Page 4 - Donegal CC An Rpt 19
P. 4

                                Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall 2019
Lean ár Rannóg Tithíochta le dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le Tithíocht Shóisialta a sholáthar sa Chontae. Cuireadh 122 Teach Sóisialta i gcrích in 2019 agus cuireadh tús le 114 Teach Sóisialta eile a thógáil. Tá pleanáil ar bun le haghaidh na mblianta amach romhainn.
Reáchtáladh Toghcháin Áitiúla i mBealtaine 2019 agus toghadh 37 comhalta i 7 dToghlimistéar Áitiúla ar Chomhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh téarma 5 bliana. Tionóladh an chéad chruinniú den Chomhairle nua i Meitheamh 2019. Ar an drochuair, níos lú ná mí ina dhiaidh sin, cailleadh duine
dár gcomhaltaí nua go tragóideach, Manus “Mandy” Kelly, le linn dó a bheith ag glacadh páirte i Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall. Cúis bhróin do Manus agus dá chlann nach raibh deis aige ionadaíocht a dhéanamh ar phobal Cheantar Bardasach Leitir Ceanainn/Bhaile na nGallóglach. I mí na Samhna 2019, comhthoghadh athair Manus, Donal, ina chomhalta den Chomhairle d’aon ghuth.
Níl sa mhéid thuasluaite ach léargas gonta ar roinnt de na mórfhorbairtí a rinneadh sa Chontae in 2019. Tá eolas le fáil sa Tuarascáil faoi go leor gníomhaíochtaí agus tionscadal tábhachtach eile atá ar bun inár réimsí éagsúla oibre.
Braitheann go leor den obair a chuirimid i gcrích ar thacaíocht a bheith á fáil againn ó eagraíochtaí agus
ó ghníomhaireachtaí eile. Cabhraíonn an comhoibriú agus an chabhair a thugtar don Chomhairle leis na hathruithe agus na feabhsuithe uile ar ár seirbhísí a dhéanamh chun caighdeán beatha na ndaoine atá ag maireachtáil inár gContae agus a thugann cuairt ar ár gContae a fheabhsú.
Is mian linn buíochas a ghabháil leis na comhaltaí tofa, foireann bainistíochta agus foireann na Comhairle as a dtiomantas agus a ndíograis gach lá, daoine a chabhraíonn linn an ról tábhachtach atá againn i ndáil le forbairt ár gContae a chur i gcrích.
Cathaoirleach Príomhfheidhmeannach
An Clr Nicholas Crossan Seamus Neely
     
























































































   2   3   4   5   6