Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Rialú Tógála > Fógra Tosaithe

Fógra Tosaithe a chur isteach

 

 

Eolas tábhachtach do dhaoine ag tabhairt faoi obair tógála

Tháinig na Rialacháin (Leasaithe) nua um Rialú Foirgníochta, 2014, (I.R. Uimh. 9 de 2014) i bhfeidhm ar 1 Márta 2014. Rinneadh tuilleadh leasuithe orthu in 2014 (I.R. Uimh. 105 de 2014) agus 2015 (I.R. Uimh. 243 de 2015 agus I.R. 365 de 2015). Is féidir gach eolas faoi na Rialacháin a íoslódáil  http://www.housing.gov.ie/ga/tithiocht/caighdeain-foirgniochta/caighdeain-togala

Tá an nóta faisnéise seo dírithe orthu siúd atá ag ullmhú chun tabhairt faoi obair tógála atá faoi réir na Rialachán Foirgníochta. Ba chóir duit an t-eolas a leanas a léamh go cúramach agus na bearta cuí a dhéanamh lena chinntiú nach sáraítear na Rialacháin riachtanacha. (Tabhair do d’aire gur comhairle ghinearálta atá sa nóta faisnéise seo, agus níl sé ceaptha is a bheith ina léirmhíniú dlíthiúil ar an reachtaíocht).

Fógra Tosaithe (nó Fógra 7 Lá)

Cé is moite de chásanna áirithe, tá sé leagtha amach sna Rialacháin um Rialú Foirgníochta go gcaithfear Fógra Tosaithe (nó Fógra 7 Lá) a leagan isteach i gcásanna a bhfuil:

    • foirgneamh á thógáil,

    • athrú ábhartha á dhéanamh d'fhoirgneamh nó síniú á chur leis, agus

    • athrú ábhartha á dhéanamh don úsáid a bhaintear as foirgneamh.

 

Tá na cásanna seo uile faoi réir na Rialachán um Rialú Foirgníochta.

Ní mór an Fógra Tosaithe a leagan isteach tráth nach déanaí ná 14 lá agus nach túisce ná 28 lá sula gcuirtear tús leis na hoibreacha. De réir an dlí, ní féidir Fógra Tosaithe a leagan isteach agus a chur leis an gclár poiblí taobh amuigh den tréimhse ama seo idir 14 agus 28 lá roimh thosach na n-oibreacha.

Is féidir fógra tosaithe a leagan isteach ar ríomhaire tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta (CBRF) nó tríd an bhfoirm “Fógra Tosaithe Forbartha” a leagan isteach.

Is féidir Fógraí Tosaithe a leagan isteach ar líne tríd an gCóras Náisiúnta Bainistíochta um Rialú Foirgníochta (CBRF) ag https://www.localgov.ie/ga/bcms-new.

Sa chás nach féidir leat an Fógra Tosaithe a uaslódáil ar CBRF, glacfaidh an tÚdarás Rialaithe Tógála leis an gcáipéis féin. Gearrfar táille riaracháin as na cáipéisí a scanadh agus a uaslódáil chuig CBRF. Is féidir na foirmeacha comhlánaithe agus an táille chuí a sheoladh sa phost chuig: An tÚdarás Rialaithe Tógála, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Ceanncheathrú an Stáisiúin Dóiteáin, Slí Humbert, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Is féidir na Foirmeacha um Fhógraí Tosaithe Forbartha a íoslódáil anseo.

Ó 1 Márta 2014 i leith ní mór d’úinéir na n-oibreacha an Fógra Tosaithe (nó an Fógra 7 Lá) a chomhlánú ina iomláine agus a shíniú.

Tá trí bhealach ar leith ann anois chun fógra tosaithe a leagan isteach. Gheobhaidh tú míniú orthu uile sa chuid a leanas. Ba chóir duit do mhachnamh a dhéanamh ar gach ceann acu chun an bealach is feiliúnaí do d'fhorbairt féin a roghnú.


1. ‘Fógra Tosaithe, gan Cháipéisíocht’

Is ceadmhach Fógra Tosaithe gan cháipéisíocht – ar a dtugtar Fógra Tosaithe ‘Gairid’ uaireanta – a leagan isteach i gcomhair na gcatagóirí forbartha a leanas:

- Athrú ábhartha do:

    • Siopaí

    • Oifigí

    • Aonaid Tionsclaíocha  -   A fhad is nach bhfuil Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ag teastáil.

- Síneadh le háras cónaithe a bhfuil achar urláir níos lú ná 40 méadar cearnach aige. 

2. ‘Fógra Tosaithe, le Cáipéisíocht’

Ní mór Fógra Tosaithe le cáipéisíocht – ar a dtugtar ‘Lánfhógra Tosaithe’ uaireanta – a leagan isteach i gcomhair na gcatagóirí forbartha a leanas:

    • dearadh agus tógáil árais chónaithe nua,

    • síneadh le háras cónaithe a bhfuil achar urláir níos mó ná 40 méadar cearnach aige,

    • oibreacha atá faoi réir Chuid III (Deimhniú um Shábháilteacht ar Dhóiteán)

 

Ní mór na cáipéisí a leanas a leagan isteach in éineacht leis an bhFógra Tosaithe:

(a)      na pleananna, áirimh, sonraíochtaí agus mionsonraí sin is riachtanach lena léiriú mar a chloífear an foirgneamh le riachtanais

            an Dara Sceideal de na Rialacháin Foirgníochta. Áirítear leis seo—

(i)        líníochtaí de na pleananna ginearálta lena n-áirítear bonnchlónna, gearrthacha agus ingearchlónna;

(ii)       sceideal na bpleananna, na n-áireamh, na sonraíochtaí agus mionsonraí seo de réir mar atá siad leagtha amach cheana féin nó mar a    

            bheidh siad leagtha amach nuair a ullmhaítear iad níos déanaí;

(iii)      measúnú a dhéanamh ar líne tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta, ina ndéantar an cur chuige i dtreo chomhlíonadh

            riachtanais  an Dara Sceideal de na Rialacháin Foirgníochta a mheas;

(iv)       an Plean Réamhiniúchta ullmhaithe ag an Deimhnitheoir Sannta, agus

(b)    na deimhnithe agus fógraí a leanas, comhlíonta ar na foirmeacha cuí—

(i)        Deimhniú um Chomhlíonadh (Dearadh),

(ii)       Fógra um Shannadh Duine chun Oibreacha a Iniúchadh agus a Dheimhniú (Deimhnitheoir Sannta),

(iii)      Deimhniú um Chomhlíonadh (Gealltanas ón Deimhnitheoir Sannta),

(iv)       Fógra um Shannadh Tógálaí,

(v)        Deimhniú um Chomhlíonadh (Gealltanas ón Tógálaí).


(c) an táille chuí.

Sa chás nach féidir leat an Fógra Tosaithe agus na cáipéisí ábhartha a uaslódáil ar CBRF, glacfaidh an tÚdarás Rialaithe Tógála leis na cáipéisí féin. Gearrfar táille riaracháin as na cáipéisí a scanadh agus a uaslódáil chuig CBRF. Mar sin féin, ní mór an measúnú ar líne agus an glacadh ról a dhéanamh tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta.

Tabhair do d’aire;

    1.    Ní mór don Deimhnitheoir Sannta a bheith ina Innealtóir Cláraithe Cairte, ina Ailtire Cláraithe, nó ina 

                  Suirbhéir   Foirgníochta Cláraithe.

2     Ní mór don tógálaí a bheith inniúil ar na hoibreacha a dhéanamh de réir na líníochtaí agus sonraíochtaí 

       leagtha isteach agus de réir na rialachán foirgníochta. Ní chuireann na Rialacháin aon bhac ar an úinéir féin

       a bheith ina thógálaí chomh maith.

3      Ní mór do na líníochtaí, áirimh, agus sonraíochtaí a léiriú mar a chloífidh na hoibreacha nó an obair tógála

       le riachtanais theicniúla na Rialachán Foirgníochta.

4     Ní chun críche rialála pleanála a dearadh na líníochtaí a leag tú isteach le d'iarratas ar chead pleanála,

       agus is dóchúil nach mbeidh siad sásúil mar fhianaise ar chomhlíonadh na Rialachán Foirgníochta, ná

       chun tógálaí a threorú i gceart sna hoibreacha.

3. ‘Fógra Tosaithe le Caipéisíocht – An Próiseas Diúltaithe’

Más árais chónaitheacha aonair nua atá i gceist, suite ar aonad aonair forbartha, nó más síneadh le háras cónaithe baile atá i gceist, tá sé de chead ag na húinéirí sin diúltiú do na rialacháin a chuireann iallach orthu deimhnithe reachtúla a fháil ó dhaoine gairmiúla cláraithe san earnáil foirgníochta. Má roghnaítear an bealach diúltaithe seo ní gá don áras cónaithe aonair, ná síneadh leis, a bheith deartha, iniúchta agus deimhnithe ag lucht gairme cláraithe san earnáil foirgníochta. Sa chás áirithe seo, ní mór na cáipéisí a leanas a leagan isteach in éineacht leis an bhFógra Tosaithe:

- na pleananna, áirimh, sonraíochtaí agus mionsonraí sin is riachtanach lena léiriú mar a chloífear na hoibreacha nó an foirgneamh molta le riachtanais an Dara Sceideal de na Rialachán Foirgníochta. Áirítear leis seo—

  1.    líníochtaí de na pleananna ginearálta lena n-áirítear bonnchlónna, gearrthacha agus ingearchlónna;
  2.    sceideal na bpleananna, áireamh, sonraíochtaí agus mionsonraí seo de réir mar atá siad leagtha amach cheana féin

          nó mar a bheidh siad leagtha amach nuair a ullmhófar iad níos déanaí;

    3.   measúnú a dhéanamh ar líne tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta, ina ndéantar an cur chuige i

         dtreo chomhlíonadh riachtanais an Dara Sceideal de na Rialacháin Foirgníochta a mheas; agus

- na deimhnithe agus fógraí a leanas, comhlíonta ar na foirmeacha cuí—

1.   Fógra um Shannadh Tógálaí,

2.   Fógra Intinne diúltú don Deimhniúchán Reachtúil, agus

- an táille chuí.

Sa chás nach féidir leat an Fógra Tosaithe agus na cáipéisí ábhartha a uaslódáil ar CBRF, glacfaidh an tÚdarás Rialaithe Tógála leis na cáipéisí féin. Gearrfar táille riaracháin as na cáipéisí a scanadh agus a uaslódáil chuig CBRF. Mar sin féin, ní mór an measúnú ar líne agus an glacadh ról a dhéanamh tríd an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta.

‘Fógra 7 Lá’

Sa chás go bhfuil sé beartaithe Fógra 7 Lá a dhéanamh (i gcás oibreacha a dteastaíonn Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán), ní mór na cáipéisí thuasluaite faoi uimhir 2 a leagan isteach mar aon le dearbhú reachtúil agus iarratas bailí ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán.

“Deimhniú um Chomhlíonadh ar Chríochnú”

Ní mór Deimhniú um Chomhlíonadh ar Chríochnú a leagan isteach ar chríochnú na hoibre ar fhoirgnimh a raibh ‘fógra tosaithe le cáipéisíocht’ ag teastáil lena n-aghaidh, agus obair ar árais aonair chónaitheacha nua suite ar aonad aonair forbartha agus síntí le hárais chónaitheacha baile nár dhiúltaigh do na rialacháin. Ní mór an Plean Iniúchta comhlánaithe ag an  Deimhnitheoir Sannta a leagan isteach leis an Deimhniú seo, mar aon le haon pleananna, áirimh, sonraíochtaí, agus mionsonraí a léiríonn aon difríochtaí idir an foirgneamh mar a cuireadh i gcrích é agus na pleananna, áirimh, sonraíochtaí agus mionsonraí a leagadh isteach ar an gcéad dul síos, agus mar a chomhlíonann na hoibreacha riachtanais an Dara Sceideal de na Rialacháin Foirgníochta.

I gcásanna a éilítear “Deimhniú um Chomhlíonadh ar a Chríochnú”, ní mór, de réir na Rialachán um Rialú Foirgníochta 1997 go 2015, an Deimhniú sin a chur faoi bhráid an Údaráis um Rialú Tógála agus a bheith curtha leis an gClár Poiblí sular féidir an foirgneamh a oscailt, a áitiú ná a úsáid go dleathach.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais faoin Acht um Rialú Foirgníochta agus na Rialacháin Foirgníochta ar fáil ar an suíomh idirlín againn anseo.

Tá nóta faisnéise eisithe ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtas Áitiúil d'úinéirí áras cónaithe nua agus síntí leo a dhiúltaíonn don Deimhniúchán Reachtúil um Rialú Foirgníochta. Tá sé seo ar fáil - i mBéarla amháin - ar http://www.environ.ie/en/Legislation/DevelopmentandHousing/BuildingStandards/FileDownLoad,42563,en.pdf.