Page 3 - Donegal CC An Rpt 19
P. 3

                                Réamhfhocal
Cúis áthais dúinn Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae Dhún na nGall don bhliain 2019 a chur in bhur láthair, tuarascáil ina dtarraingítear aird ar an dul chun cinn suntasach atá déanta ag an Chomhairle i rith na bliana agus ar na feabhsuithe ar fad a théann chun tairbhe dúinn ar fad.
Chomh fada is a bhain le cúrsaí Turasóireachta, i mbliana cuireadh príomhthionscadail turasóireachta
na Comhairle i Sliabh Liag agus i gCionn Mhálanna i gcrích. I mí Bealtaine, ag Sliabh Liag, áit a bhfuil na haillte cósta insroichte is airde san Eoraip agus ceann de na pointí is aitheanta feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin, osclaíodh ionad cuairteoirí/mol iompair. Gan aon amhras, cuirfidh na háiseanna riachtanacha
seo feabhas ar eispéireas na gcuairteoirí a thagann chomh fada leis na haillte. In 2019 leanadh leis
an obair a bhain le plean bainistíochta cuairteoirí a fhorbairt do Chionn Mhálanna. Beidh an obair seo mar aon le forbairt na nGlasbhealaí agus tionscadail taitneamhachta áitiúla éagsúla mar bhonn leis na háiseanna atá le fáil sa Chontae seo a fheabhsú. Seoladh an suíomh gréasáin www.govisitdonegal.ie i rith na bliana fosta.
I rith na bliana leanadh leis an obair ar an Phlean Ceantair Áitiúil le haghaidh Leitir Ceanainn atá ainmnithe mar Ionad Fáis Réigiúnach i dteannta le Réigiún Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. Bunaíodh Foireann Athnuachana agus Forbartha nua laistigh den Chomhairle agus ba iad na tosaíochtaí a bhí ag an fhoireann ar dtús forbairt bhreise a dhéanamh ar Leitir Ceanainn agus ar bhailte straitéiseacha eile sa Chontae. I dteannta leis seo bunaíodh Aonad Forbartha Geilleagraí nua arb é an phríomhaidhm a bhí aige dlús a chur le cruthú fostaíochta.
Chomh fada is a bhain leis an infreastruchtúr bóithre, is é an tionscadal Ten-T a bhfuil trí chuid ann - Bealach Féich / Srath an Urláir, Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus Mainéar Uí Chuinneagáin go Leifear / An Srath Bán / A5 - an tionscadal infreastruchtúir is tábhachtaí sa Chontae. In 2019 rinneadh tuilleadh forbartha ar an tionscadal seo i ndáil le dearadh agus roghnú bealaí. Leanadh leis an obair ar chuid de thionscadal an N56/An Clochán Liath go dtí Na Gleannta, agus cuireadh na hoibreacha ar an chuid den bhóthar idir Leitir Ceanainn agus Cill Mhic Réanáin i gcrích.
Tá an Chomhairle ag leanúint lena cuid oibre le Uisce Éireann i ndáil le cothabháil agus feabhsú seirbhísí uisce i nDún na nGall. Leanadh le hinfheistíocht shuntasach a dhéanamh in 2019 a áiríodh ina measc Ionad Cóireála nua a choimisiúnú don Chraoslach. Chomh maith leis sin, leanadh le hoibreacha ag Ionad Cóireála nua do réigiún Leitir Ceanainn agus do réigiún Chroithlí/na bhFrosa chomh maith.
I Meán Fómhair 2019 glacadh le Straitéis um Oiriúnú don Athrú Aeráide 2019-2024 ina sonraítear conas atá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall a chinntiú go mbeidh Dún na nGall in ann déileáil leis an athrú aeráide agus conas atá sé beartaithe ag an Chomhairle an nochtadh do rioscaí aeráide a laghdú agus deiseanna nua a thapú. Sonraítear breis is 100 gníomh sa Straitéis seo atá le cur i gcrích mar chuid dár dtiomantas dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Leathanach 1
























































































   1   2   3   4   5