Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Tithíocht > Iasachtaí Tithíochta > Scéim Liúntas Morgáiste

Scéim Liúntas Morgáiste

Cad is cuspóir na Scéime Liúntas Morgáiste?

Cuidíonn Liúntas Morgáiste le tionóntaí agus le ceannaitheoirí thithe an údaráis áitiúil is tionóntaí iad agus le tionóntaí áirithe i dtithe arna gcur ar fáil ag comhlachtaí tithíochta deonacha arna gcur ar fáil faoin Scéim um Fhóirdheontais Chíosa ar mian leo a dteaghais a thabhairt ar ais don údarás áitiúil nó don chomhlacht deonach nó teaghais phríobháideach a cheannach dá n-áitiú féin trína n-aisíocaíochtaí morgáiste a laghdú thar na céad chúig bliana den mhorgáiste.

 

Méid an Liúntais

I gcás morgáistí arna gcruthú an 15ú Meitheamh 2000 nó ina dhiaidh sin, tá méid an liúntais iníoctha thar thréimhse 5 bliana.  Ní féidir leis an liúntas nó an liúntas móide faoiseamh ar cháin ioncaim ar ús morgáiste a bheith níos mó ná méid iníoctha na dtáillí iasachta i mbliain ar bith.

 

Cé atá incháilithe don Liúntas?

Tá an liúntas iníoctha do dhaoine lena mbaineann an méid a leanas:

  • Is tionóntaí nó is ceannaitheoirí tionónta iad de theaghaisí na Comhairle nó is tionóntaí iad, nach bhfuil a
  • dtionóntachtaí níos lú ná bliain i bhfad, de thithe arna gcur ar fáil ag comhlacht deonach faofa faoin Scéim um Iasacht Chaipitil & Fóirdheontas, agus
  • a dhéanann an teaghais atá acu faoi láthair a thabhairt ar ais don údarás nó don chomhlacht deonach, de réir mar is infheidhme, i ndea-riocht ar féidir í a ligean amach faoi thionóntacht (ag cuimhneamh ar ghnáthchaitheamh agus ar ghnáthchuimilt agus ar dheisiúchán ar bith nach bhfuil an tionónta freagrach as) agus í saor ó riaráiste cíosa nó blianachtaí ceannaigh de chuid tionónta, agus
  • teaghais phríobháideach a cheannach nó a thógáil dá n-áitiú féin, agus
  • an teaghais phríobháideach a chur ar fáil trí iasacht mhorgáiste ar mhéid nach lú ná méid seasta.

 

D’fhéadfadh céile tionónta nó ceannaitheoir tionónta, nó duine a bhí ina chónaitheoir bona fide le tionónta/ceannaitheoir tionónta cáiliú don liúntas má chomhlíonann sé/sí ar gach slí eile coinníollacha na scéime agus an teaghais tugtha ar ais don údarás áitiúil nó don chomhlacht deonach, de réir mar is gá. 

Níl an liúntas ar fáil d’áititheoirí de theaghaisí in-díshuite arna gcur ar fáil ag údaráis áitiúla nó do dhaoine a chuireann teaghais ar fáil faoin Chóras Úinéireachta Roinnte. 

Ní thabharfar cúiteamh do cheannaitheoirí tionónta a dtugtar liúntas dóibh maidir le híocaíocht bhlianachta ar bith arna híoc i dtaobh teaghaise a dtugtar ar ais don údarás áitiúil í. 

Is féidir le duine a bhaineann leas as an liúntas teaghais nua a cheannach nó a thógáil nó teaghais atá ann cheana san earnáil phríobháideach a cheannach (teaghaisí a bhí le húdarás áitiúil roimhe sin san áireamh).

 

Conas is féidir liom iarratas a chur isteach ar Liúntas Morgáiste?

I dtosach, ní mór duit iarratas a chur chuig do Chomhairle le haghaidh na meastóireachta tosaigh.  D’fhonn iarratas a chur isteach ar an mheastóireacht thosaigh sin is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle nó r-phost a chur chuig [email protected] .

 

Íocann an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil an liúntas go díreach don ghníomhaireacht iasachtaithe óna bhfuil tú ag fáil do mhorgáiste.