Donegal County Council Logo
Home > Your Council > Communications Office > Press Release from Jan 2021 > 3D Virtual Tour of Turas Cholm Cille Going Live

14/09/21 - 3D Virtual Tour of Turas Cholm Cille Going Live for Culture Night

 

A 3D virtual tour of the Turas in Gleann Cholm Cille is to be launched this Friday, September 17 (Culture Night) as part of the celebrations to mark the 1,500th anniversary of the birth of St. Colmcille.  This is Donegal’s 13th year to celebrate Culture Night, the all-island public event that celebrates arts, heritage and culture. This year’s Culture Night programme includes both physical and on-line events to allow for people at home and abroad to connect with Donegal culture.

 

One of the on-line events is a new virtual tour of Turas Cholm Cille - a three-mile pilgrimage route with 15 stations in Gleann Cholm Cille.  Most of these stations (places for prayer and devotion) are archaeological monuments protected under the National Monuments Acts (1930-2004).  The ‘turas’ is observed on June 9 each year which is the feast day of St. Colmcille.  It takes around three hours to complete and, historically, the turas was performed by barefoot pilgrims at midnight on the eve of June 9. 

 

The County Donegal Heritage Office of Donegal County Council commissioned Digital Heritage Age to undertake 3D photogrammetry of the 15 stations of Turas Cholm Cille to generate 3D digital models of these heritage sites and places of pilgrimage.  The accompanying interpretation of the stations was provided by Oideas Gael. 

 

“Photogrammetry is a tool using photography to digitally document a heritage site and produce an accurate 3D model.” said Joseph Gallagher, County Donegal Heritage Officer.  “This helps to record and preserve the heritage of sites in an accessible way - creating a lasting record for future generations to enjoy.  Traditionally, the turas in Gleann Cholm Cille is completed between June 9 and August 15 each year. As well as helping to record the heritage of the sites, these 3D digital models will also enable people to explore the 15 stations at any time of the year and from anywhere in the world.”  The 3D digital models will be available on-line from 6 p.m. on Friday 17th September at https://skfb.ly/opR9R.

 

The 3D photogrammetry of Turas Cholm Cille is sponsored by Donegal County Council, Creative Ireland and The Heritage Council as part of the implementation of the County Donegal Heritage Plan. 

 

Other Colmcille 1500 events taking place during Culture Night include Donegal County Museum’s official opening of its new exhibition ‘Colmcille - Man and Myths’ and the ‘Turas | Journey’ contemporary visual arts exhibition at the Regional Cultural Centre in Letterkenny.  For full details of all events taking place in Donegal for Culture Night go to www.culturenight.ie/donegal and look out for any updates on the Culture Night Donegal Facebook page. Culture Night is co-ordinated by the Arts Council of Ireland in partnership with local councils and cultural organisations throughout the island of Ireland.

 

For details of Colmcille 1500 events for the year go to www.colmcille1500.com or visit the Facebook page at www.facebook.com/Colmcille1500NW.

 

 

 

 

 

Turas Fíorúil 3T de Thuras Cholm Cille Beo d’Oíche Chultúir

 

 

 

Tá turas fíorúil 3T den Turas i nGleann Cholm Cille le seoladh Dé hAoine, Meán Fómhair 17 (Oíche Chultúir) mar chuid den cheiliúradh ar chuimhneachán 1,500 bliain de bhreith Cholm Cille.  Seo an 13ú bliain a rinne Dún na nGall ceiliúradh ar Oíche Chultúir, an t-imeacht uile-Éireann a dhéanann ceiliúradh ar na healaíona, ar oidhreacht agus ar chultúr. Sa chlár don Oíche Chultúir i mbliana tá idir imeachtaí fisiciúla agus imeachtaí ar líne a chuideoidh le daoine sa bhaile agus thar sáile nascadh le cultúr Dhún na nGall.

 

I measc na n-imeachtaí ar líne tá turas nua fíorúil de Thuras Cholm Cille – oilithreacht trí mhíle le 15 stáisiún i nGleann Cholm Cille.  Tá bunús na stáisiún seo (áiteanna urnaí agus deabhóide ina séadchomharthaí seandálaíochta arna gcosaint faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (1930-2004).  Déantar an turas ar Mheitheamh 9 gach bliain, lá fhéile Cholm Cille.  Glacann sé thart faoi thrí uair an chloig an turas a chríochnú, agus san am atá thart dhéanadh oilthrigh chosnochta an turas ag meánoíche an oíche roimh Mheitheamh 9. 

 

Choimisiúnaigh Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall de Chomhairle Contae Dhún na nGall Digital Heritage Age le tabhairt faoi fhótagraiméadracht 3T de na 15 stáisiún de Thuras Cholm Cille le samhlacha digiteacha 3T a ghiniúint de na láithreacha oidhreachta agus na háiteanna oilithreachta seo.  Oideas Gael a thug an míniú atá ag dul leis na stáisiúin. 

 

“Is uirlis í fotagraiméadracht a úsáidtear sa ghrianghrafadóireacht le cur síos digiteach a dhéanamh ar láthair oidhreachta agus le samhail chruinn 3T a sholáthar.” arsa Seosamh Ó Galllchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  “Cuidíonn sin leis na láithreacha oidhreachta a thaifeadadh agus a chaomhnú ar dhóigh inrochtana – rud a chruthaíonn taifead buan a mbainfidh na glúnta atá le teacht sult as.  Is é an nós an turas i nGleann Cholm Cille a dhéanamh idir Meitheamh 9 agus Lúnasa 15 gach bliain. Chomh maith le hoidhreacht na láithreacha a thaifeadadh, fágfaidh na samhlacha digiteacha 3T seo go mbeidh daoine ábalta breathnú ar na 15 stáisiún seo am ar bith sa bhliain agus in áit ar bith sa domhan.”  Beidh na samhlacha 3T ar fáil ar líne ó 6 p.m. Dé hAoine 17ú Meán Fómhair ag https://skfb.ly/opR9R.

 

Tá an fhótagraméadracht 3D de Thuras Cholm Cille á hurrú ag Comhairle Contae Dhún na nGall, Éire Chruthaitheach agus an Chomhairle Oidhreachta mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. 

 

I measc na n-imeachtaí eile Cholmcille 1500 a bheidh ar siúl le linn Oíche Chultúir osclóidh Iarsmalann Contae Dhún na nGall go hoifigiúil a taispeántas nua ‘Colmcille – An Fear agus na Miotais’ agus an taispeántas comhaimseartha amharcealaíona ‘Turas | Journey’ ag an Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn.  Le sonraí uilig na n-imeachtaí a bheidh ar siúl i nDún na nGall don Oíche Chultúir gabh chuig www.culturenight.ie/donegal agus cuardaigh uasdatú ar bith ar leathanach Facebook Oíche Chultúir Dhún na nGall. Is í Comhairle Ealaíon na hÉireann i gcomhpháirt le comhairlí áitiúla agus eagraíochtaí cultúir ar fud na hÉireann a chomhordaíonn Oíche Chultúir.

 

Le sonraí Cholmcille 1500 don bhliain a fháil gabh chuig www.colmcille1500.com nó tabhair cuairt ar an leathanach Facebook ag www.facebook.com/Colmcille1500NW.

Rate this Page

Select an option below

Map Services

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO