Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Pleananna Forbartha, Oidhreacht Thógtha & Deontais > Plean Iompair Áitiúil Leitir Ceanainn.

Plean Iompair Áitiúil á ullmhú do Leitir Ceanainn.

Plean Iompair Áitiúil á ullmhú do Leitir Ceanainn.

 

 

 

Tá Beartas Náisiúnta, mar atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta Pleanála (CNP) agus i Straitéis Athrú Aeráide na hÉireann, ag croílár an Phlean Iompair Áitiúil seo, beartais ina bhfuil spriocanna chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trí mhodhanna taistil níos inbhuanaithe a sholáthar agus a spreagadh mar mhalairt ar iompar atá bunaithe ar an charr.

 

Is é Tionscadal Éireann 2040 an mórthionscnamh atá ag an rialtas le tír níos fearr a dhéanamh d’Éirinn agus tá an CNP agus an Plean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 (PFN) araon mar chuid de.   Aithníonn an CNP tábhacht an athraithe aeráide ina Thoradh Náisiúnta Straitéiseach (TNS) 4, a bhaineann le ‘Soghluaiseacht Inbhuanaithe’ agus TNS 8 ag cinntiú ‘Aistriú go dtí Sochaí Ísealcharbóin atá seasmhach ó thaobh na hAeráide’.

 

Sa Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochta (SRSE) do réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, leagtar amach riachtanas creata chun Plan Iompair Áitiúil (PIÁ) a ullmhú do cheantar sainithe ‘Réigiúnach’ Leitir Ceanainn. Is é a dhéanfaidh an PIÁ: scrúdú a dhéanamh ar a laghad roghanna eile atá ann seachas an carr agus patrúin úsáide talún chun cuidiú le hathrú córa iompair a dhéanamh i dtaca le hiompar poiblí, siúl agus rothaíocht; feachaint le dul i ngleic le saincheisteanna reatha agus fadhbanna amach anseo sa ghréasán iompair ar an bhaile; agus seo á dheanamh againn, cuirfear mionscagadh ar fáil ar chúrsaí taistil mar atá siad faoi láthair agus roinnt idirghníomhaíochtaí agus moltaí a chur chun tosaigh le haghaidh taisteal gníomhach, réitigh bóthar-bhunaithe ar a n-áirítítear na bealaí straitéiseacha, agus réitigh chun níos mó iompar poiblí a sholáthar agus daoine a spreagadh le níos mó úsáide a bhaint as.

 

 

 

 

Iarrann Comhairle Contae Dhún na nGall do chuidiú leis an Phlean seo a ullmhú tríd an nasc seo a leanúint agus an suirbhé gairid seo a líonadh isteach.  Nasc chuig an Suirbhé

 

Beidh sé seo ina chuidiú mór ó thaobh eolais de leis an PIÁ a ullmhú agus cuideoidh sé linn nuair a bheas comhairliúchán breise ar siúl ag an chéad chéim eile d’fhoilsiú an Dréacht PIÁ in 2021.  Ba mhaith linn a chluinstin ó gach aoisghrúpa agus ó gach réimse den tsochaí maidir leis an taithí agus na tuairimí atá acu ó thaobh cúrsaí taistil agus iompair ar Bhonneagar Iompair Leitir Ceanainn.

 

 Beidh an suirbhé oscailte ón Aoine 25 Meán Fómhair 2020 go dtí an Aoine 16 Deireadh Fómhair 2020 agus is féidir é a líonadh isteach ar líne tríd an nasc leis seo a leanúint.  Beidh an t-eolas ó na freagróirí uilig gan ainm agus úsáidfear é chun cuidiú leis an PIÁ do Leitir Ceanainn a ullmhú.