Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Rialú Tógála > An Bhaint atá ag Pleanáil le Rialú Foirgníochta

Na Rialacháin agus na Treoircháipéisí Teichniúla

Na Rialacháin agus na Treoircháipéisí Teicniúla

 

Rialacháin Foirgníochta

Sna rialacháin seo, leagtar síos rialacha maidir le sláinte, sábháilteacht agus leas daoine, chomh maith le rialacha faoi choinne breosla agus fuinneamh a chaomhnú mar aon le rochtain a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Is iad na dearthóirí, na tógalaithe agus úinéirí na bhfoirgneamh atá freagrach go príomha as cloí leis na rialacháin. Is éard atá sna rialacháin seo ná sraith riachtanas dlíthiúil maidir le dearadh agus tógáil achan fhoirgneamh nua, síneadh tí, athruithe ábhartha ar fhoirgneamh, agus i gcásanna áirithe baineann siad le hathrú úsáide foirgnimh atá ann cheana féin. Tá an t-ábhar teicniúil maidir leis na riachtanais seo leagtha amach i dhá cheann déag de Threoircháipéisí Teicniúla. NÍ MÓR don obair thógála a bheith ar an gcaighdeán a éilítear sna rialacháin. Tá dhá chuid déag sna rialacháin, mar a leanas:

 

 

Má chuirtear na hoibreacha i gcrích de réir na dtreoracha atá leagtha amach sna Treoircháipéisí Teicniúla, is leor sin mar fhianaise prima facie gur cloíodh leis na Rialacháin Foirgníochta. Smaoinigh gur bunchaighdeán atá sna Treoircháipéisí Teicniúla, bunchaighdeán a chaithfear a bhaint amach faoi choinne na Rialacháin Foirgníochta a chomhlíonadh. Féadfaidh tú na Treoircháipéisí Teicniúla a cheannach ó Oifig Foilseacháin an Rialtais. Féadfaidh tú féachaint orthu fosta ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Údarás Áitiúil: http://www.environ.ie/en/TGD/.

 

Níl bac ar bith ar chur chuige atá éagsúil ó na treoircháipéisí an fhad is go bhfuil an cur chuige sin ag teacht le riachtanais na Rialachán. I gcás den tsórt sin, d’fhéadfadh an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta fianaise a iarraidh lena chinntiú go bhfuil riachtanais na Rialachán Foirgníochta á gcomhlíonadh.

 

 Is achoimre ar na rialacháin foirgníochta atá anseo, chan athbhreithniú mionsionraithe. Ba chóir do dhaoine comhairle ghairmiúil a fháil faoina gcás sonrach féin agus na treoircháipéisí teicniúla reatha chomh maith leis na rialacháin reatha a scrúdú.

 

 

Cuid A - Struchtúr

Ní mór foirgnimh a dhearadh agus a thógáil ar dhóigh nach ndéanfaidh bogadh/gluaiseacht fo-ithreach dochar ar bith do chobhsaíocht aon chuid den fhoirgneamh agus caithfidh struchtúr an fhoirgnimh a bheith slán. Ba chóir go mbeadh an foirgneamh deartha go gairmiúil ón dúshraith go dtí an díon.

 

 

Cuid B – Sábháilteacht ó Dhóiteán

Ní mór foirgnimh a dhearadh sa dóigh go mbeidh bealaí sásúla éalaithe ó thine ann. Ni mór cosaintí cuí in aghaidh dóiteáin, ar nós, córas aláraim srl a bheith san fhoirgneamh. Ní mór do líneáil na mballaí agus na síleála a bheith ábalta bac a chur ar leathadh tine. Ní mór do na ballaí, urláir agus díonta a bheith ábalta seasamh in aghaidh leathadh tine idir foirgnimh éagsúla nó idir compháiteanna an fhoirgnimh. Ní mór bealach isteach a bheith ar fáil do sheirbhísí dóiteáin.

Bíonn Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán de dhíth i gcás formhór na bhfoirgneamh seachas tithe nua príobháideacha. Cliceáil anseo chun breis eolais a fháil faoi dheimhniú sábháilteachta ó dhóiteán.

  

Cuid C – Ullmhú an Láithreáin  agus Frithsheasmhacht in aghaidh Taisligh

Ní mór achan ábhar orgánach a ghlanadh amach as an ngiota talún ar a dtógtar an foirgneamh nua. Caithfear draenáil fo-ithreach a dhéanamh nuair is gá. Ní mór an foirgneamh a dhearadh agus a thógáil sa dóigh go mbeidh bac ar thaisleach teacht isteach ann.  Caithfear achan réamhchúram réasúnta a ghlacadh faoi choinne contúirt don tsláinte a sheachaint agus lena chinntiú go mbeidh sé sábháilte ó shubstaintí, éilleáin san áireamh.

 

 

Cuid D – Ábhar agus Saoirseacht

Ní mór ábhair chuí a úsáid sna hoibreacha uile agus an obair a dhéanamh ar dhóigh ghairmiúil. Ní mór de na hábhair ar fad a úsáidtear a bheith feiliúnach don úsáid atá beartaithe dóibh agus a bheith deimhnithe le marc CE agus/nó le faomhadh Bhord Agrément (Agrément Board).  

 

 

Cuid E - Fuaim

Ba chóir ballaí agus urláir a dhéanann foirgneamh a dheighilt ó fhoirgneamh eile, nó a dheighleann an t-áras cónaithe ó chuid eile den fhoirgneamh céanna - nach bhfuil mar chuid den áras conaithe - a bheith deartha agus tógtha sa dóigh go mbíonn frithsheasmhacht réasúnta aige in aghaidh fuaimeanna aeriompartha agus imbhuailte.  

 

 

Cuid F - Aeráil

Ba cheart go mbeadh bealach ginearálta éigin aerála (sa chúlra) agus modh aerála gasta i seomra ar bith a úsáidtear. Ba chóir go mbeadh córas meicniúil aerála ina theannta sin i gcistineacha, seomraí fóntais agus i seomraí folctha. D’fhéadfaí córas meicniúil aerála le hathshaothrú teasa (MVHR) a úsáid chun cloí leis na riachtanais um chóras aerála cúlra agus an chórais meicniúil aerála. Ní mór do shíleálacha a bheith sách ard ionas nach mbeadh bac ar aeráil na seomraí a bhítear a úsáid. Ní mór foirgnimh a dhearadh agus a thógáil sa dóigh nach mbeidh iomarca comhdhlúthaithe sa díon nó i bhfolús sa díon os cionn síleáil inslithe.

 

 

Cuid G - Sláinteachas

Ní mór seomra folctha le folcadán feistithe nó cithfholcadan agus báisín níocháin a bheith i ngach áit chónaithe, chomh maith le cistin le doirteal sách mór agus clár silte. Ní mór soláthar uisce te agus fuar a bheith sa seomra folctha agus sa chistin. Ní mór áiseanna sláintíochta cuí a bheith i bhfoirgneamh, sna seomraí atá curtha ar fáil don chuspóir sin amháin nó i seomraí folctha. Ní mór achan seomra nó seomra folctha ina bhfuil áiseanna sláintíochta a bheith deighilte amach ó áit ar bith ina mbítear ag ullmhú nó ag cócaráil bia. Ba chóir gur gaireas den chineál déshruthlaithe a bheadh feistithe más gaireas sruthlaithe láimhe atá ann?.

 

Cuid H – Draenáil agus Diúscairt Fuíolluisce

Ní mór fáil réidh le huisce dromchla agus fuíolluisce salach ar dhóigh cheart shábháilte i gcóras draenála cuí a dearadh don chuspóir sin. Ní mór córais cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a thógáil mar is cuí ionas go n-oibreoidh siad i gceart gan truailliú ná díobháil ar bith a dhéanamh do shláinte dhuine ar bith ná don timpeallacht.  

 

 

Cuid J – Gléasanna Ginte Teasa

Ní mór dóthain aeir a bheith ar fáil d’achan fhearas  faoi choinne dócháin agus sa dóigh go n-oibreoidh múcháin agus simléir go héifeachtach. Caithfear a chinntiú go mbeidh dóthain den ábhar dócháin á scaoileadh amach san aer. Caithfear píopaí múcháin, tinteáin agus simléir a dhearadh agus a thógáil ar dhóigh a laghdaíonn baol tine san fhoirgneamh. Ní mór umair stórála ola a chur in áit a mhaolóidh an baol go leathadh tine ón bhfoirgneamh go dtí an t-umar.

 

 

Cuid K – Staighrí, Dréimirí, Rampaí agus Ráillí/ Deiseanna Cosanta

Ní mór do staighrí, dréimirí, rampaí a bheith deartha agus tógtha sa dóigh go mbeidh na daoine a úsáideann an foirgneamh ábalta bogadh thart go sábháilte. Caithfidh taobhanna achan urlár agus balcóin srl a bheith cosanta chun baol titime a mhaolú/sheachaint. Ba chóir castóirí a sheachaint ar staighrí. Más gá iad a úsáid, ba chóir iad a chur ag íochtar an staighre. Ní mór taobh achan rampa feithicle agus urlár agus díon atá oscailte d’fheithiclí a bheith cosanta sa dóigh nach dtitfidh feithicil ar bith díobh.  

 

Cuid L – Breosla agus Fuinneamh a Chaomhnú

Ní mór foirgnimh a dhearadh agus a thógáil sa dóigh nach mbeidh de dhíth ach an méid fuinnimh is lú agus sa dóigh go n-astaítear a laghad CO2 agus is féidir. Ní mór a thaispeáint tríd an nGnáthamh Measúnaithe Fuinnimh d’Áiteanna Cónaithe (DEAP) nó tríd an nGnáthamh Measúnaithe Fuinnimh d’Áiteanna Neamhchónaithe (NEAP) i gcás foirgneamh nach áiteanna cónaithe iad, gur cloíodh leis na Rialacháin. 

Ní mór cuid den fhuinnneamh a úsáidtear in áiteanna cónaithe a bheith táirgthe ag foinsí fuinnimh inathnuaite. Ba chóir an foirgneamh a bheith inslithe mar is cuí agus srian a bheith curtha le droicheadú teirmeach. Ní mór tástáil teanndlús aeir a dheanamh, ní mór do choirí ola agus gáis cloí le bunchaighdeáin éifeachtúlachta séasúracha atá sonraithe agus caithfear rialtán uathoibríoch ama agus teochta a fheistiú faoi choinne spás agus uisce a théamh.   Ní mór srian a chur leis an méid teasa a chailltear trí phíopaí, duchtanna agus soithí.

I gcás foirgneamh neamhchónaithe, ba chóir ábhar tógála an fhoirgnimh a roghnú sa dóigh go laghdaítear caillteanas teasa agus go méadaítear gnóthachain teasa. Ní mór seirbhísí téite uisce agus spáis atá ar mhéid chuí, atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de agus inrialaithe mar is cuí, a fheistiú.  Ní mór srian a chur le caillteanas agus gnóthachain teasa trí phíopaí, duchtanna agus soithí. Ní mór córas éifeachtach soilse ó thaobh fuinnimh de a fheistiú.  

De réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh) 2006 -2008, tá Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) agus tuairisc chomhairleach de dhíth sula n-úsáidtear an fhoirgneamh den chéad uair nó sula ndéantar é a fhógairt le díol nó le ligean ar cíos.

Breis eolais faoi Bhreosla agus Fuinneamh a Chaomhnú ar fáil anseo:

 

Cuid M  - Rochtain agus Úsáid

Caithfidh daoine a bheith in ann teacht chuig, dul isteach in, agus úsáid a bhaint as foirgneamh,  i síneadh atá curtha leis an fhoirgneamh,  áiseanna an fhoirgnimh agus an limistéar mórthimpeall air go sábháilte agus go neamhspleách. I gcásanna a bhfuil áiseanna sláintíocha curtha ar fáil, ní mór áiseanna ar féidir dul isteach iontu go neamhspleách a sholáthar. Níor chóir go gcruthódh gnéithe den fhoirgneamh baol míchuí do dhaoine, go háirithe daoine le lagamharc, le lagéisteacht nó le míchumas soghluaiste.

 Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi Dheimhnithe Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.