Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Tionóntaí Chomhairle Contae Dhún na nGall > Do Theach Comhairle a Cheannach

Do Theach Comhairle a Cheannach

 

Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí (Incriminteach) 2016

 

D’fhéadfadh tionóntaí a bhí ina dtionóntaí ar feadh 1 bhliain nó níos mó ná sin a bheith incháilithe a dteach a cheannach ar lascaine, bunaithe ar ioncam an teaghlaigh, chomh fada agus go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta don scéim. Sa chás go bhfuiltear ag brath ar ioncam ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh (pinsin san áireamh) ón Roinn Coimirce Sóisialaí chun na híosriachtanais ioncaim a chomhlíonadh, ní foláir nó go bhfuil tionónta ainmnithe amháin ag fáil ioncaim ó fhostaíocht.

 

Bileog Faisnéise do Thionóntaí (Gaeilge agus Béarla)

 

Foirm Iarratais le haghaidh 2016 Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí (incriminteach)

 

Treoracha maidir le hIoncam Ináirithe - 2016 Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí (incriminteach)

 

Is scéim lascaine í an Scéim Cheannaigh Incriminteach atá bunaithe ar ioncam teaghlaigh trína gcuirtear ar chumas an Stáit scair a bhaint as na brabúis a eascródh as athdhíol ar feadh tréimhse idir fiche agus tríocha bliain dá bhfuil an teach faoi réir ag táille cheannaigh incriminteach. Ní bhaineann an Scéim ach amháin le teaghaisí nua atá ainmnithe go sonrach ag an Chomhairle mar theaghaisí atá incháilithe le haghaidh ceannaigh faoin scéim. Tráth a dhéantar teaghais a thairiscint do thionónta, inseofar dóibh cibé an bhfuil sé ainmnithe faoin Scéim Cheannaigh Incriminteach.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO