Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht - Environment > Rochtain ar Eolas Timpeallachta

Rochtain ar Eolas maidir leis an Timpeallacht (RET)

Rochtain ar Eolas maidir leis an Timpeallacht (RET)

 

Faoi Rialacháin Chomhphobal na hEorpa (Rochtain ar eolas maidir leis an Timpeallacht) 2007 go dtí 2011 (I.R. Uimh. 133 de 2007 agus I.R. Uimh. 662 de 2011) (a dtugtar Rialacháin RET orthu uaidh seo ar aghaidh), tugtar cearta dlí dóibh siúd atá ar lorg rochtain ar eolas maidir leis an timpeallacht ó údaráis phoiblí.

 

Faoi na rialacháin seo, ní mór eolas atá á choinneáil ag, nó thar ceann, údarás poiblí i dtaca leis an timpeallacht a chur ar fáil ar iarratas, seachas i roinnt cásanna eisceachtúla. Lena chois sin, cuireann na Rialacháin RET ceangal ar údaráis phoiblí a bheith réamhghníomhach ó thaobh eolas faoin timpeallacht a eisiúint don phobal.

 

Tugann na Rialacháin RET sainmhíniú ar cad is eolas timpeallachta ann; chomh maith le comhairle faoin dóigh ar féidir iarratas ar eolas a chur isteach chuig údaráis phoiblí agus faoin dóigh a gcaithfidh údaráis phoiblí deileáil le hiarratais eg cláir ama chun freagra a thabhairt. Soláthraíonn na rialacháin fosta le haghaidh gnásanna foirmeálta achomhairc má bhíonn duine míshásta leis an chinneadh a rinneadh i dtaca lena n-iarratas.

 

An dóigh le hiarratas a dhéanamh ar eolas faoi na Rialacháin RET?

 

Nuair atá iarratas ar eolas á dhéanamh faoi Rialacháin RET, tá ort a chur in iúl gur faoi Rialacháin RET atá an t-iarratas a dhéanamh, agus ba chóir sin a dhéanamh i scríbhinn chuig:

 

 

Bn. Uas. Frances Friel,

Oifigeach um Rochtain ar Eolas faoin Timpeallacht

Comhairle Contae Dhún na nGall,

Teach an Chontae,

Leifear,

Contae Dhún na nGall

 

 

nó i bhfoirm leictreonach trí ríomhphost a chur chuig [email protected]

 

 

Déan cinnte:

  • do shonraí teagmhála a thabhairt;
  • an oiread eolais agus is féidir a thabhairt faoin eolas timpeallachta atá á lorg agat, agus
  • má tá an t-eolas de dhíth i bhformáid ar leith nó faoi aon riachtanas rochtana ar leith, go luafaidh tú seo i d’iarratas.  

 

Ní gá aon spéis nó aon leas a lua san iarratas.

 

 Táillí

 

Níl aon táille i dtosach ama chun iarratas a dhéanamh faoi Rialacháin RET. Mar sin féin, is féidir le húdarás poiblí táille réasúnta a ghearradh as an eolas atá á lorg a chur ar fáil. D’fhéadfadh na costais seo a bheith ag baint le bailiú, cóipeáil, priontáil nó seoladh an eolais, mar seo a leanas:

 

  • Má tá cóipeanna crua de dhíth ar an iarratasóir, d’fhéadfadh costas €0.04 an leathanach a bheith ann, ag brath ar an mhéid eolais atá i gceist leis an iarratas.
  • tá costas 10.16 euro i gceist chun an t-eolas a sholáthar i bhfoirm CD-ROM

 

Beidh sonraí i dtaca le táillí, más ann dóibh, sa litir ina bhfuil an cinneadh deireanach déanta.

 

I gcás go bhfuil na hiarratasóirí in ann amharc ar na doiciméid chuí ar an láthair in oifigí Chomhairle Contae Dhún na nGall, ní bheidh aon chostas ar an rochtain ar na taifid seo, ach ní bhaineann seo leis na táillí eile a luaitear thuas.

 

Iarratas ar Athbhreithniú

 

Níl aon táille i gceist le hiarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach.

 

Cosnaíonn sé €150 chun acmharc a dhéanamh leis an Choimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, nó €50 má tá cárta leighis agat nó más cleithiúnaí thú ag duine a bhfuil cárta leighis aige nó aici, nó tríú páirtí atá ag déanamh achomhairc maidir le cinneadh atá déanta chun eolas áirithe a scaoileadh.

 

Riachtanais chun deileáil le hiarratais

 

Go ginearálta, tá ar Chomhairle Contae Dhún na nGall freagra a thabhairt ar iarratas RET taobh istigh de mhí amháin ón am a fhaightear an t-iarratas. I gcás nach bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall in ann freagra a thabhairt taobh istigh de mhí amháin, de bharr chastacht nó mhéid an eolais atá de dhíth, tá dualgas orainn scríobh chuig an iarratasóir taobh istigh den mhí sin agus eolas a thabhairt faoi cén uair a bheas freagra ar fáil. Níor chóir go mbeadh an dáta seo níos faide ná dhá mhí ón dáta a fuarthas an chéad iarratas.

 

Mura bhfuil an t-eolas atá á lorg ar fáil ag Comhairle Conte Dhún na nGall is féidir linn an t-iarratas a sheoladh ar aghaidh chuig údarás poiblí eile, nó comhairle a chur ar an iarratasóir faoi cén áit ar chóir an t-iarratas a dhéanamh chuige. In aon chás den cheachtar, tá orainn fógra a thabhairt don iarratasóir.

 

Cúiseanna chun eolas a dhiúltú

 

Tá roinnt cásanna ann ina dtig le húdarás poiblí eolas a dhiúltú; mar shampla nuair atá an comhlacht ag feidhmiú go reachtúil nó go dlíthiúil (Alt 3(2)), chomh maith le cúiseanna éigeantacha (Alt 8) agus cúiseanna lánroghnacha (Alt 9) as diúltú eolas a thabhairt. Nuair atá comhlacht poiblí ag déanamh cinneadh cé acu eolas a scaoileadh nó gan é a scaoileadh, caithfidh siad na forálacha in Alt 10 a chur san áireamh.

 

Achomharc a dhéanamh maidir le Cinneadh

 

Faoi Alt 11 de Rialacháin RET tá de cheart agat athbhreithniú inmheánach a lorg maidir leis an chéad chinneadh. Is féidir leat athbhreithniú a lorg fosta mura bhfuil freagra faighte agat taobh istigh den sprioc-am cuí. Is gá athbhreithniú inmheánach a iarraidh taobh istigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an chéad chinneadh (is féidir leis an údarás poiblí síneadh ama a chur leis an amchlár seo ach níl aon dualgas orthu sin a dhéanamh). Níl aon chostas i gceist le hathbhreithniú inmheánach a lorg.

 

Is é atá i gceist le hathbhreithniú inmheánach ná athmhachnamh iomlán ar an chás ag ball foirne de chuid an chomhlachta phoiblí, a thig an chéad chinneadh a dheimhniú, a leasú nó a chealú.

 

Eiseofar chugat, taobh istigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear an t-iarratas ar athbhreithniú, tuairisc scríofa ar thoradh an athbhreithnithe, ag cur in iúl duit cén cinneadh atá déanta, cén fáth a bhfuil an cinneadh sin déanta, agus ag cur in iúl duit go bhfuil de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, ar a mbeidh eolas faoi na teorainneacha ama agus faoi na táillí a bhaineann lena leithéid d’achomharc.

 

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an Choimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil (CFC). Tá ort achomharc a dhéanamh taobh istigh de mhí amháin ón dáta a fhaigheann tú an cinneadh ar an athbhreithniú inmheánach ón údarás poiblí. Mar sin féin, is féidir leis an Choimisinéir síneadh a chur leis an teorainn ama seo i roinnt cásanna aonaracha.

 

Ba chóir achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifigeach na nAchomharc ag an seoladh seo a leanas:

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil

18 Sráid Líosain Íoctharach,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán: +353 (0)1 639 5689

 

Tá tuilleadh sonraí teagmhála agus eolais maidir le hOifig an Choimisinéara le fáil ar shuíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Faisnéise (nasc seachtrach)

 

Eolas atá ar fáil gan cheist

 

Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall cuid mhór eolais ar fáil don phobal fána gcuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí. Is féidir le haon bhall den phobal a leithéid seo d’eolas a fháil gan aon ghá a bheith le hiarratas foirmeálta trí Rialacháin RET nó trí aon reachtaíocht eile.

 

Tá Rialacháin RET ann chun ligint do dhaoine teacht ar eolas atá a choinneáil ag údarás poiblí, nó thar a gceann, agus nach bhfuil ar fáil go ginearálta trí mhodhanna eile. Má tá eolas breise faoin timpeallacht de dhíth ort, eolas nach bhfuil ar fáil go ginearálta tríd na gnáth-mhodhanna, is féidir leat iarratas RET a dhéanamh nó dul i dteagmháil leis an Oifigeach RET, mar atá luaite thuas.

 

Tuilleadh Eolais

 

Fá choinne tuilleadh eolais maidir le Rochtain ar Eolas faoin Timpeallacht féach www.environ.ie/en/Environment/AccesstoInformationontheEnvironment

 

Staitisticí

 

Fuair Comhairle Contae Dhún na nGall cúig cinn déag d’iarratais RET in 2016; ceadaíodh 12 acu sin, agus páirtcheadaíodh ceann amháin eile. Seoladh iarratas amháin ar aghaidh, agus diúltaíodh ceann amháin. Ní bhfuarthas aon iarratas ar Athbhreithniú Inmheánach agus rinneadh achomharc amháin le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO