaidh sin.

 

Is oth linn a rá go gcaithfidh an Chomhairle a dheimhniú anois nach féidir linn leanúint ar aghaidh leis an tionscadal i Srath an Urláir. Cé go bhfuarthas cinntí fabhracha ón Bhord Pleanála i dtaca leis an Tionscadal an tseachtain seo, tá an tréimhse tarraingthe anuas a bhí luaite sa litir thairisceana dulta in éag anois. Ba mhaith leis an Chomhairle aitheantas a thabhairt as comhoibriú agus treoir na maoinitheoirí CFSAE ar feadh na tréimhse seo, ach mar gheall ar an mhoill iomarcach a bhí ar na ceadanna cuí a fháil ón Bhord Pleanála ní féidir an tionscadal seo a chur i bhfeidhm laistigh de chlár ama Síocháin IV, agus dá bhrí sin, nach bhfuil an maoiniú ar fáil leis an tionscadal a thabhairt chun críche.