Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht > Brait Ghorma agus Cósta Glas

Tránna Brait Ghoirm agus Cósta Glas

 

Tá dhá cheann déag de Thránna Brait Ghoirm i nDún na nGall, i mBun Dobhráin, Ros Neamhlach, Muirbheach, Fionntrá, An Fhearthainn (Port Nua), An Charraig Fhinn, Trá na Cille (Dún Fionnachaidh), Cnoc an Mharmair, Port an tSalainn (Machaire Bhardáin), An tSrúibh, Cúil Dabhcha agus na Dúnaibh.

  ‌

Lena chois sin, tá 4 thrá againn a bhfuil stádas Cósta Glas acu i mBaile Thiarnáin (Fanáid), Droim na Tine (An Fál Carrach), Machaire Rabhartaigh agus An Dumhaigh.

 

Tránna inrochtana do Chathaoir Rotha

 

Tá 13 thrá i nDún na nGall faoi láthair a bhfuil rochtain orthu ar chathaoir rotha, a bhfuil ina measc Bun Dobhráin, Cúil Dabhcha, Na Dúnaibh, Fionntrá, Trá na mBan, Lios Feannáin, Muirbheach, An Fhearthainn Port Nua, Port Artúir, Port na Bláiche, Ráth Maoláin, Ros Neamhlach agus An tSrúibh.

 

Tá cathaoireacha rotha don trá ar fáil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall mar seo a leanas:

  

Ráth Maoláin

Trá Ráth Maoláin i gcomhar le Scoil Seoltóireachta agus Spóirt Uisce Ráth Maoláin. Téigh i dteagmháil le [email protected] nó cuir scairt ar Aengus ar 086 8123019.  

 

Na Dúnaibh

Trá na nDúnaibh i gcomhar le Coiste Bailte Slachtmhara na nDúnaigh. Déan teagmháil le: 087 6152351

 

An Charraig Fhinn

Teagmháil: Aerfort Dhún na nGall ar 074 95 48284

 

Cnoc an Mharmair

Teagmháil: Óstán an Shandon ar 074 91 36137

 

Le nach mbeidh díomá ort, molaimid duit an chathaoir rotha a chur in áirithe roimh ré. Tá na cathaoireacha rotha trá saor in aisce ach tá Téarmaí agus Coinníollacha ag baint leo.

 

Tá Gardaí Tarrthála ar fostú ar gach Trá Bhrait Ghoirm agus ag Trá Ráth Maoláin le linn shéasúr an tsnámha.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO