Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Tograí Athnuachana > Straitéis na gCealla Beaga

Straitéis Athnuachana agus Plean Gníomhaíochta na gCealla Beaga – Straitéis Dheiridh foilsithe i mí Iúil 2021

 

 

Foilsiú Straitéis Athnuachana na gCealla Beaga ag múrphictiúr úr agus an ‘Cheathrú Fáilte’ sna Cealla Beaga



Tá Grúpa Athnuachana na gCealla Beaga, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, i ndiaidh Straitéis spreagúil fhísiúil Athnuachana do na Cealla Beaga a chríochnú agus a fhoilsiú. Is plean príomhthosaíochtaí agus gníomhaíochtaí é le lár baile na gCealla Beaga a athnuachan ar bhonn inbhuanaithe go dtí 2040 agus níos faide. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag BIM FLAG, le cómhaoiniú ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus Pasparakis Friel Architects i gceannas air. Is féidir an Straitéis a fheiceáil trí scrolláil síos go dtí na naisc ag bun an leathanaigh seo.

 

 

Agus foilsiú deiridh na Straitéise Athnuachana á fhógairt aige, dúirt Mícheál O’Donnell, Ball Coiste le Grúpa Athnuachana na gCealla Beaga: ‘Tháinig Grúpa Athnuachana na gCealla Beaga ar an smaoineamh don tionscadal seo in 2019 agus fosclaíodh an chéad chéim de chomhairliúchán go luath in 2020. Tá lúcháir orainn an staid dheiridh seo a bhaint amach le Straitéis ard-aidhmeannach chruthaitheach Athnuachana do lár baile na gCealla Beaga a fhoilsiú, straitéis ina samhlaítear cén dóigh ar féidir le lár an bhaile a fhás agus dul ó neart go neart go dtí 2040’.

 


Agus í ag aontú leis an Chathaoirleach, dúirt Niamh Kennedy, Comhairleoir áitiúil agus ball le Grúpa Athnuachana na gCealla Beaga: ‘Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don fhís atá ag an lucht comhairleoireachta s’againn Pasparakis Friel Architects, agus don pháirt a bhí ag an phobal i gcoitinne, sa chuidiú a thug siad le cruth a chur ar an Straitéis. Tá lúcháir orainn go bhfuil gníomhaíocht amháin sa Straitéis curtha i bhfeidhm againn cheana féin, is é sin an múrphictiúr iontach de radharc an Armada, rud atá bainte go mór leis an stair shaibhir mara atá againn, agus mar atá aitheanta sa Straitéis, cruthaíonn sin ‘Ceathrú Fáilte’ den scoth don bhaile s’againn’.

 


Tá 11 thionscadal beartaithe do lár an bhaile sa Straitéis Athnuachana agus Plean Gníomhaíochta, a bhfuil ina measc feabhsúcháin do réimse uirbeach lár an bhaile chun sráideanna a chruthú do dhaoine, do ghnólachtaí agus don phobal, siúlóid cois abhann, clárchosán cois cósta, teach caife ag droichead meáite, úsáid úr a bhaint as foirgneamh suaithinseach Halla an Cheant mar ghrúdlann le haghaidh beoir cheirde, agus feabhas ar an bhealach isteach ó thuaidh chuig an bhaile trí Cheathrú Fáilte agus mór-staighre go hEaglais Naomh Muire.

 


Thréaslaigh An Clr. Barry Sweeney, Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall, le gach duine a bhí páirteach, agus dúirt sé: ‘Is sampla den scoth é Straitéis Athnuachana na gCealla Beaga de na buntáistí a bhaineann le máistirphleanáil do láir bhailte. Tríd an chruthaitheacht agus tríd an chomhoibriú, tá plean spreagúil don lár baile curtha i dtoll a chéile ag an Ghrúpa Athnuachana i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall’. Agus dúirt sé fosta: ‘tá sé seo ríthábhachtach chun treoir a thabhairt i dtaca le tionscadail eile agus maoiniú eile san am atá romhainn agus chun tionscnaimh spreagúla lár baile a chothú sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus pobail.’
Tá an Straitéis Athnuachana agus Plean Gníomhaíochta ar fáil do gach páirtí leasmhar anois, lena léamh agus lena chur i bhfeidhm ar bhonn comhoibritheach. Dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála: ‘Beidh muid ag cur na Straitéise Athnuachana chun cinn go forleathan anois i measc gach páirtí leasmhar, amhail An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, i measc Seirbhísí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall agus isteach sna gréasáin níos leithne atá againn, ar a n-áirítear gréasán an Diaspóra agus an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí, le gur féidir linn deiseanna a thapú le gníomhartha a chur i bhfeidhm ar bhonn comhoibritheach. Le cois na hinfheistíochta €4.8 milliún atá faighte ón Rialtas le Teach an Oileáin a athfhorbairt agus le haghaidh spás úr cathartha, is léir go bhfuil neart féidearthachtaí agus deiseanna eile ann don am atá romhainn’.

 


Rinne Sosie Pasparakis, ó Pasparakis Friel Architects, cur síos ar an bhaile mar seo a leanas: ‘Is áit iontach é na Cealla Beaga ina bhfuil pobal láidir, stair agus cultúr cuimsitheach, an-éagsúlacht san ailtireacht, cuan den chéad scoth agus oidhreacht láidir iascaireachta. Glacann an straitéis seo na gnéithe seo uilig agus samhlaíonn sí, go cruthaitheach, cén dóigh a dtig linn an lár baile a dhéanamh níos tarraingtí, níos inbhuanaithe agus níos inrochtana ná mar atá sé cheana féin, agus cén dóigh a dtig linn an leas is mó is féidir a bhaint as féidearthachtaí eile sna Cealla Beaga nach bhfuil leas bainte astu go fóill, chun go mbeidh sí ina áit bhríomhar le cónaí ann, le hobair ann, le cuairt a thabhairt agus le hinfheistíocht a dhéanamh.’


Féach agus/nó íoslódáil Straitéis Athnuachana agus Plean Gníomhaíochta na gCealla Beaga, agus doiciméid chúlra eile, trí chliceáil ar na naisc thíos:

 

  • Straitéis Athnuachana agus Plean Gníomhaíochta na gCealla Beaga – Straitéis Dheiridh foilsithe Iúil 2021
  • Achoimre ar Mháistirphlean na gCealla Beaga Iúil 2021