Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Timpeallacht - Environment > Ag Aithint Uiscí Snámha

Rannpháirtíocht an Phobail i dtaca le hUiscí Snámha a aithint

Fógra Poiblí

 

Rannpháirtíocht an Phobail i dtaca le 'hUiscí Snámha' a aithint faoi Threoir an AE um Uiscí Snámha 2006/7 den 15 Feabhra 2006 agus faoi na Rialacháin um Cháilíocht Uisce Shnámha IR 79 de 2008.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh don phobal bheith páirteach in Uiscí Snámha a aithint faoin Treoir Uiscí Snámha agus faoi na Rialacháin Cháilíocht Uisce Snámha 2008 (IR Uimh. 79 de 2008).

 

Éilíonn an Treoir go mbíonn an cháilíocht uisce ag gach uisce snámha sainithe ag cloí le caighdeáin dhochta mhicribhitheolaíochta le sláinte na ndaoine a roghnaíonn a bheith ag snámh ansin a chosaint. Tá dualgas ar na comhairlí cathrach agus contae, faoi Rialacháin 2008, uiscí snámha a aithint ar bhonn bliantúil.

 

Tugann an próiseas comhairliúcháin seo deis don phobal:

 

  • tuairim a thabhairt ar uiscí snámha sainithe d'fhonn an sainiú a leanúint,
  • tuairim a thabhairt ar uiscí snámha eile nach bhfuil sainithe faoi láthair ach a d'fhéadfaí a chur san áireamh lena sainiú.

 

Iarrtar orthu siúd ar spéis leo an t-ábhar a gcuid tuairimí a chur isteach.

 

Ba chóir é seo a dhéanamh trí aighneacht a chur chuig Comhairle Contae Dhún na nGall. Déan teagmháil le Rannóg Timpeallachta na Comhairle fá choinne eolais ar an chritéir a úsáidfear.

 

Is é an 29 Iúil 2014 an dáta druidte le haghaidh aighneachtaí chuig Comhairle Contae Dhún na nGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO