Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Scoileanna Glasa

Oideachas agus Feasacht

 

An Clár Oideachais agus Feasachta fá choinne Scoileanna

Tá Clár Scoile Chomhairle Contae Dhún na nGall ag feidhmiú ar feadh roinnt blianta. Tá cuireadh agus fáilte roimh achan scoil a bheith páirteach sa chlár ina dtéann an tOifigeach Feasachta ar cuairt chuig scoileanna ar fud an Chontae chun cainteanna agus taispeántais a dhéanamh i dtaca leis an Athchúrsáil, Bruscar, Múiríniú agus an Bainistiú Dramhaíola i gcoitinne. In 2015, tugadh cuairt ar thart fá 80 scoil sa chontae.  

Clár na Scoileanna Glasa

Tá clár na Scoileanna Glasa ag feidhmiú go han-éifeachtach sa Chontae le 18 mbliana anuas. Tá 194 scoil sa chontae cláraithe chun an clár a chur i bhfeidhm agus súil acu an Bhratach Ghlas a bhaint amach. San iomlán, bronnadh 154 bratach ar scoileanna i gContae Dhún na nGall. Cuireann an tOifigeach Feasachta an scéim seo chun cinn i measc na scoileanna agus is féidir tuilleadh eolais a fháil fá dtaobh dó trí eolas a íoslódáil ó shuíomh idirlín An Taisce le haghaidh scoileanna glasa http://www.greenschoolsireland.org  

 

Seacht gCéim

 

Téamaí Scoileanna Glasa

Bruscar agus Dramhaíl – Cás-Staidéir

Fuinneamh -  Cás-Staidéir

Uisce – Cás-Staidéir

Taisteal – Cás-Staidéir

Bithéagsúlacht – Cás-Staidéir

Saoránacht úr Dhomhanda – Cás-Staidéir

 

Fá choinne tuilleadh eolais tabhair cuairt ar www.greenschoolsireland.org nó déan teagmháil le hOifigeach Feasachta Dramhaíola  na Comhairle le Foirm Chláraithe a fháil. Tugann an suíomh idirlín thú fríd chlár na scoileanna glasa agus tá neart smaointe agus cás-staidéir ann le haghaidh scoileanna eile. Is fiú go mór spléachadh a thabhairt air!

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO