Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Eastáit gan chríochnú

Eastáit Tithíochta Neamhchríochnaithe

Thíos faoi seo tá liosta de na Forbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe i nDún na nGall atá i dteideal tarscaoilte ón Cháin Mhaoine in 2013. Tabhair faoi deara, le do thoil, i gcásanna áirithe nach mbaineann an tarscaoileadh ach le roinnt maoine agus gur féidir nach bhfuil an fhorbairt iomlán saor ó dhualgas chun íoc. Ar mhaithe le tagairt a éascú, tá na liostaí roinnte de réir Toghcheantar Áitiúil agus Comhairlí Baile.

Má tá an fhorbairt s'agatsa aitheanta ar na liostaí thíos, ba chóir duit Nasc Uimh. 2 a leanúint (féach naisc úsáideacha thíos) le hamharc ar d'fhorbairt ar léarscáil idirghníomhach na Comhairle. An chuid sin de d'fhorbairt a mheastar a bheith i 'nDrochstaid ar fad', beidh líne dhearg thart air sin. Má tá an mhaoin s'agatsa laistigh den líne dhearg is amhlaidh go bhfuil tú i dteideal tarscaoilte ón Cháin Mhaoine Áitiúil 2013.

Mar mhalairt air sin, d'fhéadfá Nasc Uimh. 1 a leanúint (féach naisc úsáideacha thíos) agus amharc ar d'fhorbairt ar léarscáil i bhformáid pdf atá curtha ar fáil ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (RCPRÁ).

Naisc Úsáideacha

  1. Léarscáileanna d'Fhorbairtí a bhfuil tarscaoileadh ón Cháin Mhaoine Áitiúil i bhfeidhm iontu  (Léarscáileanna de cheantracha ina bhfuil forbairtí tithíochta neamhchríochnaithe atá i dteideal tarscaoilte ón Cháin Mhaoine Áitiúil, 2013 i bhFormáid PDF, arna sholáthar ag an RCPRÁ)
  2. Léarscáil idirghníomhach ag tabhairt eolais faoi na forbairtí lena mbaineann an Tarscaoileadh ón Cháin Mhaoine Áitiúil - Léarscáil idirghníomhach de chuid na Comhairle ag imlíniú na gceantracha sin ina bhfuil forbairtí tithíochta neamhchríochnaithe a mheastar a bheith i nDrochstaid ar Fad (agus a bhfuil maoine críochnaithe iontu) agus dá bharr sin, atá i dteideal tarscaoilte ón Cháin Mhaoine Áitiúil, 2013
  3. Fógra an Rialtais (Preas-Ráiteas) i dtaca le Forbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe agus an Cháin Mhaoine Áitiúil 2013
  4. An Liosta Náisiúnta Tarscaoilte mar atá ordaithe ag an Aire agus leagtha amach sna Rialacháin Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2013
  5. Ceisteanna Coitianta arna soláthar ag Na Coimisinéirí Ioncaim

 

Dá mba mhaith leat teacht ar eolas breise mínithe d'fhéadfaí na paragraif a leanann faoi seo, agus Ceisteanna Coitianta na Comhairle atá curtha ar fáil ag an deireadh, a bheith ina gcuidiú.

 

Rinneadh Suirbhé Náisiúnta ar Fhorbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe in 2011. Na forbairtí neamhchríochnaithe a aithníodh sa tsuirbhé in 2011, cuireadh i gceann amháin de cheithre aicme iad, mar atá Aicmí 1, 2, 3 & 4. Go háirithe, cuireadh Forbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe in Aicmí 3 nó 4 de réir na gcritéar seo a leanas:

Aicme 3 - (i) forbróir ar fáil, (ii) níl aon ghníomh ar an tsuíomh, (iii) tá an forbróir freagrach as sábháilteacht phoiblí, (iv) tá deacrachtaí móra sábháilteachta poiblí i gceist.

Aicme 4 - (i) níl aon obair thógála ag tarlú ar an tsuíomh, (ii) níl aon ghlacadóir ceaptha, (iii) tá ceisteanna móra sábháilteachta poiblí ann, (iv) theip ar iarrachtaí teagmháil a dhéanamh le forbróir/úinéir, (v) theip ar iarrachtaí tabhairt ar an fhorbróir/úinéir dul i ngleic le ceisteanna sábháilteachta, (vi) is beag an dóchas go mbeadh toradh gasta/rathúil ar fhorfheidhmiú an dlí.

Sa bhliain 2012, tugadh isteach an Muirear Teaghlaigh bliantúil. Na Forbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe sin a aicmíodh in Aicme 3 nó 4 i Suirbhé Náisiúnta 2011, bhí siad i dteideal tarscaoilte agus ní raibh orthu an Muirear Teaghlaigh a íoc in 2012 (Tá an t-eolas seo ar fáil ar http://www.housing.ie/).

Ina dhiaidh seo, rinneadh an Suirbhé Náisiúnta ar Fhorbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe arís i rith an tsamhraidh in 2012. Tá an suirbhé seo ar fáil le hamharc air ag an nasc seo a leanas:

Suirbhé Náisiúnta ar Fhorbairtí Tithíochta 2012 

Mar chuid den tSuirbhé Náisiúnta seo bhí ar gach Údarás Áitiúil, den chéad uair, suirbhé a dhéanamh ar gach Forbairt Tithíochta Neamhchríochnaithe ina gceantarsan le déanamh amach cad iad na forbairtí, nó na codanna sin d'fhorbairtí, a d'fhéadfadh a mheas a bheith 'i nDrochstaid ar Fad'.. Mheasfaí forbairt neamhchríochnaithe, nó cuid d'fhorbairt neamhchríochnaithe, a bheith 'i nDrochstaid ar Fad' dá mba rud é nár éirigh leis na critéir náisiúnta chomhsheasmhacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  1. Soilsiú poiblí a chur isteach agus a choimisiúnú (ba chóir ceisteanna cothabhála ina dhiaidh sin, ar nós lampa aonarach a bheith as feidhm srl a chur as an áireamh).
  2. Soláthar uisce inólta a chur ar fáil.
  3. Córais bhailithe, chóireála agus dhiúrscartha fuíolluisce a sholáthar (má chuirtear iad seo ar fáil ar bhonn neamhspleách le freastal ar an fhorbairt neamhchríochnaithe ar leith sin) a bheadh maith go leor le nach mbeadh, i mbarúil an Údaráis Áitiúil, aon truailliú nó aon cheist sábháilteachta poiblí ag baint leo.
  4. Bóthar rochtana chuig, ar a laghad, leibhéal an bhunchúrsa (ar a n-áirítear, nuair is gá, soláthar páirceála).
  5. Rochtain chuig an teaghais a sholáthar trí chosán tógtha.
  6. Spás oscailte a sholáthar a bheadh leordhóthanach le freastal ar riachtanas taitneamhachta na teaghaise ceadaithe agus a bheadh ag fóirstean le haghaidh rochtana agus le haghaidh úsáide ag baill den phobal.

    N.B. Ní mheasfaí forbairt a bheith i ndrochstaid ar fad sa chás go mbíonn easnaimh nó lochtanna i dtírdhreachú an spáis phoiblí nó a chomhionann (m.s. plandáil crann). Ar a bharr sin, i dtaca le forbairtí a thógtar ar bhonn céimiúil, is leor má chomhlíonann céimeanna eile den fhorbairt na critéir thuas maidir le rochtain ar spás oscailte poiblí.

In 2013 socraíodh ar an Cháin Mhaoine Áitiúil a thabhairt isteach in áit an Mhuirir Theaghlaigh Bhliantúil. De réir taithí a fuarthas ó na socruithe tarscaoilte ón Mhuirear Teaghlaigh in 2012 léiríodh go raibh gá le modheolaíocht níos iontaofa agus níos comhsheasmhaí leis na cúinsí a oibriú amach ina gceadófaí tarscaoileadh ón Cháin Mhaoine Áitiúil in 2013. Shocraigh an tAire gurb é an dóigh is cothroime agus is comhsheasmhaí le liosta tarscaoilte a fhorbairt don Cháin Mhaoine in 2013 ná brath ar na forbairtí neamhchríochnaithe sin, nó ar chodanna d'fhorbairtí neamhchríochnaithe, a measadh a bheith 'i nDrochstaid ar Fad' agus a aithníodh sa tSuirbhé in 2012.

Tá liosta d'fhorbairtí neamhchríochnaithe forordaithe agus foilsithe ag an Aire anois, atá ina n-iomláine nó i bpáirt, i dteideal tarscaoilte ón Cháin Mhaoine Áitiúil in 2013. San áireamh sa liosta seo tá Forbairtí Tithíochta Neamhchríochnaithe, nó codanna díobh sin, a mheastar a bheith 'i nDrochstaid ar Fad' agus ina bhfuil maoine críochnaithe. N.B - tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nár measadh go raibh gach forbairt tithíochta neamhchríochnaithe 'i nDrochstaid ar Fad'. Ar a bharr sin, níl gach forbairt neamhchríochnaithe a mheastar a bheith aicmithe 'i nDrochstaid ar Fad', níl siad uilig clúdaithe ag an tarscaoileadh. Is amhlaidh seo mar na forbairtí sin a bhfuil fadhbanna leo, ach nach bhfuil tithe críochnaithe iontu, níor ceapadh iad mar gur ar úinéirí tí amháin a thiteann dliteanas.

 

Ceisteanna Coitianta arna soláthar ag Comhairle Contae Dhún na nGall