Togra Athnuachana Ailt an Chorráin / Árainn Mhór – Céim a Dó
Foirgnimh
Tá pleananna iontacha foilsithe ag an Aonad úr Athnuachana agus Forbraíochta sa Chomhairle, mar chuid de Thogra Athnuachana ‘Cuan go hOileán’ Ailt an Chorráin / Árainn Mhór. Tá sé de chuspóir ag na pleananna limistéar an Chuain in Ailt an Chorráin a athrú go dtí spás ilúsáideora ina mbeidh infreastruchtúr nua-aimseartha iompair, áiseanna poiblí, seirbhísí agus spás páirceála, chomh maith le háis fóillíochta lasmuigh cois cladaigh agus spás le haghaidh imeachtaí ar Árainn Mhór.
Tá sé i gceist i gCéim 2 den togra foirgneamh úr cuain a thógail ina mbeidh oifigí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, seomra cruinnithe, áiseanna poiblí, oifigí bád farantóireachta, spás feithimh, deasc le haghaidh turasóirí, agus foirgneamh fiontraíochta ar leith ina mbeidh roinnt aonad fá choinne úsáidí éagsúla a chuideoidh le deiseanna fostaíochta a chruthú agus an fhiontraíocht a spreagadh.
Seo a leanas sonraí na hoibre atá beartaithe:
Táthar ag dreim go mbeidh na foirgnimh i gCéim 2 ina ghné thábhachtach fhisiciúil den fhorbairt ina hiomláine agus go gcruthóidh sé deis chun forbairtí fisiciúla athnuachana, éagsúlacht úsáidí agus ailtireacht d’ardchaighdeán a thabhairt chuig an timpeallacht mhara seo agus chuig an chuan seo.
Tá na pleananna agus na sonraíochtaí ar fad a bhaineann leis seo ar taispeáint agus ar fáil lena scrúdú ag na hionaid seo a leanas agus ag na hamanna seo a leanas:
Ionad |
Seoladh |
Uaireanta Oscailte |
An Rannóg Pleanala / Oifig Fáilte, Comhairle Contae Dhún na nGall |
Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622 |
9:00am – 12.30pm agus 1.00pm – 5.00pm ón Luan go Déardaoin agus ó 9:00am – 12.30pm agus 1.00pm – 4.30p.m ar an Aoine. |
Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith |
Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall, F94 H4CF |
Beidh na pleananna beartaithe ar fáil lena scrúdú ón Déardaoin 23 Eanáir go dtí Déardaoin 20 Feabhra 2020.
Is féidir aighneachtaí agus tuairimí maidir leis an fhorbairt atá beartaithe, agus atá ag plé le pleanáil chuí agus forbairt chuí an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite, a dhéanamh i scríbhinn chuig Oifig na Rúnaíochta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall, roimh 4.30pm Dé hAoine 6 Márta 2020.
Foireann Athnuachana agus Forbraíochta
Seirbhísí Pleanála
Comhairle Contae Dhún na nGall
Eanáir 2020