Eolas faoi Iarratas ar ranníoc uisce a laghdú mar chuid de Ranníocaíochtaí Forbartha i gCásanna áirithe
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar laghdú? Tá laghdú ceadaithe i gcás na bhForbairtí seo a leanas:
Forbairtí a fuair cead pleanála faoin Scéim Ranníocaíochta Forbartha 2008-2012 (ar Thug an Chomhairle Cead Pleanála dóibh ar nó i ndiaidh 18 feabhra 2008):
Forbairtí a fuair Cead Pleanála faoin Scéim Ranníocaíochtaí Forbartha 2006 (i.e. ar thug an Chomhairle Cead Pleanála dóibh idir an 1 Márta 2006 agus 18 Feabhra 2008):
Cén fhianaise atá de dhíth faoi choinne iarratas a dhéanamh ar laghdú?
Ní mór d’iarratasóirí atá ag déanamh iarratais ar laghdú an fhoirm iarratais chuí a chomhlánú Foirm Iarratais faoi choinne ranníoc uisce a laghdú mar chuid de Ranníocaíocht Forbartha.
Ní gá litir chlúdaigh a chur isteach le d’iarratas.
Tá sé riachtanach na míreanna seo a leanas a chomhlánú:
Seolfar ar ais foirmeacha iarratais nach bhfuil comhlánaithe go hiomlán chuig an iarratasóir. Cá seolfaidh mé an tIarratas Comhlánaithe? Seol d’fhoirm chomhlánaithe chuig:
Rúnaí an Chontae, Seirbhís Uisce, Timpeallachta agus Éigeandála (Rannóg na nGrúpscéimeanna) Teach an Chontae, Leifear, Co Dhún na NGall.
Teil: 074 91 72222 Foirm Iarratais faoi choinne ranníoc uisce a laghdú mar chuid de Ranníocaíochtaí Forbartha