Ag cruinniú na Comhairle ar an 31 Bealtaine 2021, shocraigh Comhaltaí tofa Chomhairle Contae Dhún na nGall an t-Athrú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024 maidir le Tionscadal Feabhsúcháin Bhealach Tosaíochta Dhún na nGall (TEN-T TFBTD), de réir Alt 13 den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (arna leasú).
Is tionscadal mór straitéiseach beartaithe bóithre é an TEN-T PRIPD ina bhfuil tosaíocht tugtha do thrí Stráice de ghréasán bóithre den TEN-T a fheabhsú, mar atá:
Stráice 1: N15/N13 Réigiún Uirbeach Bhealach Féich / Shrath an Urláir.
Stráice 2: N56/N13 Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin.
Stráice 3: N14 Nasc ó Mhainéar Uí Chuinneagáin go Leifear/ An Srath Bán / A5.
Rinne an Chomhairle próiseas roghnaithe bealaigh roimhe seo de réir Threoracha Bhonneagar Iompair Éireann (ar a n-áirítear measúnacht chuimsitheach ar roghanna éagsúla bealaigh agus comhairliúchán poiblí), agus d’aithin an próiseas sin na Roghanna Conairí Bealaigh do na trí stráice den tionscadal, mar atá thuas, agus roghnaigh an Chomhairle iad seo ina dhiaidh sin.
Is é is cuspóir leis an Athrú ar Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024 ná an chreatlach riachtanach le haghaidh pleanáil straitéiseach a sholáthar leis an TEN-T TFBTD a éascú tríd an phróiseas reachtúil ceadaithe, a bhfuil san áireamh: na Roghanna Conairí Bealaigh istigh sa phlean a choinneáil agus a chosaint, tacaíocht straitéiseach a sholáthar don tionscadal, agus an plean agus an tionscadal a ailíniú.
Bhí an méid seo a leanas san áieamh sa phróiseas chun glacadh leis an Athrú: comhairliúchán poiblí, machnamh agus plé déanta ag na Comhaltaí Tofa ar an athrú beartaithe agus ar thuairisc Phríomh-Fheidhmeannaigh faoin chomhairliúchán poiblí, Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) (ar a n-áirítear Tuairisc Chomhshaoil a ullmhú), Measúnú Iomchuí (MI) (ar a n-áirítear Tuairisc Tionchair Natura a ullmhú agus Cinneadh MI a dhéanamh) agus Measúnú Straitéiseach i dtaca le Baol Tuilte. Lena chois sin, tá Ráiteas MSC agus Ráiteas Conclúide MI ullmhaithe anois fosta.
Tá Plean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024 (arna leasú) (i.e. a bhfuil na hathruithe tugtha isteach ann mar gheall ar an Athrú), an Ráiteas MSC, an Ráiteas Conclúide MI, an Cinneadh MI agus an Cinneadh bunaidh i dtaca le Scagadh MI, uilig ar fáil anois lena scrúdú:
Trí chliceáil ar na naisc thíos.
Trí choinne amháin roimh ré (de bharr shrianta Covid 19) ag Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622. Déan teagmháil leis an Lár-Aonad Pleanála ar 074 9153900 le coinne a dhéanamh.
Agus le cois an méid atá thuas, nuair a cheadóidh srianta Covid, ag:
Ionaid Seirbhísí Poiblí na Comhairle i gCarn Domhnach, Baile na nGallóglach, Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Baile Dhún na nGall idir 09:00 agus 17:00 a chlog Luan go Déardaoin, agus idir 09:00 agus 16:30 a chlog ar an Aoine.
Leabharlanna Poiblí le linn gnáthuaireanta oscailte.
Plean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024 (arna leasú)
Ráiteas maidir le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC)
Ráiteas Conclúide i dtaca le Measúnú Iomchuí (MI)
Cinneadh i dtaca le Measúnú Iomchuí
Cinneadh maidir le Scagadh ar an Mheasúnú Iomchuí
Le cois an doiciméid athraithe, déanta mar is cuí, is féidir teacht ar Thuairisc an Phríomh-Fheidhmeannaigh, an Tuairisc Chomhshaoil, an Tuairisc Tionchair Natura, agus an Tuairisc i dtaca le Measúnú Baol Tuilte, atá bainteach leis an athrú, ach cliceáil ar na naisc thíos.
An tAthrú ar Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024 maidir le Tionscadal Feabhsúcháin Bhealach Tosaíochta Dhún na nGall (TEN-T TFBTD)
Tuairisc ar Mheasúnú Straitéiseach i dtaca le Baol Tuilte
Tuairisc an Phríomh-Fheidhmeannaigh
Aighneachtaí agus tuairimí a fuarthas le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí